Tá Síogaí Daidí na Nollag ag obair go díograsach anseo i gColáiste Ailigh le roinnt seachtainí anuas ag ullmhú don chéad Margadh Nollag anseo sa scoil. Tá ceardaíocht Nollag den scoth déanta ag an idirbhliain agus tá muid uilg anseo fíor bhródúil as an obair atá déanta acu.
Santas Elves have been working very hard here in Coláiste Ailigh in recent weeks preparing for our first Christmas market here in the school. Our transition years have produced excellent Christmas crafts and we are beyond proud of their work.
Category Archives: Ocáidí
Zana agus Sadbh i Scannán Pháistí!
Féach anseo! Daltaí na scoile Zana Akkoc agus Sadbh Breathnach mar chuid den tallann i scannán pháistí ar déileáil le cumha an bháis.
Duais mór Eolaíochta Buaite ag Eoin Ó Fearáin ag SciFest Náisiúnta!
Ba mhaith linn comhghairdeas mór a ghabháil le hEoin Ó Fearáin atá tar éis an duais “SciFest 2020 Broadcom MASTERS Award” a bhaint leis an tionscnamh “Beef or Leaf”. Bhain Eoin trófaí, €500 agus an deis ionadaíocht a dhéanamh ar son Éireann agus SciFest ag “Broadcam MASTERS International”! Beidh sé mar cheann de 30 ionadaithe ó 27 tíortha agus réigiúin agus an t-aon ionadaí a roghnaíodh as Éirinn! Maith thú Eoin!
Ardmholadh do Sheosamh de Bond ó ‘Jigsaw’
Seo saothar ealaíne de chuid Sheosamh de Bond, 5ú bl a fuair ‘Ardmholadh’ i gcomórtas ealaín eagraithe le ‘Jigsaw’ i mbliana. An téama a bhí ann na ‘Féinchúram’
Comhghairdeas Seosamh!
Tabhair Vóta d’Eoin ag SciFest! Cláraigh anseo
Is féidir vóta a thabhairt d’Eoin Ó Fearáin s’againn ag an nasc seo agus é mar chuid de chomórtas SciFest Náisiúnta 2020! Tá sé tuillte go maith aige leis an tógra iontach atá déanta aige “Beef or Leaf?” Cláraigh anseo le do thoil le vótáiln agus chun na tionsnaimh a fheiceáil agus taispeántais agus léachtananna suimiúla a fheicéail idir 19 agus 21 Samhain! Clár thíos.
https://www.eventbrite.ie/e/scifest-2020-national-final-tickets-118166470093
Gloria Seasons ar ais linn sa scoil
Bhí luacháir mhór ar phobal na scoile uilig inniu nuair a d’fhill Alana agus Francis ó Gloria Seasons leis an bia galánta sláintiúil! Fáilte ar ais inár measc!
Buaiteoirí Filíochta inar Measc!
Bhain Roisin Ní Bhrolacháin 1d áit agus Pilib MacAoidh and dara áit i gcomórtais filíochta “Ghastly Poetry” a bhí eagraithe le ShopLK agus Highland Radio in éineacht le Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn. Is iontach an rud gur daltaí Ó Choláiste Ailigh a bhain an dá duais is mó i rannóg meánscoile an chomórtais – Comhghairdeas mór libh! Buíochas mór leis an Máistreás Uí Chadhla agus Máistreas Uí Róis atá mar mhúinteoirí Béarla na ndaltaí seo agus a chur chun tosaigh a gcuid saothair filíochta.
Seo iad i ngrianghraif le Jimmy Stafford, Uachtarán ón Comhlachas Tráchtála Leitir Ceanainn inniu.
ChromeBooks Úra in úsáid sa scoil!
Seo daltaí na cúigiú bliana ag baint tairbhe as na Chromebooks úra – cinnte go gcuirfear le thaithí oideachais na ndaltaí leo sa scoil.
Scannán ar Óiche Shamhna – Bíodh Faitíos Ort!
Chuir daltaí na hidirbhliana an scannán beag seo le chéile d’Oíche Shamhna. Buíochas tuillte ag Will Ó Peatúin, Finn Ó Dubhaigh, Deirbhile Nic Fhloinn, Dearbhla Nic Meanman, Aobha Ní Aragáin, Caoimhe Bond, Aoibhinn Ní Chonaill agus Kayla Nic an tSoinnaigh agus an Máistreas Uí Thaidhg a thug treoir agus cuidiú dóibh. Bain sult!
Zoom ar scilleanna staidéir leis an 3ú agus 6ú bliain
Bhain daltaí na triú agus séú bliana an taitneamh agus tairbhe as seisiún Zoom le Raymond Langan ar scilleanna stadéir inniu. Tá daltaí na ranganna seo an-bhuíoch le Raymond as ucht na straitéisí agus teicnící a phioc siad suas. Mar a fheictear anseo, bhain siad craic amach as seisiún freisin!