Polasaí maidir le Cosaint Sonraí

 

Polasaí maidir le Cosaint Sonraí

 

Réamhrá

Baineann an polasaí seo le foireann na scoile, múinteoirí, tuismitheoirí, caomhnóirí, daltaí agus an Bord Bainistíochta.

‘Séard is cosaint sonraí ann ná modh ina ndéantar cosaint ar chearta chun príobháideachta dhaoine maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta. Tagann na cearta sin i bhfeidhm nuair atá faisnéis á choimeád ar ríomhaire nó i bhfoirm lámhscríofa mar chuid de chóras comhdúcháin na scoile.

Aidhmeanna

Is í an aidhm leis an pholasaí seo na chun eolas tábhachtach faoi phobal na scoile a choinneáil ar bhealach cuí ar mhaithe le leas agus forbairt na scoile. De réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (leasaithe) tá oibleagáid ar an scoil sonraí  a bhaineann le pobal uile na scoile a chosaint faoi réir ag na hocht rialacha cosanta sonraí seo a leanas:

  • An fhaisnéis a fháil agus a phróiseáil go cóir
  • Í a choimeád do shainchuspóir amháin nó níos mó atá follasach agus dleathach
  • Í a úsáid agus a nochtadh ar shlite atá comhoiriúnach leis na cuspóirí sin amháin
  • Í a choimeád slán agus sábháilte
  • Í a choimeád cruinn, iomlán agus nuashonraithe
  • Deimhin a dhéanamh de gur leor í, go bhfuil sí ábhartha agus nach bhfuil an iomarca ann
  • Gan í a choimeád ar feadh tréimhse níos faide ná mar atá riachtanach.
  • Cóip a thabhairt do duine da shonraí pearsanta, ar iarratas.

Taifid Sonraí

Cuimsíonn an scoil na sonraí pearsanta seo a leanas ar bhealach cuí ar mhaithe le leas agus forbairt na scoile:

Taifid Foirne

D’fhéadfadh go mbeadh seo a leanas cuimsithe iontu:

  • Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála
  • Dáta breithe, uimhir PPS
  • Stádas pósta agus teaghlaigh
  • Cúlra oideachais nó cúlra ó iar-fhostaíocht
  • Taifid iarratais agus cheapacháin
  • Taifid agallamh, teistiméireachtaí
  • Taifid ar cheapacháin i bpoist ina bhfuil ardú céime i gceist
  • Sonraí na n-asláithreachtaí faofa (sos gairme, saoire thuismitheoirí, saoire staidéir srl.)
  • Taifid de na cúrsaí inseirbhíse ar freastalaíodh orthu
  • Sonraí tuairiscí oibre (cáilíochtaí, ranganna múinte, ábhair srl)
  • Miontuairiscí ar chruinnithe foirne

Daltaí Scoile

D’fhéadfadh go mbeadh seo a leanas cuimsithe iontu:

  • ainm, seoladh agus sonraí teagmhála, uimhir PPS
  • ainmneacha agus seoltaí tuismitheoirí/caomhnóirí agus a sonraí teagmhála
  • aon choinníollacha ábhartha speisialta (m.sh. riachtanais oideachais speisialta, mórcheisteanna sláinte srl.) a d’fhéadfadh a bheith i gceist
  • Eolas ar thaifead acadúil
  • Measúnuithe siceolaíochta
  • Taifid fhreastail
  • Taifid acadúla – ábhair a ndearnadh staidéar orthu, torthaí scrúdaithe mar a ndearnadh taifeadadh orthu ar thuarascálacha oifigiúla Scoile
  • Taifid ar mhórghníomartha suntasacha
  • Taifid ar mhórcheisteanna iompair agus/nó pionóis gearrtha
  • Taifid eile m.sh. taifid ar aon ghortuithe/timpistí tromchúiseacha srl.

 

Taifid ar an Bhord Bhainistíochta

D’fhéadfadh go mbeadh seo a leanas cuimsithe iontu:

  • Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála gach ball den Bhord

Bainistíochta

  • Taifid maidir le ceapacháin chuig an Bhord
  • Miontuairiscí cruinnithe agus comhfhreagras ina bhféadfadh tagairtí do dhaoine aonair áirithe a bheith luaite.
  • Costais taistil íoctha, Uimhir PPS, sonraí cánach, sonraí bainc.

