An Chéad Bhliain ag bailiú síolta inniu. Beidh achan dalta sa rang ag plandú síol agus tá súil againn go mbeidh Crainn deas againn an bhliain seo chugainn arís.
Category Archives: Ocáidí
Fáilte ó chroí roimh daltaí an chéad bhliain ag tosú linn.
Tháinig an ghrian amach chun daltaí an chéad bhliain a fáiltiú go Coláiste Ailigh. Seo iad leis an Príomhoide, Leasphríomhoide, Ceann Ranga agus Oidí Ranga: An féidir leat tú féin a aimsiú?
Scannán Eolais do dhaltaí agus tuismitheoirí maidir le filleadh ar scoil.
Féach ar an scannán eolais beag seo sula dtagann tú ar ais isteach ar scoil, le do thoil – tá eolas tábhachtach ann do dhaltaí agus do thuismitheoirí.
Scannán do dhaltaí an Chéad Bhliain ag teacht isteach amárach:
Seo scannán beag do dhaltaí an Chéad Bhiain atá ag teacht isteach chugainn amárach. Tabharfaidh sé treoir duit do mhaidin amárach. Féach air le do thuismitheoirí anocht le bhur dtoil.
Ocáid lán mhothúcháin ag fágáil slán le daltaí na séú bliana – Ádh Mór Rang 2020
Bhí ócáid lán mhothúcháin againn ag fágáil slán le daltaí na séú bliana. Tá muid chomh sásta go raibh an deis againn an rang a fheiceáil i láthair na scoile arís agus an deis a bheith ag achan duine, idir daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus foireann uilig na scoile, slán a fhágáil agus deireadh tréimhse scoile na ndaltaí a cheiliúradh mar is ceart.
Seo físeán den ocáid:
Físeán: Ag fás agus ag forbairt le chéile
Táimid 20 bliain ar an bhfód i mbliana, 20 bliain ag fás agus d’fhás muid le chéile, daltaí agus foireann ó a dhruid an scoil i Mí Marta.
Seo físeán chun aitheantas a thabhairt don fás agus don fhorbairt seo le déanaí:
Seo treoir le tacú le do mhac/iníon foghlaim ar líne tá súil againn go mbeidh sé mar chuidiú daoibh:
Comhairle agus buíochas ó Phairnéirí Bainistíochta Iar-Bhunscoileanna do dhaltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí:
Mar eolas: Oíche cheiliúrtha 20 bliain curtha ar athló
Mar Eolas: De bharr na coinníollacha náisiúnta Covid-19 faoi láthair tá ócáid cheiliúrtha 20 bliain na scoile in Óstán Mount Errigal curtha ar athló.
Daltaí na scoile in ‘Adams Family’ sa Ghrianán
Ádh mór le daltaí uilig na scoile a bheith ar an stáitse do seó ‘The Adams Family’ le Letterkenny Musical Society an tseachtain seo chugain sa Ghrianán agus le Máistreas Uí Róis atá mar stiúrthóir. Ag tosú Dé Máirt go Sathairn 14 Márta. Ticéid ar fáil anois ag www.angrianán.com