Category Archives: Ocáidí

Bua Seóléinigh ag Nicole Nic an tSionnaigh

Nicole Nic an tSionnaigh anseo ón tríú bliain a tháinig sa chéad áit i gcomórtas aonaránach seóléimnigh 1m idirscoileanna Dhún na nGall i Mhagh an tseachtain seo! Freisin bhain foireann faoi Choláiste Ailigh 1ú agus 2na háit i léimnithe 90cm agus 1m. Anseo le Nicole agus Leah Nic Aoidh ó Choláiste Ghleann na Finne. Comhghairdeas mór leat Nicole, seo an chéad uair a ghlac an scoil páirt i gcomórtas seóléimnigh agus is iontach rud teacht uaidh leis an mbua!

Ceiliúradh na Samhna sa scoil!

Foireann scothaisteoirí iomlán ó Shrek ag siúl thart ar scoil mar chuid de cheiliúradh na Samhna anseo! Maith sibh daltaí na séú bliana agus gach dalta (agus múinteoirí!) a ghléas don ócáid! Bhí seisiúin ceoil as an ngnáth againn freisin!

007!

Daltaí na hIdirbhliana ó Choláiste Ailigh ag BOND sa phictiúrlann inniu! #wearedonegaletb #ismuidetbdhunnangall @CenturyCinemas

“Shoebox Appeal” – bailiúcháin Nollaig – Eolas anseo agus ó Mháistreás Uí Channain

Tá an ‘Christmas Shoebox appeal’ ar ais i mbliana agus tá muidne i gColáiste Ailigh ag bailiú boscaí chun cuidiú leis. Níl le déanamh ach seán bosca bróg a chlúdach le páipéar daite agus é a líonadh le bronntanais dheasa oiriúnach don aois grúpa roghnaithe. Tá na lipéadaí agus bileog eolais ar fáil ó Mháistreás Ni Chanainn.

Tuilleadh eolais: www.teamhope.ie

Spriocdháta: 21 Deireadh Fómhair