Category Archives: Ocáidí

Bua iontach ag foireann sacar F17 na gcailíní

Comhghairdeas le foireann na gcailíní faoi 17 a tháinig ar ais ó 3-0 sa chluiche corn sacar inniu in éadan Pobalscoil Ghaoth Dobhair chun an cluiche a bhaint i rith ciceanna phionóis! Éacht iontach agus spiorad dochreidte léirithe ag an fhoireann. Anseo le Máistir Ó Comhain.

Lá iontach ag réamhbhabhta Scléip

Bhí lá iontach ag ceoltóirí Choláiste Ailigh inné ag réamhbhabhta Scléip Ghael Linn. Comhghairdeas leo uilig ach go háirithe le Sadhb Breathnach, buaiteoir san amhránaíocht aonair le fuaimrian taca agus leis an an dá ghrúpa, buaiteoirí na comórtais shoiséarach agus shinsearach- popghrúpa le féintionlacan. Tá siad tríd anois go babhta ceannais na h-Éireann a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath mí Feabhra. Buíochas leis an Mhaitreas Uí Thaidhg as ucht an stiúradh agus comhairle. Maith sibh!

Diospóireacht le daltaí na Céad Bliana

Seo agaibh daltaí na céad bliana a ghlac páirt i ndíospóireacht scoile an tseachtain seo ar théama dochar úsáid idirlíne ar shláinte agus ar mheabharsláinte daoine óga. Threisigh agus chuir an díospóireacht seo leis an bplé agus obair déanta ‘sna ranganna OSPS ar shábhailteacht idirlíne agus cibearbhulaíocht.