Tá an ‘Christmas Shoebox appeal’ ar ais i mbliana agus tá muidne i gColáiste Ailigh ag bailiú boscaí chun cuidiú leis. Níl le déanamh ach seán bosca bróg a chlúdach le páipéar daite agus é a líonadh le bronntanais dheasa oiriúnach don aois grúpa roghnaithe. Tá na lipéadaí agus bileog eolais ar fáil ó Mháistreás Ni Chanainn.
Físeáin gairid déanta ag pobal na scoile do 100% Cúiteamh Mica! Pobal Coláiste Ailigh inár seasamh le chéile lenár dteaghlaigh. Standing together with our families for 100% mica redress!!
Seo an 5ú agus 6ú bl rang ealaín a bhí ar chuairt inniu ag Teach Gléibe agus gailearaí ealaíne. Bhuail muid le hiardhalta Susie Ní Chuinneagán atá ag obair ar chúrsaí ealaíne le Foireann na Gléibe faoi lathair. Bhí lá ar dóigh ag gach duine lán le hinspioráid don chéad saothar ealaíne eile!!
Comhghairdeas le daltaí Ardteistiméireachta na scoile inniu ach go háirithe le hOisín Ó Fearáin a ghnóthaigh ocht A1 agus le Liam Ó Hannagáin a ghnóthaigh 625 pointe freisin! Éacht iontach!
Buíochas le Seamus Devenney as ucht an t-am agus an fonn a chur sé isteach ‘sna ceardlainn le daltaí ceoi na scoile. Féach anseo do shamplaí den rithim!
Ag comórtas áitiúil anseo i nDún na nGall bhuaigh Eoghan duais timpeallachta céad áit lena thionscnamh “Beef or Leaf”, agus ansin ag an chomórtas náisiúnta, bronnadh ceann de na príomhghradaim ar Eoghan. Mar chuid den duais sin beidh Eoghan mar ionadaí na hÉireann ar an chlár idirnáisiúnta de chuid “Broadcom MASTERS” atá ar siúl an tseachtain seo chugainn ar líne. Seo cuid de na céardlainn a rinne Eoghan i rith na seachtaine mar chuid den rannpháirtíocht: Ceardlann le NASA ó ionad spáis Ó Cinnéide, (Kennedy space center); le CERN ón Eoraip ar taighde Fisic; Ceardlann ón Marine Rescue Centre, Florida; le Institiúid Smithsonian agus ceearclann eile le na 26 scoláirí eile a fuair go ceannais Broadmasters ó 22 tír thart ar an domhain.
Guíonn muid gach rath ar Eoghan, agus níl amhras dá laghad ann ach go mbeidh sé ina shár-ambasadóir ní hamháin do Choláiste Ailigh, ach don tír ar fad.
Comhghairdeas le hEoghan, agus le múinteoir Eolaíochta Máistreás Ní Laighneach.
Comhghairdeas le Pól Mac Giolla Easpaig agus Shauna Ní Uiginna bheidh mar phríomhchinnirí an bhliain seo chugainn agus le Cathal MacGairbheith agus Aoife Ní Mhurchadha a bheidh mar leas-phríomhchinnirí, anseo le comhordaitheoir Chomhairle na nDaltaí Máistreás Ní Laighneach.
In ainneoin na Coivide d’éirigh linn ócáid bronnta duaiseanna a bheith againn sa scoil chun gaiscí na ndaltaí a cheiliúradh. Bhí an searmanas le feiceáil beo ar zoom agus is féidir é a fheiceáil ar YouTube na scoile. Seo agaibh samplaí de bhronnta an lae:
An bhfuil rud ar bith níos deise ná BBQ trathnóna Aoine grianmhar? Seo agaibh na múinteoirí i mbun cócaireachta chun burgair agus breocairí teo a chur ar fáil do dhaltaí agus foireann na scoile.
Comhghairdeas mór le Clara Ní Mhatha a bhain as duais don tionscnamh is fearr i gcomórtas Cumann Staire Dhún na nGall. Tháinig Seán Ó Cnáimhsí, Uachtarán Chumann Staire Dhún na nGall agus Pádraig Ó Shealbhaigh ón Chumann isteach inniu chun an duais bhronnadh ar Chlara, anseo leis an múinteoir staire Máistir Mac a’Bhaird. Bhí an tUachtarán lán moladh don tionscnamh cuimsitheach, fiúntach agus tá sé ar intinn é a chrochadh in iarsmalann Dhún na nGall. Maith thú Clara!
Seán Ó Cnáimhsí, Uachtarán Chumann Staire Dhún na nGall ag bronnadh duais don tionscnamh is fearr Staire ar Chlara Ní Mhatha, anseo leis an Máistir Mac a’Bhaird agus Pádraig Ó Shealbhaigh ón Chumann Staire