Polasaí Theagmhais Chriticiúil

POLASAÍ THEAGMHAIS CHRITICIÚIL

Réamhrá:

Ag tráth amháin nó tráth eile tarlaíonn eachtraí trámacha, mar bhás tobann dalta nó múinteora de bharr timpiste nó tinnis. Is éard atá i gceist leis an pholasaí seo ná plean cuimsitheach scoile a fhorbairt ionas gur féidir déileáil go héifeachtach agus go tuisceanach leis an mhéid a thiteann amach i ndiaidh don teagmhas tarlú. Freisin bheadh sé mar aidhm ag an bpolasaí/bplean treoir a thabhairt chun a chinntiú go dtéann cúrsaí ar ais mar is gnách chomh luath agus is féidir agus go gcuirtear teorainn leis an tionchar a bhíonn ar an bhfoireann agus ar dhaltaí.

Sainmhíniú:

Aithníonn foireann agus bainistíocht Coláiste Ailigh gur ionann teagmhas criticiúil agus “teagmhas nó sraith imeachtaí ar bith threascraíonn gnáthmheicníocht déiléala na scoile”. D’fhéadfadh go mbainfeadh na teagmhais chriticiúla le dalta amháin nó ball foirne amháin nó le níos mó ná dalta amháin nó ball foirne amháin, nó le ball den phobal aitiúil. Is iad seo a leanas samplaí a cheaptar ar choir a luadh.

  • Cailleadh duine de phobal na scoile trí bhás tobann, timpiste, tinneas foirceanta nó féinmharú.
  • Timpiste ag baint le daltaí nó baill fhoirne ag an scoil nó lasmuigh di.
  • Ionsaí fisiciúil ar dhalta(í) nó ar bhall/bhaill fhoirne nó briseadh isteach sa scoil.
  • Dochar tromchúiseach d’fhoirgneamh na scoile de bharr dóiteáin, tuilte, loitiméireachta, srl.
  • Duine de phobal na scoile a dhul ar iarraidh.
  • Timpiste/tragóid sa phobal máguaird.

Aidhm:

Is í aidhm an Phlean Bainistíochta do Theagmhas Criticiúil (CIMP) cabhrú le bainistíocht agus foireann na scoile freagairt thapa agus éifeachtach a thabairt ar theagmhas, cabhrú linn smacht a choinneáil ar chúrsaí agus a chinntiú go dtairgtear tacaíocht chuí do dhaltaí agus don fhoireann. Ba choir gur chabhair é dea-phlean a bheith ag an scoil chun a chinntiú go mbeidh teorainn leis na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag teagmhas ar na daltaí agus ar an bhfoireann. Ba choir go gcuirfeadh an plean ar ár gcumas filleadh ar ghnáthghnáthaimh chomh luath is is féidir é.

Éiteas comhbhách tacúil agus a bheidh achmhainneach ar dhéileáil le deacrachtaí a chruthú sa scoil

Tá traidisiún láidir Cúram Tréadach sa scoil agus ba choir go luifeadh an polasaí seo leis i gcomhthéacs an bhéim atá curtha ar fhorbairt phearsanta na ndaltaí go fisiciúil agus go síceolaíoch.

Tá córais curtha i bhfeidhm againn a chabhróidh chun teach aniar a spreagadh i measc na foirine agus na ndaltaí, agus sa tslí sin iad a bheith ullmhaithe chun déileáil le raon de tharluithe saoil. Áirítear orthu sin polasaí chun aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht fhisiceach agus shíceolaíoch phobal na scoile.

Sábháilteacht fhisiceach:

Is iad seo a leanas rudaí atá a dhéanamh ag an scoil:

  • Polasaí sláinte agus sabháilteacht sa scoil
  • Plean aslonnaithe curtha i dtoll a chéile
  • Déantar druileanna rialta dóiteáin
  • Seiceáiltear slite amach agus múchtóirí dóiteáin go rialta
  • Rialacha an chlóis súgartha – le fáil sa pholasaí sláinte agus sabháilteacht

Sábháilteacht shíceolaíoch:

Tá sé mar aidhm ag bainistíocht agus ag foireann Colaiste Ailigh cláir agus acmhainní atá ar fail a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairt phearsanta agus shóisialta na ndaltaí, chun cur leis an meon sábháilteachta agus slándála sa scoil, agus chun deiseanna a chur ar fail chun machnamh a dhéanamh agus chun cúrsaí a phlé.

Is iad seo a leanas samplaí de rudaí atá a dhéanamh:

  • Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte a imeascadh le hobair na scoile. Tugtar aghaidh ar an imeascadh seo sa churaclam ar bhealach ina dtabharfaí aghaidh ar shaincheisteanna amhail léan agus caillteanas; scileanna cumarsáide; bainistiú struis agus oilc; teacht aniar; bainistiú coinbhleachta; réiteach fadhbanna; cabhair a lorg; bulaíocht; cinnteoireacht agus cosc ar úsáid agus ar mhí-úsaid alcóil agus drugaí, Áirítear meabhairshláinte a chur chun cinn leis an bhforáil sin.
  • Teacht ag an bhfoireann ar oiliúint ina ról maidir leis a gClár Oideachais Shóisialta, Phearsanta agus Sláinte.
  • An fhoireann eolach ar na Treoirlínte agus na Nósanna Imeachta maidir le Cosaint Leanaí agus mionsonraí ar fáil i dtaobh an chéad chéim eile chun cinn i gcás amhrais nó nochta.
  • Leabhair agus achmainní ar fáil leis na deacrachtaí a chuireann isteach ar dhaltaí.
  • Eolas tugtha don fhoireann sa réimse a bhaineann le feasacht faoi fhéinmharú agus le hidirghabhálacha le daltaí féinmharfacha.
  • Eolas curtha ar fáil ar mheabhairshláinte go ginearálta agus ar reimsí sonracha amhail comharthaí agus airí dúlagair agus imní.
  • Ceangail forbartha ag an scoil le roan gníomhaireachtaí seachtracha. i.e. Jigsaw, Donegal Youth Service agus araile.
  • Polasaí soileír sa scoil maidir le bulaíocht agus go ndéileálann an scoil le bulaíocht de réir an polasaí seo.
  • Córas cúraim i bhfeidhm sa scoil.
  • Go n-atreoraítear daltaí a aithnítear mar dhaltaí i mbaol chuig an mhuinteoir gairmthreoir, go gcíortar cásanna imní agus go dtugtar an leibhéal cuí cúnaimh agus tacaíochta. Go gcuirtear tuismitheoirí ar an eolas agus atreoraítear an dalta chuig an ngníomhhaireacht chuí más cuí.

