Category Archives: Ocáidí

BBQ scoile!

An bhfuil rud ar bith níos deise ná BBQ trathnóna Aoine grianmhar? Seo agaibh na múinteoirí i mbun cócaireachta chun burgair agus breocairí teo a chur ar fáil do dhaltaí agus foireann na scoile.

Bua Stairiúil ag Clara Ní Mhatha!

Comhghairdeas mór le Clara Ní Mhatha a bhain as duais don tionscnamh is fearr i gcomórtas Cumann Staire Dhún na nGall. Tháinig Seán Ó Cnáimhsí, Uachtarán Chumann Staire Dhún na nGall agus Pádraig Ó Shealbhaigh ón Chumann isteach inniu chun an duais bhronnadh ar Chlara, anseo leis an múinteoir staire Máistir Mac a’Bhaird. Bhí an tUachtarán lán moladh don tionscnamh cuimsitheach, fiúntach agus tá sé ar intinn é a chrochadh in iarsmalann Dhún na nGall. Maith thú Clara!

Seán Ó Cnáimhsí, Uachtarán Chumann Staire Dhún na nGall ag bronnadh duais don tionscnamh is fearr Staire ar Chlara Ní Mhatha, anseo leis an Máistir Mac a’Bhaird agus Pádraig Ó Shealbhaigh ón Chumann Staire

Liam Ó Hannagáin ag Freastal ar Yale!

Tá Liam Ó Hannagáin, cinnbuachaill na scoile, tar éis ofráil de scoláireachtaí iomlána a fháil ó Princeton, Brown, Dartmouth agus Yale! Tá sé ar intinn ag Liam freastal ar Yale. Tá pobal na scoile iontach brodúil asat Liam!

Liam le tuismitheoirí bródúla Harriet agus Shaun, Príomoide agus leasphríomhoide na scoile

Bua ag Craoibh Scléip 2021

Comhghairdeas le ceoltóirí na scoile a ghlac páirt i gCraobh Scléip anocht, ach go háirithe an grúpa ceoil ‘Creid’ a tháinig sa dara háit agus le Pól Mac Giolla Easpaig a bhain amach an chéad áit i rannóg sinsear ceoil uirlis sa tír! Éacht iontach! Éist anseo:

Físeán Fáilte ar ais do Dhaltaí na Séú Bliana le Cuidiú ó Chairde na Scoile:

Agus ár scoláirí séú bliana ag ullmhú le bheith chun tosaigh maidir le filleadh ar scoil amárach, ba mhaith linn gach ádh a ghuí orthu agus ar gach scoláire ar fud na tíre. Seo cúpla teachtaireacht dea-mhéine ó phearsaí aitheanta.

With our 6th year students leading the way in their return to school tomorrow, we would like to wish them and all students around the country the very best of luck. Here are few messages from a few familiar faces.