Polasaí RSE

Polasaí RSE

 

Ráiteas Pholasaí Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta

Sa doiciméad pholasaí seo glactar le gach tagairt do inscne mar thagairt chuimsitheach agus glactar leis an téarma “parent” mar théarma a chuimsíonn “guardian”.

  1. Scoil
  1. Scoil lae chomhoideachais atá sa scoil, í neamhroghnach go hacadúil, le rollú ó 263 scoláire sa scoilbhliain 2015/16.

 

  1. Fealsúnacht ár Scoile
  1. Misníonn an scoil a scoláirí chun dearcaidh éagsúla a mhachnamh agus a bhreithniú i dtaca le ceisteanna móráltachta.  Saibhrítear saol na scoile uilig leis an taithí a bhaintear amach trí oibriú amach na fealsúnachta seo agus trí urramú riachtanas grúpaí mionlacha agus daoine aonair.

 

  1. Tugann an scoil an deis dá daltaí taiscéaladh a dhéanamh ar na daonnachtaí, eolaíochtaí, ealaíona, staidéir gnó, agus ábhair theicniúla.  Ina theannta sin, soláthraíonn sí oideachas reiligiúnda, morálta agus fisiciúil chun a bunaidhmeanna a aimsiú, is iad sin tacú le daltaí chun a n-acmhainn iomlán acadúil a bhaint amach agus iad a ullmhú chun páirt a ghlacadh sa sochaí shibhialta agus sa saol oibre.

 

  1. Tá cód iompraíochta foilsithe tar éis comhairliúcháin le tuismitheoirí, foireann agus daltaí agus léiríonn na sleachta seo leanas an chaoi a oibríonn éiteas na scoile ar bhonn laethúil:

 

  • Tá an araíonacht bunaithe ar phrionsabail an mheasa do dhaoine, don timpeallacht, don sealúchas agus don sábháilteacht.  Tagann gach riail as na bunphrionsabail seo a bhfuil sé d’aidhm acu pobal sona, cobhsaí a chruthú agus a chothabháil.

 

  • Is í an chaoi is fearr gur féidir leis an scoil a oibriú leis an uasmhéid sonais agus lánsástachta do gach duine ná an chuirtéiseacht agus an meas is airde a thabhairt do dhaoine eile.  Bítear ag súil go mbeidh meas ag daltaí na scoile ar dhínit daltaí eile, ar dhínit na múinteoirí agus ar dhínit foirne eile sa scoil agus tá sé de cheart acu a bheith ag súil go mbeidh meas ar a ndínit féin.

 

  • Is scoil lán Gaeilge í Colaiste Ailigh.
  1. Sainmhíniú ar Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta
  1. Próiseas forbartha is ea OCG trí fhoghlaim eispéireasach ina nglacann daltaí páirt chun cabhrú le meon shláintiúil ina leith fhéin agus i leith daoine eile a chothabháil, go háirithe sa réimse gnéasachta agus caidrimh.
  1. Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta laistigh den Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte
  1. Deireann na Dréacht-Threoirlínte don OCG (CNCM, Meitheamh 1995, 1.2) go bhfuil Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte “spiral, developmental in nature and age appropriate in content and methodology”. Tá an clár OCG ceaptha chun an prionsabal agus an patrún seo a leanúint.   Gan trácht ar cheachta sainiúla an OCG, cuimsíonn OSPS réimsí eile a bheadh bainteach le forbairt mheoin sláintiúla i leith na gnéasachta sa duine fhéin agus i gcaidrimh an duine le daoine eile.  Tráchtann OSPS ar mhórán ceisteanna ar nós féinmheasa, teanntásachta, cumarsáide, agus scileanna cinnteoireachta – a bhfuil sé de chumas acu go léir cur le héifeachtacht an chláir OCG.

 

  1. Aidhmeanna ár gclár Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta
  1. Tá mar aidhmeanna sainiúla ag Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta, clár atá suite laistigh de chreatlach fhoriomlán an Oideachais Shóisialta, Pearsanta agus Sláinte:
  1. Cabhrú le daltaí cairdis agus caidrimh a thuiscint agus a fhorbairt
  2. Tuiscint ar an ngnéasacht a chur chun cinn
  3. Meon dearfach a chur chun cinn i dtaobh gnéasachta sa duine féin agus i gcaidrimh an duine le daoine eile
  4. Eolas agus meas ar an tsliochtmhaireacht a chur chun cinn
  5. Cur ar cumas daltaí meon agus luachanna a fhorbairt i leith a ngnéasachta i gcreatlach mhorálta, spioradálta agus sóisialta atá i gcomhréir le polasaí na scoile
  6. Deis a chur ar fáil do dhaltaí foghlaim i dtaobh caidrimh agus gnéasachta i mbealaí a chabhraíonn leo smaoineamh agus gníomhú i mbealach morálta, ceanúil, freagrach.

Admhaítear gur mianaidhmeanna iad seo i gcúrsa ar fhad teoranta.

 

  1. Treoirlínte do bhainistiú agus eagrú Oideachas Caidrimh agus Gnéasachta in ár Scoil

 

  1. Is é an Príomhoide a dhéanfaidh na socruithe maidir le múineadh an chláir agus a leagfaidh an fhoireann amach.
  1. Tuismitheoirí a Fhaisnéisiú agus a Chuimsiú:

Is iad na tuismitheoirí príomh-oideoirí a gclainne agus feictear don scoil gur tábhachtach an ról atá acu san oideachas i dtaca le caidrimh agus gnéasacht.  Cuimseofar ailt ábhartha den pholasaí OCG seo i leabhrán na scoile Information for Parents  Cuirfear cóip den pholasaí seo ar fáil do thuismitheoir ar bith ach é a iarraidh ón Oifig sa scoil.

  1. Comhairle a Thairiscint:

Is í feidhm na scoile ná oideachas ginearálta a chur ar fáil i dtaobh cúrsaí gnéasacha agus ní comhairle ná eolas ná stiúradh a thairiscint don duine aonair ar ghnéithe de iompraíocht ghnéasach ná frithghiniúint – tabharfar faisnéis ar  fhoinsí eolais agus comhairle gairmiúla, áfach, nuair is cuí.  Is féidir le múinteoirí eolas a thabhairt do dhaltaí i dtaobh cén áit agus cé uaidh/uaithi is féidir leo comhairle agus cóireáil ghnéasach faoi rún a fháil, e.g. a ndochtúir nó áisíneacht chuí eile. Ní cóir go dtairgfí comhairle dhíritheach agus ba chóir go mbeadh an chomhairle aois-oiriúnach don dalta.

  1. Ceisteanna Neamhbhalbha:

Tharlódh nár chuí déileáil le ceisteanna neamhbhalbha áirithe sa rang.  Tá cead ag múinteoirí a rá nach cuí déileáil leis an gceist sin ag an am seo.  Má thagann imní ar mhúinteoir faoi ní a ardaíodh ba cheart dó/di comhairle a lorg ón Chomhordaitheoir OSPS nó ón Phríomhoide.  Agus é/í ag socrú ar cheisteanna a fhreagairt nó gan a fhreagairt ba chóir dó/di aois agus inmhe na scoláirí, an t-ábhar atá sa chlár OCG, éiteas na scoile, agus an polasaí OCG a mhachnamh.

  1. Rúndacht:

Is é polasaí na scoile é go gcaithfidh múinteoir dul i gcomhairle láithreach leis an Phríomhoide nó leis an Chomhairleoir Treorach má mheastar gur amhlaidh go bhfuil dalta i mbaol mí-úsáide de chineál ar bith nó ag sárú an dlí.  Cinnfidh an Príomhoide ar na tuismitheoirí agus/nó na húdaráis chuí a chur ar an eolas nó gan iad a chur ar an eolas agus ar chomhairliú a chur ar fáil, b’fhéidir.

Tá an méid seo leanas ina pholasaí scoile chomh maith:

  1. ná gealladh múinteoirí rúndacht gan choinníoll;
  2. bíodh a fhios ag na daltaí go bhféadfaí teagmhas ar bith a chur in iúl don Phríomhoide nó do thuismitheoirí, b’fhéidir, má chineann an Príomhoide go bhfuil sé chun leasa an dalta é a chur in iúl do thuismitheoirí;
  3. baineadh múinteoirí feidhm as a mbreithiúnas proifisiúnta chun a chinneadh ar chóir an rún a choinneáil tar eis dóibh an t-eolas a chloisint;
  4. cuireadh múinteoirí in iúl go soiléir do dhaltaí cén uair nach féidir an méid a dúradh sa chomhrá a choinneáil faoi rún a thuilleadh – is féidir leis an dalta a chinneadh ansin go rachaidh sé ar aghaidh nó nach rachaidh.

Deir na Treoirlínte Chosanta Leanaí d’Iarbhunscoileanna i 4.1.1. agus 4.2.1:

4.1.1.   Má fhaigheann ball foirne líomhain nó má tá amhras air/uirthi go mb’fhéidir gur tugadh nó go bhfuiltear ag tabhairt mí-úsáide do leanbh nó go bhfuil sé/sí i mbaol mí-úsáide, ba cheart dó/di an scéala a thabhairt don Phearsa Idirchaidrimh Ainmnithe sa scoil sin gan mhoill. Ba cheart don Phearsa Idirchaidrimh Ainmnithe taifead scríofa a dhéanamh den tuarascáil agus í a chur in áit shábháilte. Ba cheart cuimhneamh i gcónaí go bhfuil gá le rúndacht, faoi mar a luadh cheana i gCaibidil 1 Alt 1.2 de na treoirlínte seo. Ba cheart go mbeadh tacaíocht na scoile ar fáil don leanbh i gcónaí.

  • Má tá an Phearsa Idirchaidrimh Ainmnithe sásta go bhfuil bonn réasúnta leis an amhras nó an líomhain ba cheart dó/di an scéala a thabhairt don bhord sláinte iomchuí láithreach bonn.
  1. An idirdhealú idir na gnéithe bitheolaíochta agus na gnéithe neamh-bhitheolaíochta den oideachas gnéasachta:

Is é polasaí na scoile é go ndéileálann Roinn na hEolaíochta go príomhúil le gnéithe bitheolaíochta na sliochtmhaireachta.

  1. Daltaí a tharraingt amach as an gclár OCG:
    1. Tugtar ailt ábhartha den pholasaí seo do thuismitheoirí sa bhfoilseachan scoile dar teideal Information for Parents, maraon le sonraí maidir le ceart an tuismitheora a p(h)áiste a tharraingt amach as gnéithe íogaire den OCG – cuirfear cóip iomlán den pholasaí seo ar fáil do thuismitheoirí i gcónaí ach é a iarraidh.
    2. Níl aon iachall ar thuismitheoirí fáthanna a thabhairt leis an dtarraingt amach, ach tugaimid cuireadh urramach dóibh déanamh amhlaidh – uaireanta bímid in ann mí-thuiscintí a réiteach ansin. Nuair atá iarratas ar tharraingt amach déanta ag an dtuismitheoir, ní mór géilleadh leis an iarratas sin go dtí go gcúlghaire an tuismitheoir é. (Feic chomh maith Aguisín 1)
  1. Feidhm a bhaint as labharthóirí ar cuairt agus eile
  2. Is é polasaí na scoile é gur fearr an chuid is mó den chlár OCG a phlé go hoscailte le múinteoirí a bhfuil aithne ar na daltaí orthu agus muinín acu as/aisti. Is féidir le cuairteoirí caighdeán an tsoláthair a fheabhsú, áfach, chomh fada agus a úsáidtear iad i dteannta chláir phleanáilte OCG, ní ina ionad.
  3. Cuirfidh an Comhordaitheoir OSPS cóip den pholasaí OCG seo ar fáil don chuairteoir i bhfad roimh an gcuairt. Tar éis faomhadh a bheith faighte ón bPríomhoide don chuairt cuireann an t-eagraithoir éiteas na scoile agus modh chur i láthair an chláir OCG in iúl don chuairteoir. Ceisteanna le machnamh iad seo:
  1. cé chomh neamhbhalbh atá an t-ábhar agus an cur i láthair;
  2. an mbeidh foireann múinteoireachta in éineacht leis an gcuairteoir?
  • an nglacfaidh an foireann ról gníomhach i ngníomhaíocht an chuairteora?
  1. cén chaoi a ullmhófar an cuairteoir don chuairt?
  2. cén chaoi a dtógfar ar an gcuairt agus cén gníomhú a leanfaidh uaidh?
  1. Ba chóir réamhfhógra a thabhairt do chuairteoirí faoi chomhdhéanamh an ranga agus leid faoin gcomhréir atá idir a n-ionchur agus scéim na hoibre i gcoitinne.
  1. Chun eolas beacht a thabhairt don chuairteoir faoi riachtanais an ghrúpa agus chun an leas is fearr a bhaint as an am a bhfuil an cuairteoir ag dul ag caitheamh leis seo is inmholta an rud é ceisteanna a leagadh amach roimh ré agus iad seo a chur ar aghaidh chuig an gcuairteoir. Cuimseoidh sé seo na daltaí sa chuairt agus cruthófar eispéireas níos ábhartha dóibh– éascaíonn sé an phleanáil chomh maith.
  1. Ba cheart an Oifig a chur ar an eolas faoin dáta agus faoi ainm an chuairteora.
  1. Ba cheart fáilte a chur roimh an gcuairteoir ag an bpríomhdhoras isteach.
  1. Ag deireadh an tseisiúin ba cheart go molfadh dalta rún buíochais.

Homaighnéasachas

Ní chuireann na múinteoirí chun cinn aon stíl bheatha mar an t-aon stíl bheatha atá inghlactha sa sochaí agus dá bhrí sin tá sé dosheachanta agus tá sé nádúrtha go ndéanfar an homaighnéasachas a phlé i rith chláir oideachas gnéasachta. Ceann de na buntáistí a bhaineann le ceisteanna maidir leis an homaighnéasachas a chíoradh is ea go dtugann sé deis tuairimí agus teoiricí bréagacha a cheartú agus tabhairt faoin réamhchlaonadh.  Ba cheart go mbeadh an plé faoin homaighnéasachas aois-oiriúnach do na daltaí.

  1. Frithghiniúint

Déileálfar leis an topaic seo i mbealach aois-oiriúnach, oscailte agus breithneofar gach gné de na ceisteanna i mbealach neamhthreorach.

  1. Riachtanais Speisialta

B’fhéidir go mbeadh páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu i ngátar cabhrach níos mó ná mar a bheadh páistí eile agus iad ag éirí aníos agus ag déileáil leis na gnéithe fisiciúla agus mothúthánacha de sin. Tharlódh go mbeidís, chomh maith, i ngátar cabhrach níos mó agus iad ag foghlaim na saghasana iompraíochta atá inghlactha nó nach bhfuil, agus dá n-ullmhú agus dá gcur ar a n-aire in aghaidh mí-úsáide ag daoine eile.

 

  1. Tacaíocht, forbairt agus athbhreithniú leanúnach

Oiliúint:

  1. Ní gá go mbeadh na múinteoirí go léir atá gafa leis an obair seo ina ‘saineolaithe’ i dtaobh na gceisteanna a bhaineann leis. Is gá, áfach, go mbeidís íogair do riachtanais an ghrúpa, go mbeidís i gcumas déileáil le ceisteanna go hoscailte agus go macánta, agus go mbeidís toilteanach comhairle níos saineolaí a fháil más gá. Tá feidhm san oideachas sláinte chomh maith ag na scileanna a foghlaimíodh sa mhúinteoireacht ghinearálta.  Ina theannta sin, tá mórán de na múinteoirí oilte i réimsí gaolmhara ar nós na comhairlithe.  Tá sainoiliúint ag cuid de na múinteoirí i réimsí sainiúla an oideachas sláinte agus an oideachas caidrimh agus gnéasachta agus spreagfar iad chun múinteoirí eile a oiliúint.
  1. Éascóidh an scoil do na múinteoirí sainoiliúint a fháil sa réimse seo, ag cuimhneamh, áfach, ar an gcreatlach fhoriomlán bhuiséadach agus ar an ngá go leanfaí ar aghaidh le clár múinte agus foghlama na scoile gan aon ní ag cur isteach air ach chomh lú agus is féidir.

Acmhainní:

Ceannóidh an scoil ábhair chuí do mhúineadh OCG atá sainaitheanta ag an bhfoireann mar ábhair úsáideacha agus atá faofa ag an bPríomhoide, laistigh den ngnáthchreatlach bhuiséadach agus de réir mar a cheadaíonn acmhainní ginearálta na scoile é.

Faireachan, measúnú agus athbhreithniú an chláir OCG

Táimid tiomanta do fhaireachan agus measúnú éifeachtacht an chláir seo.  Tá tábhacht shainiúil ag baint leo seo leanas ó thaobh an chláir OCG de:

  1. aiseolas ó dhaltaí;
  2. athbhreithniú agus aiseolas ón bhfoireann;
  3. aiseolas ó thuismitheoirí.


Aguisín 1

An rud a dhéanaimid i gcás go ndéanann tuismitheoir iarratas ar tharraingt amach ón gclár OCG:

  1. Pléimid an chúis imní le tuismitheoir an pháiste agus más cuí déanamid iarracht
  2. é/í a chur ar a s(h)uaimhneas (i dtosach tarlaíonn an plé sin ag cruinniú le Ceannaire na Bliana agus an Comhordaitheoir OSPS, is féidir go ngabhfadh an Príomhoide páirt sa scéal má tá gá leis sin)
  3. breithnímid cén chaoi a bhféadfaí an clár a leasú nó a fheabhsú i slí a chuirfeadh tuismitheoirí ar a suaimhneas – bítear ar aire chun nach mbaintear an bonn de shlánchúis an chláir OCG agus teidlíocht na ndaltaí eile e.g. b’fhéidir go mba chuí agus go mba inmhianta go mbeadh ranganna aon-inscne ann do ranna áirithe den chlár OCG;
  4. déanaimid iarracht a chinntiú nach mbíonn aon chur isteach ar chodanna eile d’oideachas an dalta nuair a tharraingítear amach é/í,
  5. tugaimid le fios go mbíonn daltaí a tharraingítear amach i mbaol a gciaptha ag daltaí eile – déanaimid iarracht mar sin an dalta a chur trí chéile chomh lú agus is féidir agus cur isteach ar an gclár chomh lú agus is féidir;
  6. tugaimid le fios chomh maith go bhféadfadh daltaí eolas mí-chruinn a fháil ona gcomhpháirtithe;
  7. tairgimid deis do na tuismitheoirí teacht ar eolas agus acmhainní cuí.