Foireann Bainistíochta do Theagmhas Criticiúil (CIMT) 

Bunaíodh Foireann Bainistíochta do Theagmhas Criticiúil (CIMT) Coláiste Ailigh de réir dea-chleachtais. Roghnaíodh baill na Foirne ar bhonn deonach agus tá na róil sin acu ar feadh aon scoilbhliana amháin. Bíonn cruinniú ag baill na foirne le cheile uair sa bhliain chun athbreathniú a dhéanamh ar an polasaí agus ar an plean agus chun iad a thabhairt suas go dáta. Tá filltean sainithe do theagmhas criticiúil ag gach ball den fhoireann. Tá cóip den polasaí agus den phlean agus ábhair a bhaineann go sonrach lena ról istigh sa fhilltéan a bheidh le húsáid í gcás teagmhais.

Róil:

Trí na príomh thascanna a thagann chun cinn i ndiaidh do theagmhas titim amach a aithint beidh an scoil in ann rólanna agus na daoine a bheidh freagrach as tascanna éagsúla a shocrú. Beidh ról lárnach ag an Phríomhoide go ginearálta, agus beidh sé freagrach as go leor de na tascanna. Ní mór tascanna áirithe riaracháin a dhéanamh ar bhonn leanúnach ionas go mbeidh cumarsáid thapa éifeachtach ann sa chás go dtarlódh teagmhas criticiúil.

Aithnítear na rólanna seo a leanas mar chin lárnacha don Fhoireann Bainistíochta Theagmhas Criticiúl.

Ceannaire Foirne Micheál Ó Giobúin, Príomhoide
Teagmhálaí leis na Gardaí Micheál Ó Giobúin, Príomhoide
Teagmhálaí leis an bhFoireann Úna Ní Bhriain,Leas-Príomhoide & Maria Nic A Bhaird múinteoir ranga
Teagmhálaí leis na daltaí Helen Uí Cheallaigh, múinteoir gairmthreoir & Annmarie Ní Chanainn, Séiplíneach
Teagmhálaí leis na tuismitheoirí Micheál Ó Giobúin, Príomhoide & Celine Ui Ghallachóir, múinteoir OSPS
Teagmhálaí leis an bPobal Micheál Ó Giobúin, Príomhoide &    Úna Ní Bhriain, Leas-Phríomhoide
Teagmhálaí leis na Meáin Micheál Ó Giobúin, Príomhoide
Riarathóir Maria Nic A’Bhaird, múinteoir ranga & Máiread Uí Dhochartaigh, Rúnaí na scoile


Ceannaire Foirne

  • Cuireann an ceannaire baill na foirne ar an eolas trí web-téacs éigeandála agus glaoitear cruinniú éigeandála.
  • Déanann sé comhordú ar thascanna na foirne, ag dáileadh freagrachtaí éagsúla.
  • Déanann teagmháil leis an mBord Bainistíochta, ETB, An Roinn Oideachas agus Eolaíochta; NEPS; HSE; An Comisiún Scrudaithe Stáit, C na dt.
  • Déanann teagmháil leis an chlann atá faoi cheist.

*mura mbíonn an príomhoide í láthair, glacann an leas-príomhoide ról an cheannaire.

Teagmhálaí Gardaí

  • Déanann teagmháil leis na Gardaí.
  • Cinntíonn cruinneas an eachtra sula roinntear an t-eolas.

Teagmhálaí leis an bhfoireann

  • Cuireann an fhoireann ar an eolas faoi fhíricí ag an tús agus go rialta i rith an lae.
  • Tugtar deis don fhoireann ceisteanna a chur, mothúcháin a nochtadh agus tugann imlíne struchtúr an lae dóibh.
  • Tugtar comhairle don fhoireann maidir le daltaí i mbaol a aithint.
  • Tugtar acmhainní don fhoireann (ón fhillteán Teagmhas Chriticiúil)
  • Tacaíocht le múinteoirí faoi bhrú.
  • Cuirtear an fhoireann ar an eolas faoi seirbhísí tacaíochta atá ar fail dóibh.
  • Eagraítear ‘Seomra Machnaimh’ agus feitheoireacht cuí.

Teagmhálaí leis na daltaí

  • Bailíonn an múinteoir eolas ó na múinteoirí maidir le daltaí a cheaptar atá faoi bhrú.
  • Cuirtear daltaí atá faoi bhrú in aithne don Leas-Phríomhoide agus baill eile foirne.
  • Tugtar acmhainní ón fhillteán Teagmhas Chriticiúil do dhaltaí.
  • Coimeádann taifead do gach dalta atá feicthe ag seirbhísí seachtracha.

