Polasaí Teagasc Críostaí

Oideachais Reiligiúnach

 

POLASAÍ TEAGASC CRÍOSTAÍ

 

MISEAN CHOLÁISTE AILIGH

 

Cuireann  Coláiste Ailigh, i gcomhpháirtíocht leis an phobal uilig,  oideachas d’ardchaighdéan ar fáil trí mheán na Gaeilge do mhuintir Leitir Ceanainn agus na ceantair máguaird. Cuireann an scoil roimpi meas don chultúr gaelach a chothú i bpobal na scoile agus creideann sí sa chrothromaíocht, i luach an duine agus  i spiorad an náisiúin. Cuireann sí roimpi deathréithe, pearsantacht, spioradálacht, moráltacht agus sibhialtacht an duine a fhorbairt agus a spreagadh. Is í forbairt iomlán an dalta i ngach gné den saol le rannphairtíocht iomlán ón phobal áitiúil cuspóir Choláiste Ailigh.

 

Cúlra

 

Is scoil ilchreidmheach(multidenominational) í Choláiste Ailigh faoi chúram an BOO. Tagann formhór de phobal na scoile ó traidisiún Caitliceach agus mar sin tá éiteas an Choláiste bunaithe ar luachanna Críostaíochta.

 

Aidhmeanna Teagasc Críostaí sa scoil:

 

Chun cuidiú le forbairt oideachasúil, moráltacht, reiligiúnach agus spioradáltacht ár ndaltaí.

Chun aire do na lag, comhoibriú idir na daltaí, cóir agus cothromaíocht do gach duine a fhorbairt.

Chun meas don fhírinne, paisean don timpeallacht agus grá don fhoghlam a spreagadh.

Chun deiseanna a thabhairt do na daltaí, a saol a chaitheamh bunaithe ar feasacht spioradálta

Chun na daltaí a spreagadh chun ceisteanna tábhachtacha a chur faoin saol

Chun tuiscint agus glacadh de reiligiún éagsúla a spreagadh

 

Foireann:

 

Annmarie Ní Chanainn (níl traenáil aicí go fóill)

 

Clár Ama:

 

1d bl , 1 x 37 bomaite gach seachtain

5ú bl , 1 x 37 bomaite gach seachtain

 

Curaclam:

Níl teagasc Críostaí mar ábhar scrúdaithe go fóill sa scoil. Mar sin leanann na ranganna, féilire an eaglais Chaitliceach faoi treoir agus tacaíocht ón ionad Chomhairleach na Deoise Ráth Bhotha. Seo cuid dena téamaí ginearálta a bhíonn ann:

Teastas Sóisearach:

 

  • Pobal Creidimh
  • An Críostaíocht agus reiligiún an domhan
  • Creideamh- Ceist agus ceiliúradh
  • Moráltacht- an dúshlán

 

Ardteistiméireacht

  • Ag cuardú ciall
  • Ár scéal reiligiúnach
  • Creideamh beo
  • Moráltacht
  • Críostaíocht agus reiligíun éagsúla in Eirinn sa lá ata inniú ann

 

Acmhainní in úsáid /Straitéisí sa rang

  • Ag Éisteacht le sliochtanna éagsúla
  • Ag machnamh agus ag ceistiú, ag plé
  • Ag déanamh taighde, féin-cheistiú
  • Ag roinnt smaointí agus obair ghrúpa
  • Ag cur tuairimí in iúl ós ard
  • Ag cur i láthair, ag scríobh, ag bronnadh eolais

 

  • Ta raon achmainní éagsúla in úsáid sa roinn Teagasc Críostaí, san aireamh- fillteán teagasc Críostaí atá ullmhaithe ag ionad chomhairleach na deoise, bileogaí Aifreann agus páipéir nuachtáin. Tá cóipeanna de Question of faith, Exploring Faith, Faith alive, Life matters agus an nuachtlitir Enzine agus Sacred Space againn.

 

Chuige sin tá na hacmhainní/gníomhaíochtaí seo a leanas in áit:

  • Seirbhísí: Eagraíonn an séiplíneach aifreann na scoile sa chéad tearma, aifreann na 6ú mbliana i mí Bhealtaine agus seirbhís Charúl na Nollag sa scoil le tacaíocht ó fhoireann na scoile.
  • Aoi chainteoirí agus tacaíocht ón Eaglais : Bíonn aoí chainteoirí againne go rialta m.s.

An tSiúr Susan Evangelist, Raphoe Diocesan Resource Centre – Buaileann an tSiúr Susan leis an 5ú bl. go minic

Kathleen Ní Dhomhnaill, Foireann Chomhairleach na Deoise

An t-Athair Eamon Mac Lochlainn, Ardeaglais Naomh Adhnamhnáin

An t-Athair Rory Brady- Vocations Director, ó Dheoise Rath Bhoth

Anois is arís tagann ionadaí ó Trocaire, Concern agus carthanais eile chun labhairt  leis na daltaí, go hairithe leis an idirbliain.

  • An t-Aireagal: Tá aireagal againn sa scoil mar spás do mhachnamh agus ciúnas, Tá se ar fáil do bhall ar bith de phobal na scoile atá ag iarraidh é a úsáid. D’óscail an t-Easpag Philip Ó Buaidhe an t-aireagal go hoifigúil le aifreann speisialta i 2015.

 

  • Obair Charthanais/ páirt sa phobal

Oilithreacht go Lourdes ó Dheoise Rath Bhoth Raphoe – Bíonn beirt dalta ón Idirbhliain páirteach ann gach bliain le tacaíocht ón scoil

Gradam an Phápa Eoin Pól II-  glacann daltaí ón Idirbliain agus ón 5ú bl  páirt ann

Trí ghníomhaíochtaí éagsúla sa scoil agus sa phobal a bhíonn eagraithe  go hairithe ag an Idirbliain, bailíonn  muid airgead do charthanais difriúla mar shampla Cumann Naomh Uinsean de Pól, Trócaire, Concern, An Ospís agus feachtas shoebox.

  • Molann an scoil inchur ag an paróiste agus ag tuismitheoirí sa roinn.

Faigheann tuismitheoirí cuireadh chuig seirbhísí na scoile – aifreann agus seirbhís charúl na Nollag

Tá an t-Athair Éamon ar fáil chun cuairt a thabhairt orainn mas gá

Molann muid nascanna leis an pharóiste fósta – Glacann daltaí páirt i seirbhís Charúl bliaintúil in Ardeaglais Naomh Adhnamhnáin agus san cór san ard eaglais gach Domhnach.

 

Seirbhísí Tacaíochta:   Faoi lathair faigheann muid tacaíocht, cuidiú agus spreagadh ó foireann Chomhairleach na Deoise.

Inseirbhísí:   Níl inseirbhís ar bith déanta ag an múinteoir go fóill.

Faigheann an Roinn Teagasc Críostaí tacaíocht ó na nascanna seo a leanas:

www.catholic.org

www.sacredspace.ie

www.todayismygifttoyou.com

www.goodnews.ie