Category Archives: Ocáidí

Bua ag Muireann Ní Mhathúna ag BT Eolaí Óg na Bliana 2021!

Comhghairdeas mór do Mhuireann Ní Mhathúna ón cúigiú bhliain a bhain an tríú áit i rannóg sinsearach ‘Eiceolaíocht agus Bitheolaíocht’ ag BTEolaí Óg na Bliana 2021.

Éacht mór duais Náisiúnta a bhaint amach agus tionscnamh iontach déanta ag Muireann dár teideal “Cén Mais Feamainn a Bheadh de Dhith Chun Mais Áirithe Plaisteach a Dhéanamh agus Cén feamainn áitiúil is fearr le húsáid?” Maith thú Muireann!!

Ba mhaith linn ár gcomhghairdeas a thabhairt do na h-iontrálaithe eile a d’éirigh leo fáil tríd go dtí an chomórtas lena dtionscnaimh iontacha: Pól Mac Giolla Easpaig, Evin Ó Domhnaill, Iseult Ní Mhathúna, Fionnán Ó Muireadhaigh, Eoin Ó Fearáin agus

Go raibh Aimee ag Ceol i Measc na n-Aingeal.

Tá poll mór inár gcroíthe ó d’imigh Aimee bhocht, poll nach líonfar go deo. Cronóimid go mór ár ngirseach chroíúil chairdiúil aigeanta. Go raibh sí ag ceol i measc na n-aingeal feasta. 
Óna cairde, a cuid múinteoirí, Bord Bainistíochta agus pobal uile Choláiste Ailigh.

Coinneal lasta ar son Naomh Cholumcille inniu

Coinneal lasta inniu sa scoil ar son Naomh Columcille, chun a bhreith i nGartán 1500 bliain ó shin a cheiliúradh.

KODAK Digital Still Camera

Go raibh an Tiarna ina sholas gheal romhat,

Go raibh Sé ina réalt eolais os do chionn,

Go raibh sé ina chosán réidh faoit,

Agus ina shréadaí chineálta i do dhiaidh,

Inniu, anocht, agus i dtólamh.

– BEANNACHT CHOLMCILLE

Filí Óga Choláiste Ailigh!

Filí Óga Choláiste Ailigh! Maith sibh agus bhur dtallann Eimear Nic Taidhg, Sadbh Breathnach, Oisín O Colla, Síne Ní hAodha agus Pól Mac Giolla Easpaig. Brú thíos!

Brú anseo chun an scannán gairid a fheiceáil

Féach anseo ar síoga na Nollag ag ullmhú don Mhargadh – Aoine 11 Nollaig!

Tá Síogaí Daidí na Nollag ag obair go díograsach anseo i gColáiste Ailigh le roinnt seachtainí anuas ag ullmhú don chéad Margadh Nollag anseo sa scoil. Tá ceardaíocht Nollag den scoth déanta ag an idirbhliain agus tá muid uilg anseo fíor bhródúil as an obair atá déanta acu.
Santas Elves have been working very hard here in Coláiste Ailigh in recent weeks preparing for our first Christmas market here in the school. Our transition years have produced excellent Christmas crafts and we are beyond proud of their work.

Duais mór Eolaíochta Buaite ag Eoin Ó Fearáin ag SciFest Náisiúnta!

Ba mhaith linn comhghairdeas mór a ghabháil le hEoin Ó Fearáin atá tar éis an duais “SciFest 2020 Broadcom MASTERS Award” a bhaint leis an tionscnamh “Beef or Leaf”. Bhain Eoin trófaí, €500 agus an deis ionadaíocht a dhéanamh ar son Éireann agus SciFest ag “Broadcam MASTERS International”! Beidh sé mar cheann de 30 ionadaithe ó 27 tíortha agus réigiúin agus an t-aon ionadaí a roghnaíodh as Éirinn! Maith thú Eoin!

Tabhair Vóta d’Eoin ag SciFest! Cláraigh anseo

Is féidir vóta a thabhairt d’Eoin Ó Fearáin s’againn ag an nasc seo agus é mar chuid de chomórtas SciFest Náisiúnta 2020! Tá sé tuillte go maith aige leis an tógra iontach atá déanta aige “Beef or Leaf?” Cláraigh anseo le do thoil le vótáiln agus chun na tionsnaimh a fheiceáil agus taispeántais agus léachtananna suimiúla a fheicéail idir 19 agus 21 Samhain! Clár thíos.

https://www.eventbrite.ie/e/scifest-2020-national-final-tickets-118166470093