Teagmhálaí le tuismitheoirí

  • Tugtar cuairt ar an chlann faoi mhéala.
  • Eagraítear cruinniú le tuismitheoirí, más gá.
  • Éascú chruinniú ag freagairt ceisteanna, más ann dó.
  • Bainistiú ar ‘foirmeacha ceadúnais’ má gá leo de réir polasaí scoile.
  • Cinntíonn go bhfuil litreacha samplacha réidh ar an gcóras scoile.
  • Eagraítear seomra do chruinnithe tuismitheoirí.
  • Coinníonn taifead de na tuismitheoirí ar bualadh leo.
  • Castar le tuismitheoirí ar leith.
  • Cuirtear ábhair ábhartha ar fáil do thuismitheoirí (as an fhillteán ar theagmhas criticiúil)


Teagmhálaí leis an bPobal

  • Eagraítear agus coinníonn liosta reatha d’uimhreacha.
    1. Tuistí ar Chumann na dTuismitheoirí
    2. Seirbhísí Slándála & Eagraíochtaí eile cuí
  • Déantar teagmháil le grúpaí seachtracha éagsúla le haghaidh tacaíocht agus chun daltaí a atreorú.
  • Cinntíonn go bhfuil aitheantas ceart/bailíoch ag na daoine atá ag tabhairt tacaíochta.
  • Comhordú na seirbhísí tacaíochta uilig bainteach leis an Teagmhas Chriticiúil.
  • Meabhraíonn do dhaoine seachtracha lipéid ainm a chaitheamh.
  • Tugtar cuntas reatha ar cé hiad na heagraíochtaí uilig atá bainteach leis an Teagmhas Chriticiúil.

Teagmhálaí leis na meáin

  • Go mbeadh treoir cinnte leagtha amach faoi conas ceisteanna/iarratais ó na meáin a láimhseáil (agallaimh á chur ar dhaltaí, grianghrafanna á dtógáil sa scoil agus araile)
  • Go ndéanfaí teagmháil leis na heagraíochtaí cuí, i.e. gCoimisiún um Scrúdaithe Stáit, Ceárdcumainn na múinteoirí agus araile.
  • Scríobhfaidh ráiteas preasa, tabharfaidh agallaimh do na meáin.

Riarthóir

  • Coimeádann uimhreacha teileafóin na ndaoine seo a leanas:
    1. Tuismitheoirí/caomhnóirí
    2. Múinteoirí
    3. Seirbhísí Éigeandála
  • Freagraíonn glaonna gutháin agus glacann le teachtaireachtaí
  • Cinntíonn go bhfuil bunchóipeanna d’aon cháipéisí cuí ar fáil
  • Ullmhaíonn agus seolann litreacha, ríomhphoist agus facsanna
  • Fótachóipeálann ábhar cuí nuair/más gá
  • Déantar taifead ar cad a thiteann amach.

Coinneáil Taifead

I gcás teagmhais coinneoidh gach ball den fhoireann taifid de ghlaonna teleafóin a rinneadh agus a fuarthas, litreacha a seoladh agus a fuarthas, cruinnithe a tionóladh, daoine ar buaileadh leo, idirghabhálacha a úsáideadh, ábhar a úsáideadh agus araile. Beidh príomhról ag runaí na scoile agus riarthóir ó thaobh glaonna a fháil agus logáil, litreacha a sheoladh, fótachóipeanna a dhéanamh d’abhair, agus araile.

 

Tuisceanach ó thaobh rúndachta agus dea-chlú

Tá freagracht ar bhainistíocht agus ar fhoireann Colaiste Ailigh príobháideacht agus dea-chlú na ndaoine a raibh baint acu le teagmhas ar bith a chosaint agus beidh siad ar an airdeallach faoi na hiarmhairtí a bheadh ag ráitis phoiblí ar bith. Beidh baill forine na scoile airdheallach air seo agus cuirfidh siad rompu a chinntiú go ndéanfaidh na daltaí amhlaidh chomh maith.

Seomraí i gcomhair teagmhas criticiúil

Úsáidtear na seomraí seo a leanas i gcas teagmhas criticiúil:

  • Is é seomra cruinnithe an príomhsheomra a bheidh in úsáid chun bualadh leis an bhfoireann.
  • seomra bliain múinteoirí chun bualadh leis na daltaí
  • seomra leachta le haghaidh na dtuismitheoirí
  • seomra cruinnithe le haghaidh na meán
  • seomra tréadchúram le haghaidh seisiún duine le duine leis na daltaí agus
  • seomra leas-phríomhoide le haghaidh cuairteoirí eile.

 

Comhairliúchan agus cumarsáid maidir leis an bplean

Chuathas i gcomhairle leis and bhfoireann go léir agus lorgaíodh dtuairimí chun an polasaí agus an plean seo a ullmhú.

Cuireadh polasaí agus plean deiridh na scoile i ndáil le freagairt do theagmhais chriticiúla i láthair na foirne go léir.

Tá cóip phearsanta ag gach ball den fhorieann do theagmhas criticiúil.

Cuirfidh Maria Nic A Bhaird na baill nua agus baill shealadacha go léir ar an eolas faoi mhionsonraí an phlean.

Tabharfar an plean suas go dáta gach bliain ar mhí Dheireach Fómhair.


Foireann Bainistíochta do Theagmhas Criticiúil

Ról Ainm Uimhir Theileafóin (baile agus fón póca)
Ceannaire Foirne Micheál Ó Giobúin 074 9125963      086 3824979
Teagmhálaí leis na Gardaí Micheál Ó Giobúin 074 9125963      086 3824979
Teagmhálaí leis an bhfoireann Úna Ní Bhriain

Maria Nic A Bhaird

087 9068709

087 2450261

Teagmhálaí leis na daltaí Helen Uí Cheallaigh

Annmarie Ní Chanainn

086 8101801

086 0875066

Teagmhálaí leis na tuismitheoirí Priomoide                 Celine Uí Ghallachóír 086 3824979

086 8309820

Teagmhálaí leis an bpobal Proimhoide                  leas- Priomhoide 086 3824979

087 9068709

Teagmhálaí leis na meáin Priomoide 074 9125963      086 3824979
Riarthóir Maria Nic A Bhaird & Runaí na scoile 087 2450261

097 1740682

 

Gníomhartha gearrthéarmacha – Lá 1

Tasc Ainm
Bailigh eolas cruinn:

Cé, céard, cén uair, cén áit?

Tionóil cruinniú den Fhoireann Bainistíochta do Theagmhas Criticiúil (CIMT) – sonraigh am agus áit go soiléir
Déan teagmháil leis na gníomhaireachtaí seachtracha
Déan socruithe chun feitheoireacht a dhéanamh ar na daltaí
Tionóil cruinniú foirne An fhoireann go léir
Aontaigh ar sceideal an lae
Cuir daltaí ar an eolas- (d’fhéadfadh gur ghá an scéal a insint do dhlúthchairde agus do dhaltaí ag a bhfuil deacrachtaí foghlama astu féin)
Cuir liosta de dhaltaí goilliúnacha i dtoll a chéile
Déan teagmháil leis an teaghlach faoi léan/tabhair cuairt orthu
Ullmhaigh agus aontaigh ráiteas do na meáin agus déaileáil leis na meáin
Cuir na tuismitheoirí ar an eolas

 

Gníomhartha meántéarmacha – (Lá 2 agus na laethanta ina dhiaidh sin))

Tionóil cruinniú den Fhoireann Bainistíochta do Theagmhas Criticiúil (CIMT) chun súila chaitheadh siar ar tharluithe lá 1
Buail leis na gníomhaireachtaí seachtracha
Buail leis an bhfoireann go léir
Eagraigh tacaíocht do dhaltaí, don fhoireann, do thuismitheoirí
Tabhair cuairt ar na daoine atá gortaithe
Téigh i dteagmháil leis an teaghlach faoi léan maidir le socruithe sochraide
Aontaigh ar lucht freastail agus ar rannpháirtíocht sa tsochraid
Déan cinneadh faoin scoil a dhúnadh An Bord Bainistíochta

 

Obair leantach – tar éis 72 uair a chloig

Déan monatóireacht ar dhaltaí chun comharthaí go bhfuiltear fós faoi bhuairt a thabhairt faoi deara Múinteoirí Ranga
Déan teagmháil le gníomhaireachtaí maidir le hatreorú
Déan socruithe d’fhilleadh an dalta/ na ndaltaí faoi léan
Déan socruithe chun an ‘bosca cuimhneacháin’ a thabairt don teaghlach faoi léan
Déan cinneadh maidir le searmanais chuimhneacháin agus laethanta comórtha An Bord Bainistíochta/ An fhoireann agus tuismitheoirí
Caith súil siar ar an bhfreagairt don teagmhas agus leasaigh an plean An foireann/ An Bord Bainistíochta

 

Teagmhas Criticiúil

Liosta Teagmhála i gcás éigeandála

AN GHNÍOMHAIREACHT UIMHREACHA TEAGMHÁLA
An garda síochána (074) 91 67100
Ospidéal (074) 91 25888
An bhriogáid Dóiteáin /otharcharr 911
Dochtúirí teaghlaigh áitiúla 074 9129393
Feidhmeannacht na seirbhíse

Sláinte/foireann cúram pobail/

Ionad leanaí agus teaghlaig/

Seirbhisí sláinte mheabhrach do leanaí agus d’óganaigh

Buncrana – 074 9320420

 

Baile Dhún na ngall – 074 9723540

 

Leitir ceanainn – 074 9123672

0749123770

Siceolaí na seirbhíse náisiunta

Síceolaíochta oideachais

0879178592
An roinn oideachais agus eolaíochta 0906483600
Cumann múinteoirí éireann/ cumann na meánmhúinteoirí, éire/aontas múinteoirí éireann (01)4922588
An sagart paróiste/ an chléir (074)9121021
An comisiún um scrúdaithe staít (090)6442700
An tseirbhís chúhaimh d’fhostaithe 1800 411 057

 

Freagairt Géarchéime Teagmhas Criticiúil

Sainmhiniú

Ciallaíonn géarchéim teagmhas criticiúil nach féidir le gnáthmheicníochtaí na scoile deileáil lei agus a chuireann isteach go mór ar ghnáthreachtáil na scoile eg;

  • Bás nó baol báis duine den fhoireann nó dalta
  • Taisme ag baint le daltaí nó le baill foirne ar scoil nó taobh amuigh den scoil
  • Ionsaí fisiciúil ar dhuine den fhoireann nó ar dhalta
  • Mórdhamáiste déanta don scoil trí thine, trí mhaistíneach nó trí loitiméireacht
  • Duine den fhoireann nó dalta ar iarraidh gan táisc nó tuairisc
  • Tubaiste nó tragóid sa phobal

Tascanna Riaracháin

Beidh liosta uimhreacha gutháin ar fail do dhaltaí, do thuismitheoirí, do chaomhnóirí agus do mhúinteoirí agus beidh liosta uimhreacha gutháin do na seirbhisí tacaíochta éigeandála ar taispeáint sa seomra foirne agus in oifig an Phríomhoide. Cuirfear eolas éigeandála le chéile do thurais scoile. Beidh an t-eolas seo a leanas san áireamh: liosta do gach dalta/ball foirne atá páirteach agus an múinteoir atá i gceannas, liosta d’uimhreacha fón póca na múinteoirí tionlacain agus eolas cruinn suas chun dáta ar dhaltaí a bhfuil ailléirgí, tinneas srl. orthu  .