 

Iarratas rochtana

Ar iarratas rochtana a dhéanamh dó/di, tá aon duine aonair (faoi réir ag na srianta i Nóta A thíos); faoina gcoinnítear sonraí pearsanta, i dteideal, i measc aon cheart reachtúil eile, na nithe seo a leanas a fháil;

  • cóip de na sonraí a gcoinnítear faoi/fúithi
  • eolas faoin gcuspóir lena bpróiseáiltear a s(h)onraí
  • eolas faoi cé hiad a nochtadh na sonraí leo
  • eolas faoi cad as ar tógadh na sonraí muna bhfuil sé seo in aghaidh an leasa phoiblí

 

Chun iarratas rochtana a dhéanamh ní mór don duine aonair:

  • iarratas a chur i scríbhinn chuig Bord Bainistíochta na scoile
  • aon mhionsonraí a thabhairt a theastódh, b’fhéidir, chun cabhrú leis an scoil é/í a shainaithint agus gach faisnéis atá á coinneáil faoi/fúithi a aimsiú
  • táille rochtana a íoc más mian leis an scoil táille a ghearradh. Ní gá go ndéanfadh an scoil amhlaidh, ach má dhéanann ní ceadaithe an méid forordaithe, sé sin  €6.35, a shárú.

Éilimh rochtana a láimhseáil

  • Cuirfidh an scoil an fhaisnéis ar fáil go pras agus laistigh de 40 lá ón iarratas a bheith faighte nó, i gcás sonraí scrúdaithe, laistigh de 60 lá ón iarratas a bheith faighte nó laistigh de 60 lá ó chéad fhoilsiú na dtorthaí (pé acu is déanaí).
  • Déanfar an fhaisnéis a sholáthair i bhfoirm atá soiléir don ghnáthdhuine.
  • Cuirfear an duine ar an eolas laistigh de 40 lá ón iarratas más rud é nach bhfuil aon fhaisnéis coinnithe faoi/fúithi.
  • I gcás aon fhaisnéis mhícheart, déanfar é a cheartú nó a scriosadh amach laistigh de 40 lá ón dáta a rinneadh an t-iarratas.
  • Aisíocfar an táille a gearradh (má gearradh táille) don duine aonair muna gcomhlíontar an t-iarratas nó más gá na sonraí pearsanta i gceist a cheartú, a fhorlíonadh nó a scriosadh amach.

Nóta: Muna bhfuil an scoil ar an eolas ar a mhalairt, i scríbhinn, glacfar leis gur comhchaomhnóirí iad tuismitheoirí gach leanbh agus go bhfuil cead ag an scoil eolas a bhaineann leis an tuismitheoir eile nó leis an leanbh a roinnt leis an mbeirt acu.

Más rud é go bhfuil fógra tugtha don scoil go bhfuil céilí scartha óna chéile, beidh sé de cheart ag an scoil cead na dtuismitheoirí nó ordú caomhnóireachta nó aon fhianaise eile a lorg sula gcuireann siad faisnéis ar fáil.

Nóta A:
Iarratas rochtana ó mhic léinn  

  • Tá mic léinn a bhfuil 18 mbliana nó níos mó slánaithe acu i dteideal rochtana ar fhaisnéis phearsanta i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí.
  • Is féidir  rochtain ar a bhfaisnéis phearsanta a thabhairt do mhic léinn faoi 18 mbliana d’aois, ag brath ar aois an mhic léinn agus ar nádúr an taifid i.e. moltar mar seo:
    • más faisnéis ghnách, neamhchonspóideach atá inti (e.g. taifead toradh trialach) d’fhéadfaí rochtain a thabhairt don mhac léinn.
  • más faisnéis íogair atá inti, ba chóir toiliú tuismitheora/chaomhnóra a lorg.
  • má tá míchumas nó míshláinte de shaghas éigin ar an mac léinn a thógfadh óna c(h)umas an t-eolas a thuiscint, nó más dóichí go ndéanfadh nochtadh an eolais díobháil don duine aonair i gceist, ba chóir toiliú tuismitheora / chaomhnóra a lorg.

 

Slándáil

Cuireann bainistíocht Choláiste Ailigh fúthu bearta slándála cuí  i bhfeidhm a chinntíonn go bhfuil gach sonra pearsanta atá stóráilte sa scoil i bhfoirm lámhscríofa nó leictreonach cosanta in aghaidh  nochtadh neamhúdaraithe nó scrios.

Déantar athbhreithniú tréimhsiúil ar na beartais agus na cleachtais atá i bhfeidhm maidir le cosaint sonraí.

 

Faofa ag an mBord Bainistíochta                               Dáta   ____________
_________________________________________
Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta