Fís don Fhoghlaim Dhigiteach

Fís don Fhoghlaim Dhigiteach i gColáiste Ailigh

Ag coinneáil le héiteas páiste-lárnach Choláiste Ailigh cuirimid romhainn timpeallacht dhigiteach atá spreagúil, suimiúil agus leathan a chothú do dhaltaí na scoile trí straitéisí cumarsáide comhoibritheacha a fhorbairt idir múinteoirí agus daltaí.

Sa tslí seo tá súil againn cruthaitheacht agus neamhspleáchas na ndaltaí a threisiú de réir mar a thagann forbairt ar a gcumas ábhar cuí digiteach a chruthú agus a úsáid, ábhar a chuirfidh lena dtuiscint, foghlaim, measúnú agus athmhachnamh.

Tá sé mar fhís againn go mbeidh foireann agus daltaí na scoile inniúil ar straitéisí trasardáin agus ar an iliomad acmhainní digiteacha atá ar fáil, ionas gur féidir leo páirt a ghlacadh i sochaí dhigiteach atá ag athrú de shíor.