Má tharlaíonn eachtra chriticiúil déanfar idirchaidreamh le gníomhaíochtaí seachtracha ie. Seirbhisí éigeandála, an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, NEPS agus Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte. Déanfar idirchaidreamh fosta le tuismitheoirí, cuairteoirí cráite agus leis na meáin. Déantar cúram den fhoireann, de na daltaí go ginearálta agus do na daltaí is cóngaraí don eachtra a tharla nó do na daltaí is mó a bhfuil tionchar aige orthu.

Coinneoidh muid line teileafóin soar do ghlaonna tábhachtacha isteach agus amach. Cuirfidh muid seomraí ar fail fá choinne mioncheistiúcháin nó comhairleachta, fá choinne tuismitheoirí nó mar sheomra ciúin. Coinneoidh muid cuntas imeachtaí, ar litreacha chuig tuismitheoirí, ar ghlaonna teileafóin a rinneadh agus ar glacadh leo. Rachaidh muid ar aghaidh le gnáthchúram na scoile agus leanfar le gnathchúrsa an lae chomh fada agus is féidir do na ranganna nach bhfuil an oiread sin tionchair ag an eachtra orthu.

Nósanna Imeachta le leanúint dá dtarlódh eachtra chriticiúil

                                          Gníomhartha Gearrthéarma (an chéad lá)

Tá sé tábhachtach eolas cruinn a fháil faoin eachtra nó scaipfidh ráflaí a chuirfidh le buairt na ndaoine atá bainteach leis an eachtra. Beidh an t-eolas seo a leanas le fail againn: cad é a tharla, cén áit agus cén uair, cé chomh dona is atá na gortuithe, cén áit a bhfuil na daoine a gortaíodh agus nár gortaíodh, cé mhéad duine a bhí i gceist agus cad iad ainmneacha, an bhfuil baol ann go mbeidh tuilleadh gortuithe i gceist, cad iad na gníomhaireachtaí a bhfuil teagmháil déanta leo cheana féin.

Ansin déanfar teagmháil leis an gníomhaireachtaí cuí: seirbhísí éigeandála, seirbhísí leighis, ranna síceolaíochta an Fheimheannais Seirbhíse Sláinte, NEPS, an Bord Bainistíochta, an Coiste Gairmoideachais agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Cuirfear gach ball den fhoireann teagaisc ar an eolas chomh luath is féidir. Beidh filltéan ar fail ar an seilf uachtarach san oifig agus i Seomra na Múinteoirí le huimhreacha teagmhála do mhúinteorí, do thuismitheoirí do chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta agus do Phríomhfheidhmeannach an Choiste Gairmoideachais chomh maith le huimhreacha gutháin na seirbhísí eigéandála. Beidh uimhreacha teagmhála next to kin na múinteoirí ar fail san fhilltéan seo fosta. Maidir le turasanna scoile cuirfidh an scoil teileafón poca ar fail don mhúinteoir a bheas i gceannas ar an turas. Ba cheart don mhúinteoir atá i gceannas an filltéan leis na huimhreacha gutháin agus an fón poca a thabhairt lei/leis ar turas.

Déantar cruinniú a thionól leis an Fhoireann Bainistíochta Theagmhas Criticiúl. Ag an chruinniú clúdófar na hábhair seo a leannas:

  • Ráiteas de na firicí don fhoireann, do dhaltaí, do thuismithoirí agus do na meáin a chomhaontú. Beidh leagan scríofa de a bheith ar fail
  • Freagrachtaí a dháileadh amach don fhoireann Bainistíochta ar Eachtraí Criticiúla.
  • Duine a cheapadh chun déileáil le fiosruithe gutháin agus chun déileáil leis na meáin, scríobhfar amach ráiteas.
  • A chinntiú go mbeidh line teileafóin ar fail agus oscailte d’fhiosruithe.
  • Clár ama an lae a leagan amach
  • Cruinniú foirne a eagrú
  • Feitheoireacht daltaí le linn cruinniú a eagrú

Déanfar cruinniú foirne a thionól. Tabharfaidh muid cuntas ar na firicí atá ar eolas agus tabharfaidh muid deis don fhoireann a gcuid smaointe agus a gcuid mothúchán a chur in iúl. Aontófar ar conas ba cheart na firicí a roinnt leis na daltaí ag comhaontú ar an chur chuige. Leagfar amach clár ama an lae. Tabharfaidh muid eolas don fhoireann maidir le cad iad na gníomhaireachtaí seachtracha a bhfuil teagmháil déanta leo nó atá bainteach leis an chúram agus ar na cineálacha tacaíochta a chuirfear ar fail do dháltaí agus don fhoireann. Cuideoidh muid leis na múinteoirí iad féin a ullmhú chun an scéal a insint do dhaltaí. Oibreofar amach córas nó doigh chun daltaí leochaileacha a aithint.

Scaipfear ábhair achmainne cuí ar na múinteoirí. Tá cáipéisí acmhainní iontach úsáideach le fail ar chúl an Phacáiste Eolais agus Comhairle do Scoileanna dar teideal Ag freagairt do Theagmhais Chriticúla a d’fhoilsigh an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta thar ceann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Beidh cóip den phacáiste eolais ar fail in Oifig an Phríomhoide

Má tharlaíonn an eachtra chriticiúil taobh amuigh d’am scoile nó le linn laethanta saoire cuirfidh an Príomhoide, nó duine ag gníomhú ar a shon, gach múinteoir ar an eolas. Déanfar cruinniú a thionól leis an Fhoireann Bainistíochta Theagmhas Criticiúil agus níos moille déanfar cruinniú foirne a thionól más cuí.

