Polasaí na Gaeilge

Polasaí na Gaeilge

 

Polasaí Gaeilge an Choláiste

 

Is í an Ghaeilge príomhtheanga Choláiste Ailigh. De thairbhe sin, tá stádas ar leith aici i saol iomlán phobal na scoile.

 

Is scoil lánGhaeilge í Coláiste Ailigh agus baintear úsáid as an tumoideachas chun an teanga a chur chun cinn sa scoil.

 

Dualgaisí:

 

  • Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile agus is í a labhraíonn na múinteoirí eatarthu féin agus leis na scoláirí. Labhraíonn na scoláirí an Ghaeilge eatarthu féin agus is í a labhraítear le cuairteoirí chun na scoile fosta, ach amháin sa chás nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag na cuairteoirí sin.
  • Bítear ag súil go mbainfidh na scoláirí úsáid as an Ghaeilge ag gach imeacht scoile: turais, cluichí, etc. Bítear ag súil fosta go mbainfeadh siad úsáid aisti ar an bhealach chun na scoile, ag am lóin agus ar fhágáil na scoile dóibh tráthnóna.
  • Feidhmníonn Bord Bainistíochta na scoile trí mheán na Gaeilge chomh fada agus is féidir.
  • Bíonn gach comhfhreagras ón scoil i nGaeilge agus éilíonn an scoil comhfhreagras ón Roinn Oideachas agus Scileanna agus boird stáit eile i nGaeilge amháin. Thig leis an scoil, comhfhreagras dátheangach a chur amach chuig tuismitheoirí i gcásanna eisceachtúla nuair nach bhfuil an Ghaeilge ar eolas ag na tuismitheoirí.
  • Bíonn gach fógra, nóta agus páipéarachas eile a thugtar amach chuig scoláirí agus múinteoirí i nGaeilge amháin. Le seo, áirítear miontuairiscí cruinnithe agus dialanna scoile.
  • Cuireann an scoil roimpi atmaisféar Gaelach a chruthú sa scoil. Le seo, áirítear comharthaíocht, postaeir, ceol cúlra, etc.
  • Tapóidh an scoil gach aon deis an Ghaeilge agus an cultúr na Gaeilge a chur chun cinn.
  • Féachfaidh an scoil chuige gan damáiste a dhéanamh d’éiteas na scoile trí bharraíocht aoíchainteoirí agus grúpaí seachtracha a thabhairt isteach chun labhairt leis na daltaí trí Bhéarla. Déanfaidh an scoil gach iarracht i gcónaí cainteoirí a lorg a bhfuil Gaeilge acu.
  • Eagraítear gach scrúdú sa scoil trí mheán na Gaeilge, taobh amuigh de scrúduithe sna teangacha iasachta.
  • Bainfear úsáid as téacsleabhair Ghaeilge nuair atá siad ar fáil agus ar chaighdéan maith. Sa chás eisceachtúil go mbíonn téacsleabhar Béarla in úsáid, is gá don mhúinteoir nótaí cuimsitheach a chur ar fáil do na scoláirí i nGaeilge.
  • Déanfaidh an scoil cinnte de go bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge ag foireann na scoile uilig chun a gcuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Sa chás eisceachtúil nach mbíonn caighdeán Gaeilge an mhúinteora sásúil, cuirfidh an scoil oiliúint ar fáil don mhúinteoir sin.
  • Cuirfidh an scoil oiliúint ar fáil go rialta don fhoireann teagaisc i modheolaíochtaí an tumoideachais.
  • Moltar do gach scoláire agus múinteoir sa scoil an leagan Gaeilge dá (h)ainm a úsáid.

 

 

Spreagadh na Gaeilge

 

Is iad na múinteoirí príomhfhoinse Ghaeilge na bpáistí sa scoil. Is orthusan a thiteann sé an Ghaeilge a spreagadh i measc na scoláirí. Bíonn an bhéim i gcónaí ar spreagadh dearfach. I measc na modhanna chun an teanga a chur chun cinn i measc na ndaltaí, tá:

  • Caint Phoibí
  • Drámaíocht
  • Oireachtas na Gaeilge
  • Díospóireachtaí
  • Duaiseanna
  • Seachtain na Gaeilge
  • Comórtais idir-ranganna
  • Comharthaíocht spreagtha

 

 

I gcás scoláirí atá faillíoch i dtaobh na Gaeilge:

 

Leagfaidh an scoil amach córas chun plé a dhéanamh le daoine atá faillíoch i dtaobh na teanga. Beidh seo scríofa go sóiléir i gCód Disciplíne na Scoile.

