Comhghairdeas le ceoltóirí na scoile a ghlac páirt i gCraobh Scléip anocht, ach go háirithe an grúpa ceoil ‘Creid’ a tháinig sa dara háit agus le Pól Mac Giolla Easpaig a bhain amach an chéad áit i rannóg sinsear ceoil uirlis sa tír! Éacht iontach! Éist anseo:
Category Archives: Ocáidí
Ceol álainn ó Dhaltaí rang ceoil an chéad bhliain! Físeán anseo:
Seo agaibh amhrán deas a rinne daltaí an chéad bhliain ón rang ceol agus iad ag taifead ó bhaile! Maith sibh agus moladh ag dul don Mháistreas Uí Thaidgh as ucht na físeáin uilig a chur le chéile!
Craic ag Ceoltóirí Ailigh ag taifead do Theichféile 2021!
Físeán Fáilte ar ais do Dhaltaí na Séú Bliana le Cuidiú ó Chairde na Scoile:
Agus ár scoláirí séú bliana ag ullmhú le bheith chun tosaigh maidir le filleadh ar scoil amárach, ba mhaith linn gach ádh a ghuí orthu agus ar gach scoláire ar fud na tíre. Seo cúpla teachtaireacht dea-mhéine ó phearsaí aitheanta.
With our 6th year students leading the way in their return to school tomorrow, we would like to wish them and all students around the country the very best of luck. Here are few messages from a few familiar faces.
Duais Laoch an Pharóiste faighte ag Jessica agus Danielle Nic Fhloinn
Jessica agus Daneille Nic Fhloinn ar a bhronnadh aitheantas Laoch an Pharóiste as níos mó ná 300 ainmniúcháin san tír agus fiú thart ar an domhain. Deir an tAthair Richard Gibbons, reachtaire Chnoc Mhuire gur mór an onóir an duais seo a fháil. Maith sibh!
Réamhbhabhta Scléip beo anocht ag a 7!
Daltaí Choláiste Ailigh le cloisteáil i réamhbhabhta Scléip beo anocht ag a 7! Seo den chéad scoth a bheas ann!
Bua ag Muireann Ní Mhathúna ag BT Eolaí Óg na Bliana 2021!
Comhghairdeas mór do Mhuireann Ní Mhathúna ón cúigiú bhliain a bhain an tríú áit i rannóg sinsearach ‘Eiceolaíocht agus Bitheolaíocht’ ag BTEolaí Óg na Bliana 2021.
Éacht mór duais Náisiúnta a bhaint amach agus tionscnamh iontach déanta ag Muireann dár teideal “Cén Mais Feamainn a Bheadh de Dhith Chun Mais Áirithe Plaisteach a Dhéanamh agus Cén feamainn áitiúil is fearr le húsáid?” Maith thú Muireann!!
Ba mhaith linn ár gcomhghairdeas a thabhairt do na h-iontrálaithe eile a d’éirigh leo fáil tríd go dtí an chomórtas lena dtionscnaimh iontacha: Pól Mac Giolla Easpaig, Evin Ó Domhnaill, Iseult Ní Mhathúna, Fionnán Ó Muireadhaigh, Eoin Ó Fearáin agus
Go raibh Aimee ag Ceol i Measc na n-Aingeal.
Tá poll mór inár gcroíthe ó d’imigh Aimee bhocht, poll nach líonfar go deo. Cronóimid go mór ár ngirseach chroíúil chairdiúil aigeanta. Go raibh sí ag ceol i measc na n-aingeal feasta.
Óna cairde, a cuid múinteoirí, Bord Bainistíochta agus pobal uile Choláiste Ailigh.
Coinneal lasta ar son Naomh Cholumcille inniu
Coinneal lasta inniu sa scoil ar son Naomh Columcille, chun a bhreith i nGartán 1500 bliain ó shin a cheiliúradh.
Go raibh an Tiarna ina sholas gheal romhat,
Go raibh Sé ina réalt eolais os do chionn,
Go raibh sé ina chosán réidh faoit,
Agus ina shréadaí chineálta i do dhiaidh,
Inniu, anocht, agus i dtólamh.
– BEANNACHT CHOLMCILLE