Ag cur tuismitheoirí/ caomhnóirí ar an eolas

Déanfaidh muid teagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí pháistí a bhfuil baint dhíreach acu leis an eachtra chriticiúil chomh luath agus is féidir. Aontófar ar cén duine ar choir an t-eolas a roinnt le tuismitheoirí agus ar conas ba chóir é seo a dhéanamh. Tabharfaidh muid eolais ábhartha agus firiciúil do thuismitheoirí/ chaomhnóirí. Cuirfidh  muid seomra ar fail do dhaltaí atá trí chéile chun bualadh lena dtuismitheoirí/caomhnóirí agus tabharfaidh muid tacaíocht do thuismitheoirí atá leo féin nuair a thagann siad chuig an scoil.

Cuirfidh muid tuismitheoirí leanaí eile na scoile ar an eolas maidir leis an eachtra chriticiúil agus cuirfidh muid in iúl dóibh go dtiocfadh leis a leanbh féin a bheith trí na chéile. Seolfaidh muid litir chuig tuismitheoirí ag tabairt firicí agus mionsonraí ar an eachtra. B’fhéidir nach mbeidh sé foirsteanach ag an am seo ainmneacha na ndaoine a bhí bainteach leis an eachtra a thabhairt.

Ag cur daltaí ar an eolas

Inseoidh muid an scéal do dhlúthchairde agus do ghaolta an té atá marbh ar dtús agus déanfar seo in áit phríobháideach le roinnt doine ón Fhoireann Bainistíochta Theagmhas Criticiúil I láthair. Ansin inseoidh muid do rang an dalta atá marbh le roinnt daoine ón Fhoireann Bainistíochta Géarchéime I láthair fosta. Ansin inseoidh muid an scéal do gach rang go hindibhidúil sa scoil murab ionann agus ag Mórthionól Scoile. Bheadh paidir ar shon an duine atá marbh foirsteanach.

Tuigeann muid go gcaithfidh an ‘teachtaire’ a bheith foirsteanach mar creidtear gur daoine fásta a bhfuil aithne acu ar na leanaí is fearr de ghnáth chun tacaíocht a thabairt dóibh. Thiocfaidh le saineolaí ón taobh amuigh cuidiú le múinteoirí bheas ag tabhairt faoin tasc sin déanamh réidh fá na choinne nó comhairle nó tacaíocht leanúnach a sholáthar dóibh agus iad ina bhun.

Déanfaidh muid cinnte fíricí a thabhairt agus tuairimí a sheachaint. Cuideoidh seo le deireadh a chur le ráflaí a chuireann brú gan ghá ar dhaoine. Ligfidh muid do dhaltaí ceisteanna a chur, a scéal a insint agus a mothúcháin a chur in iúl. Cuideoidh muid le daltaí tuigbheáil go bhfuil mothúcháin fhíorláidre nádúrtha agus gur ghnáthmhothúcháin iad I ndiaidh d’eachtra chriticiúil tarlú. Reachtálfar seirbhís phaidreoireachta am inteacht le linn an lae do rang an té atá marbh nó don scoil uilig. Cuirfidh muid daltaí ar an eolas go mbeidh a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí á mbailiú chomh luath agus is féidir.

Ag déileáil leis na meáin

Ullmhóidh muid ráiteas scríofa do na méain ina mbeidh firicí maidir leis an eachtra, cad é atá déanta cheana féin, cad a dhéanfar agus eolas nó tuairimí dearfacha fán duine atá marbh. Má iarrtar ar an scoil agallamh beo a dhéanamh roghnóidh muid duine a bhfuil scil nó cleachtadh aige ar a bheith ag plé leis na méain. Caithfidh muid roinnt ama ag ullmhú don agallamh.

Coinnoidh muid an t-agallamh simplí agus gairid agus de réiri na bhfiricí. Mura mbíonn muid réidh nó má mheasann muid nach bhfuil sé cuí, diúltoidh muid agallamh a thabhairt. Cuirtear seomra ar leataobh do na meáin agus cuirfidh sé seo srian leis an teacht a bheas acu ar an fhoireann agus ar na daltaí. Molfar do dhaltaí agus do mhúinteoirí go láidir gan a bhieth ag plé leis na meáin.

Gníomhartha Méantéarmacha (24-72 uair an chloig)

Athbhreithniú

Déantar athbreithniú ar gach rud a tharla sa chéad 24 uair a chloig, tabharfar le chéile an Fhoireann Bainistíochta Theagmhas Criticiúil arís agus gheobhaidh muid amach conas mar atá ag éirí le gach duine den fhoireann seo deileáil le cúrsaí. Déanfaidh muid socraithe maidir le cruinnithe tuismitheoirí, do dhaltaí agus do mhúinteoirí. Tiocfaidh muid ar dhóigh chun aiseolas a fháil ó múinteoirí ar dhaltaí leochaileacha. Cinnteoidh muid go bhfuil gach ball den fhoireann coinnithe suas chun dáta ar gach rud- b’féidir go mebidh cruinniú foirne athbreithnuithe again. Beidh muid tuisceanach maidir leis an bealach a bhfuil gach ball foirne ag déileáil le cúrsaí ar leibhéal pearsanta agus gairmiúl agus déanfaidh muid teagmháil fosta le baill agus daltaí atá as láthair.

Ag eagrú tacaíochta

Cuirfidh muid seimra foirsteanach ar fail do dhaltaí aonair, do ghrúpaí daltaí agus do thuismitheoirí. Déanfaidh muid cruinniú eolais nó tacaíochta a thionóil do thuismitheoirí nó do dhaltaí chun soiléiriú a dhéanamh ar an cad atá tarlaithe. Tabharfaidh muid comhairle dóibh, cuirfidh muid ar a suimhneas iad, cuirfidh muid ar an eolas iad maidir le seirbhísí tacaíochta agus cuirfidh muid bileoga eolais cuí ar fail. I gcomhairle le gníomhaireachtaí seachracha, eagróidh muid mionchruinnithe aonair nó grúpa nó cruinnithe tacaíochta le toil tuismitheoirí. Beidh toiliú tuismitheora de dhith.