 

 

An Ghaeilge i gColáiste Ailigh

 

Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha is sine sa domhan. Tá an litríocht bheo is sine san Eoraip scríofa inti agus in aineoinn blianta trioblóideacha tá sí beo go fóill agus ina seoid luachmhar do mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear.

 

Ní raibh riamh i stair na tíre an mhéid sin daoine ann a bhfuil léamh agus scríobh na Gaeilge acu. Ar an drochuair, is beag an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge ar bhonn laethúil go fóill, ach tá an uimhir sin ag ardú bliain i ndiaidh bliana. Tá breis agus 1.7 milliún duine sa tír seo agus thar lear a bhfuil labhairt na Gaeilge acu, níl le déanamh againn ach iad a chur ag caint lena chéile.

 

Is iontach na deiseanna fostaíochta atá ann inniu do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu. Le hAcht na dTeangacha Oifigiúla agus stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh, gan trácht ar earnáil na meán Gaeilge, tá buntaiste mór ag daoine a bhfuil Gaeilge acu thar dhaoine nach bhfuil ach an t-aon teanga amháin acu.

 

Tá fhios againn ar fad go bhfuil an domhan ag athrú. Tá an iliomad  teangacha le cloisteáil thart orainn i Leitir Ceanainn. Tá an domhan ag éirí beag agus bíonn deiseanna taistil againn nach raibh riamh ann roimhe seo. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh dúinn a bheith bródúil as ár dteanga agus as ár gcultúr féin – cad eile a scarann muid ó gach cine eile ar domhan?

 

Má thig le Spáinnigh Spáinnis a labhairt

Má thig le Iodálaigh Iodáilis a labhairt

Ma thig le Gearmánaigh Gearmáinis a labhairt

Má thigle Francaigh Fraincis a labhairt…

 

… cén fáth nach dtig le hÉireannaigh Gaeilge a labhairt???

 

 

Bí i do laoch ar son do thíre, ar son do theanga agus ar son do scoile. Tá seans iontach á fháil agaibh sa scoil seo an Ghaeilge a fhoghlaim go beacht agus a chleachtadh – ná cuirigí an seans seo amú. Tá gach rud ag brath ar dhaoine óga. Gan iad, gheobhaidh an Ghaeilge bás!

 

 

Labhair Gaeilge gach deis a fhaigheann tú!

 

Taispeáin don saol gur Éireannach bródúil thú!

 

 

Saol na Gaeilge

Tá saol beo bísiúil ag an Ghaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain inniu. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi shaol na Gaeilge ar na suíomhanna idirlín seo.

 

Foras na Gaeilge

 

Oireachtas na Gaeilge

 

Gael Linn

 

Gaelscéal

 

 

Fírící faoin Ghaeilge

  • Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha is sine atá á labhairt san Eoraip inniu.
  • Tá an litríocht bheo is sine san Eoraip sa Ghaeilge.
  • Tá c.1.6 milliún duine in Éirinn a bhfuil cumas éigin i labhairt na Gaeilge acu. Tá níos mó timpeall an domhain.

 

 

Cuidiú leis an Ghaeilge

Foclóirí: Gramadach:

Focal.ie                                                           An Caighdeán Oifigiúil

Foclóir téarmaíochta                                       Caighdeán oifigiúil na Gaeilge

 

Pota Focal                                                      Graiméar na mBráithre Críostaí

Foclóir                                                             Leabhar Gramadaí

 

Acmhainn.ie                                                   Uimhreacha

Téarmaíocht nua                                              Nótaí ar uimhreacha na Gaeilge

 

Cnuasach Conallach                                     Gramadach na Gaeilge

Focail as Gaeltacht Dhún na nGall                 Nótaí gramadaí

 

An Foclóir Beag                                            Conas a oibríonn an teanga

Foclóir                                                             Nótaí gramadaí as Béarla

 

Foclóír Duinín                                               Scríobh.ie

Foclóir an Athar Duinín                                  Téasaras agus acmhainní
Gramadóir

Seiceálaí gramadaí

 

Cúrsa Gaeilge:

 

Loader Loading…
EAD Logo Taking too long?

Reload Reload document
| Open Open in new tab

Download [1.48 MB]

Loader Loading…
EAD Logo Taking too long?

Reload Reload document
| Open Open in new tab

Download [1.51 MB]