Slán agus beannacht leis an Mháistreás Göppert

Bhí ócáid galánta sa scoil áit ar bhronn na daltaí ó rang Gearmáinise na cúigiú bliana portráid ar an Mháistreás Göppert, tarraingthe ag Eleanor Ní Mheargaidh ón dara bhliain, mar chomhartha buíochais agus dea-ghuí.

Is le croí trom a fhágann muid slán leid an Mháistreás Göppert agus í ag bogadh ar aghaidh go stad eile ina saol tar éis fiche bliain a chaitheamh i dteaghlach Choláiste Ailigh. Ní fhágfaidh na cuimhní den chineáltas, díograis, spraoi agus tacaíocht a léirigh Siobhán do dhaltaí agus foireann na scoile muid choíche.

Tá muid fíor bhuíoch as ucht an obair agus cúram a thug sí i leith spreagadh teanga na Gearmáinise agus na Gaeilge agus an iarracht leanúnach maidir le cúrsaí an Bhrait Ghlais thar na blianta. Guímid gach rath agus sonas ort sa todhchaí.