Déanfaidh muid plean chun daltaí agus baill foirne a imeascadh arís. Ainmneofar duine a dhéanfaidh idirchaidreamh le daoine as láthair, daoine a gortaíodh, deartháireacha, deirfiúracha agus neasghaolta. Ainmneoidh muid duine le chuairt a thabhairt ar theach nó ar thithe na ndaoine a gortaíodh agus le cuairt a thabhairt ar an ospidéal.

Déanfaidh muid idirchaidrimh leis an teaghlach maidir le socruithe sochraide. Ainmeoidh muid ball foirne chun idirchaidreamh a dhéanamh leis an teaghlach chun comhbhrón a chur in iúl agus mianta an teaghlaigh ó thaobh rannpháirteachas na scoile sa tsochraid a shoiléiriú. Déanfaidh an scoil cinneadh maidir le freastal ar agus rannpháirteachas sa tsochraid de réir mianta tuismitheoirí agus cinntí bhainistíocht na scoile. Eagróidh muid cuairt bhaile ó bheirt ionadaí foirne laistigh de 24 uair a chloig. Iarrfaidh muid ar Choiste Gairmeoideachais cinneadh a dhéanamh maidir leis druidim na scoile.

 

 

 

Gníomhartha níos fadtéarmaí

Déanfaidh muid monatóireacht ar dhaltaí le feiceáil an bhfuil dalta a chiapadh agus faoi strús go leanúnach de bharr na heachtra criticiúla. Má léiríonn dalta na comharthaí seo a leanas thar treimhse fada ama, d’fhéadfadh go bhfuil cuidiú de dhith air ón Fheidhmeannas Seirbhhíse Sláinte: iompar nach dual dá charachtar, dul ar gcúl ó thaobh acadúla de, athrú meácháin, tuirse, míshuaimhneas nó méadú ar neamhláithreachas.

 

Meastóireacht

Déanfaidh muid meastóireacht ar mar a freagraíodh don eachtra chriticiúil agus déanfar an Plean Bainistíochta Theagmhas Criticiúila leasú más gá. Cuirfidh muid na ceisteanna seo orainn féin:

  • Cad iad na gneithe ar éirigh go maith leo?
  • Ca háit a raibh bearnaí?
  • Cad ba mhó/ba lú a chuidigh?
  • An bhfuil na tarchuir riachtanacha ar fad déanta chuig na seirbhisí tacaíochta?
  • An bhfuil aon chuid den chúram atá fágtha gan chríochnú?

Déanfaidh muid cinnte de go mbeidh baill nua foirne ar an eolas maidir le polasaí agus nósanna imeachta na scoile maidir le géarchéim. Déanfaidh muid cinnte fosta go bhfuil siad ar an eolas maidir le cé hiad na daltaí a raibh tionchar an ghéarchéim orthu agus cén bealach.

Beidh muid tuisceanach maidir le laethanta agus imeachtaí speisialta. Thiocfadh le cothrom lae na heachtra mothúchán a mhúscailt i ndaltaí nó I mbaill foirne agus tiocfadh leis go mbeadh breis tacaíochta de dhíth orthu ag an am seo. Déanfaidh muid an cothrom lae a chású leis an teaghlach agus beidh idirchaidreamh ann maidir le haon chomóradh a bheadh beartaithe. Beidh muid tuisceanach maidir le laethanta tábhachtacha mar laethanta breithe, an Nollaig, Lá na Máithreacha agus Lá na nAithreacha.

Féinmharú

Ní bhainfidh muid úsáid as an téarma ‘féinmharú’ go mbeidh sé cinnte go hiomlán gur mar thoradh ar fhéinmharú a bhásaigh dalta nó múinteoir. Ina ionad bainfidh muid úsáid as na tearmaí mar ‘bás tubaisteach’ nó ‘bas tobann’. Déanfaidh muid teagmhail leis an teaghlach chun firicí cruinne a fháil agus chun a fhail amach conas mar ba mhian leis an teaghlach cur síos ar an bhás.

Tabharfaidh muid na firicí atá ar eolas againn do na daltaí agus cruthóidh muid spás sábhailte tacúil dóibh ionas go mbeidh siad áblata a mothúcháin a chur in iúl dá chéile. Cuirfidh muid síos ar na doigheanna eagsúla a thiocfadh leis an scéal  dul I bhfeidhm orthu le linn na laethanta amach rompu. Beidh muid cúramach gan ró-adhmholadh a dhéanamh ar an duine atá marbh nó gan róbhoilsciú ar scéal an fheinmharaithe. Cuirfidh muid in iúl do na daltaí cén sort tacaíochta atá ar fail dóibh agus glacfaidh muid I ndáiríre le caint ar bith ó dhaltaí ar fhéinmharú agus cuirfidh muid tacaíocht ar fail dóibh nó déanfaidh muid iad a tharchur chuig duine oilte láithreach.

Má bhíonn amhras mór ann nó imní faoi dhalta cuirfidh muid é chuig duine oilte ar measúnú priacail. Beidh comhrá tuisceanach ag duine de Fhoireann Bainistíochta na géarchéme leis an dalta agus beidh an comhrá díreach agus oscailt. Má thuairiscítear go bhfuil dalta ag caint go hoscailte at fhéinmharú cuirfidh muid na cesiteanna seo a leanas air/uirthi:

  • ‘An bhfuil sé/sí ag smaointiú lámh a chur ina bhás fein?’
  • ‘An ndearna sé iarracht cheana?’’
  • ‘An bhfuil deachrachtaí pearsanta nó teaglaigh tromchúiseacha aige?’
  • ‘An bhfuil deacreachtaí fisiciúla nó mothúchanacha aige?’
  • ‘An bhfuil plean aige chun an gníomh a dhéanamh?’
  • ‘An bhfuil bealach agus áit aige lena dhéanamh?’

