Category Archives: Ocáidí

Turas ealaíne go dtí an Ghléib

Seo an 5ú agus 6ú bl rang ealaín a bhí ar chuairt inniu ag Teach Gléibe agus gailearaí ealaíne. Bhuail muid le hiardhalta Susie Ní Chuinneagán atá ag obair ar chúrsaí ealaíne le Foireann na Gléibe  faoi lathair. Bhí lá ar dóigh ag gach duine lán le hinspioráid don chéad saothar ealaíne eile!! 

Ádh Mór le hEoghan – le feiceáil ar líne an tseachtain seo chugainn!

SCIFEST 2020

Eoghan Ó Fearáin

Beef or Leaf?

Ag comórtas áitiúil anseo i nDún na nGall bhuaigh Eoghan duais timpeallachta céad áit lena thionscnamh “Beef or Leaf”, agus ansin ag an chomórtas náisiúnta, bronnadh ceann de na príomhghradaim ar Eoghan.  Mar chuid den duais sin beidh Eoghan mar ionadaí na hÉireann ar an chlár idirnáisiúnta de chuid “Broadcom MASTERS” atá ar siúl an tseachtain seo chugainn ar líne.  Seo cuid de na céardlainn a rinne Eoghan i rith na seachtaine mar chuid den rannpháirtíocht: Ceardlann le NASA ó ionad spáis Ó Cinnéide, (Kennedy space center); le CERN ón Eoraip ar taighde Fisic; Ceardlann ón Marine Rescue Centre, Florida;  le Institiúid Smithsonian agus ceearclann eile le na 26 scoláirí eile a fuair go ceannais Broadmasters ó 22 tír thart ar an domhain.

Guíonn muid gach rath ar Eoghan, agus níl amhras dá laghad ann ach go mbeidh sé ina shár-ambasadóir ní hamháin do Choláiste Ailigh, ach don tír ar fad.

Comhghairdeas le hEoghan, agus le múinteoir Eolaíochta Máistreás Ní Laighneach.

Ocáid Bhronnta Duaiseanna 2021

In ainneoin na Coivide d’éirigh linn ócáid bronnta duaiseanna a bheith againn sa scoil chun gaiscí na ndaltaí a cheiliúradh.  Bhí an searmanas le feiceáil beo ar zoom agus is féidir é a fheiceáil ar YouTube na scoile. Seo agaibh samplaí de bhronnta an lae:

BBQ scoile!

An bhfuil rud ar bith níos deise ná BBQ trathnóna Aoine grianmhar? Seo agaibh na múinteoirí i mbun cócaireachta chun burgair agus breocairí teo a chur ar fáil do dhaltaí agus foireann na scoile.

Bua Stairiúil ag Clara Ní Mhatha!

Comhghairdeas mór le Clara Ní Mhatha a bhain as duais don tionscnamh is fearr i gcomórtas Cumann Staire Dhún na nGall. Tháinig Seán Ó Cnáimhsí, Uachtarán Chumann Staire Dhún na nGall agus Pádraig Ó Shealbhaigh ón Chumann isteach inniu chun an duais bhronnadh ar Chlara, anseo leis an múinteoir staire Máistir Mac a’Bhaird. Bhí an tUachtarán lán moladh don tionscnamh cuimsitheach, fiúntach agus tá sé ar intinn é a chrochadh in iarsmalann Dhún na nGall. Maith thú Clara!

Seán Ó Cnáimhsí, Uachtarán Chumann Staire Dhún na nGall ag bronnadh duais don tionscnamh is fearr Staire ar Chlara Ní Mhatha, anseo leis an Máistir Mac a’Bhaird agus Pádraig Ó Shealbhaigh ón Chumann Staire

Liam Ó Hannagáin ag Freastal ar Yale!

Tá Liam Ó Hannagáin, cinnbuachaill na scoile, tar éis ofráil de scoláireachtaí iomlána a fháil ó Princeton, Brown, Dartmouth agus Yale! Tá sé ar intinn ag Liam freastal ar Yale. Tá pobal na scoile iontach brodúil asat Liam!

Liam le tuismitheoirí bródúla Harriet agus Shaun, Príomoide agus leasphríomhoide na scoile