Category Archives: Ocáidí

Slán agus beannacht leis an Mháistreás Göppert

Bhí ócáid galánta sa scoil áit ar bhronn na daltaí ó rang Gearmáinise na cúigiú bliana portráid ar an Mháistreás Göppert, tarraingthe ag Eleanor Ní Mheargaidh ón dara bhliain, mar chomhartha buíochais agus dea-ghuí.

Is le croí trom a fhágann muid slán leid an Mháistreás Göppert agus í ag bogadh ar aghaidh go stad eile ina saol tar éis fiche bliain a chaitheamh i dteaghlach Choláiste Ailigh. Ní fhágfaidh na cuimhní den chineáltas, díograis, spraoi agus tacaíocht a léirigh Siobhán do dhaltaí agus foireann na scoile muid choíche.

Tá muid fíor bhuíoch as ucht an obair agus cúram a thug sí i leith spreagadh teanga na Gearmáinise agus na Gaeilge agus an iarracht leanúnach maidir le cúrsaí an Bhrait Ghlais thar na blianta. Guímid gach rath agus sonas ort sa todhchaí.

Bronnadh na hIdirbhliana

Seo agaibh daltaí na hIdirbhliana ag bronnadh na hIdirbhliana! Comhghairdeas le Dan Mac a’Bhaird ar a mbronnadh gradam Spiorad na hIdirbhliana! Buíochas mór leis an Mháistreás Uí Bhriain as ucht an obair agus paisean a chuir sí isteach leis an ghrúpa i rith na bliana. #ismuidetbdhunnangall

Daltaí na scoile ar Bharrscéalta RnaG – éist anseo!

Bhí trúir dalta ón Idirbhliain, Padraig Mac Giolla Choin, Muireann Nic Aoidh agus Sadbh Breathnach in éineacht le Máistreas Newman ar an chlár Barrscéalta ar Radio na Gaeltachta Dé hAoine seo chaite ag labhairt faoin lá Éitis a bhí ann an tseachtain seo chaite do na scoileanna lán-Ghaeilge de chuid an ETB. Éist ar ais anseo!

https://www.rte.ie/radio/rnag/barrscealta/2024/0315/1438128-barrscealta-de-haoine-15-marta-2024/

#ismuidetbdhúnnangall

#Ismuidetbdhunnangall

#céimchuntosaighleetbdhunnangall

#gaeloideachas

#etbi

#etbiethos

#éiteasetbi

#colaisteailigh #scoil

#snag24

Blitz Camógaí

Girseachaí na hIdirbhliana ag imirt camógaíochta i rith Seachtain na Gaeilge le cuidiú ón ár gcairde ó St. Louis! Maith sibh Cate Gventher, Eliza Kelly agus Lucy Givuta! We are sorry our American friends won’t be here for the blitz in April but great sport today playing camogie together! Ár mbuíochas le ATU Leitir Ceanainn, Camogie Ireland, Máistir Ó Dochartaigh agus Lisa Uí Shiadhail as a dtacaíocht!