Dá mhéad freagra ‘Tá’ a thugtar is amhlaidh is mó an priacal agus is amhlaidh is mó an riachtanas an dalta a tharchuir láithreach. Cuirfidh muid na tuismitheoirí ar an eolas láithreach agus iarrfaidh muid orthu an dalta a thabhairt chuig a ndoctúir teaghlaigh nó chuig seirbhís eile. Tuigeann muid go bhfuil dualgas orainn na tuismitheoirí a chur ar an eolas, fiú gan chead ón dalta féin, má bhíonn an dalta faoi 18 bliain d’aois.


Foireann Bainistíochta do Theagmhas Criticiúil

Ról Ainm Uimhir Theileafóin (baile agus fón póca)
Ceannaire Foirne Micheál Ó Giobúin 074 9125963      086 3824979
Teagmhálaí leis na Gardaí Micheál Ó Giobúin 074 9125963      086 3824979
Teagmhálaí leis an bhfoireann Maria Nic a Bhaird 074 9560899      087 2450261
Teagmhálaí leis na daltaí Helen Uí Cheallaigh 086 8101801
Teagmhálaí leis na tuismitheoirí Priomoide/Celine Uí Ghallachóír Celine:                086 8309820
Teagmhálaí leis an bpobal Proimhoide/ Leas Príomhoide L.Príomhoide:     087 9068709
Teagmhálaí leis na meáin Príomoide 074 9125963      086 3824979
Riarthóir Maria Nic A Bhaird & Rúnaí na scoile 087 2450261      Rúnaí: 087 1740682

 

Gníomhartha gearrthéarmacha – Lá 1

Tasc Ainm
Bailigh eolas cruinn:

Cé, céard, cén uair, cén áit?

Tionóil cruinniú den Fhoireann Bainistíochta do Theagmhas Criticiúil (CIMT) – sonraigh am agus áit go soiléir
Déan teagmháil leis na gníomhaireachtaí seachtracha
Déan socruithe chun feitheoireacht a dhéanamh ar na daltaí
Tionóil cruinniú foirne An fhoireann go léir
Aontaigh ar sceideal an lae
Cuir daltaí ar an eolas- (d’fhéadfadh gur ghá an scéal a insint do dhlúthchairde agus do dhaltaí ag a bhfuil deacrachtaí foghlama astu féin)
Cuir liosta de dhaltaí goilliúnacha i dtoll a chéile
Déan teagmháil leis an teaghlach faoi léan/tabhair cuairt orthu
Ullmhaigh agus aontaigh ráiteas do na meáin agus déaileáil leis na meáin
Cuir na tuismitheoirí ar an eolas

 


Gníomhartha meántéarmacha – (Lá 2 agus na laethanta ina dhiaidh sin))

Tionóil cruinniú den Fhoireann Bainistíochta do Theagmhas Criticiúil (CIMT) chun súila chaitheadh siar ar tharluithe lá 1
Buail leis na gníomhaireachtaí seachtracha
Buail leis an bhfoireann go léir
Eagraigh tacaíocht do dhaltaí, don fhoireann, do thuismitheoirí
Tabhair cuairt ar na daoine atá gortaithe
Téigh i dteagmháil leis an teaghlach faoi léan maidir le socruithe sochraide
Aontaigh ar lucht freastail agus ar rannpháirtíocht sa tsochraid
Déan cinneadh faoin scoil a dhúnadh An Bord Bainistíochta

 

Obair leantach – tar éis 72 uair a chloig

Déan monatóireacht ar dhaltaí chun comharthaí go bhfuiltear fós faoi bhuairt a thabhairt faoi deara Múinteoirí Ranga
Déan teagmháil le gníomhaireachtaí maidir le hatreorú
Déan socruithe d’fhilleadh an dalta/ na ndaltaí faoi léan
Déan socruithe chun an ‘bosca cuimhneacháin’ a thabairt don teaghlach faoi léan
Déan cinneadh maidir le searmanais chuimhneacháin agus laethanta comórtha An Bord Bainistíochta/ An fhoireann agus tuismitheoirí
Caith súil siar ar an bhfreagairt don teagmhas agus leasaigh an plean An foireann/ An Bord Bainistíochta

 


Teagmhas Criticiúil

Liosta Teagmhála i gcás éigeandála

 

AN GHNÍOMHAIREACHT UIMHREACHA TEAGMHÁLA
An garda síochána (074) 91 67100
Ospidéal (074) 91 25888
An bhriogáid Dóiteáin /otharcharr 999
Dochtúirí teaghlaigh áitiúla 074 9129393
Feidhmeannacht na seirbhíse

Sláinte/foireann cúram pobail/

Ionad leanaí agus teaghlaig/

Seirbhisí sláinte mheabhrach do leanaí agus d’óganaigh

Buncrana – 074 9320420

 

Baile Dhún na ngall – 074 9723540

 

Leitir ceanainn – 074 9123672

0749123770

Siceolaí na seirbhíse náisiunta

Síceolaíochta oideachais

0879178592
An roinn oideachais agus eolaíochta 0906483600
Cumann múinteoirí éireann/ cumann na meánmhúinteoirí, éire/aontas múinteoirí éireann (01)4922588
An sagart paróiste/ an chléir (074)9121021
An comisiún um scrúdaithe staít (090)6442700
An tseirbhís chúhaimh d’fhostaithe 1800 411 057