Ádh Mór le hEoghan – le feiceáil ar líne an tseachtain seo chugainn!

SCIFEST 2020

Eoghan Ó Fearáin

Beef or Leaf?

Ag comórtas áitiúil anseo i nDún na nGall bhuaigh Eoghan duais timpeallachta céad áit lena thionscnamh “Beef or Leaf”, agus ansin ag an chomórtas náisiúnta, bronnadh ceann de na príomhghradaim ar Eoghan.  Mar chuid den duais sin beidh Eoghan mar ionadaí na hÉireann ar an chlár idirnáisiúnta de chuid “Broadcom MASTERS” atá ar siúl an tseachtain seo chugainn ar líne.  Seo cuid de na céardlainn a rinne Eoghan i rith na seachtaine mar chuid den rannpháirtíocht: Ceardlann le NASA ó ionad spáis Ó Cinnéide, (Kennedy space center); le CERN ón Eoraip ar taighde Fisic; Ceardlann ón Marine Rescue Centre, Florida;  le Institiúid Smithsonian agus ceearclann eile le na 26 scoláirí eile a fuair go ceannais Broadmasters ó 22 tír thart ar an domhain.

Guíonn muid gach rath ar Eoghan, agus níl amhras dá laghad ann ach go mbeidh sé ina shár-ambasadóir ní hamháin do Choláiste Ailigh, ach don tír ar fad.

Comhghairdeas le hEoghan, agus le múinteoir Eolaíochta Máistreás Ní Laighneach.