Category Archives: Ocáidí

Cailíní F19 sa chispheil – cá bhfuil muid anois?

Is cinnte go bhfuil an cheist ‘cad a tharla ansin?’ in intinn foireann Cispheile na gCailíní F19 tar deireadh a theacht leis an tsraith buaite a bhí acu sa chorn Éireannach nuair a chaill siad in éadan ‘St Patrick Academy Dún Geannain’  le scórlíne 43-59 sa chluiche leathcheannais oíche Luain. Cluiche teann a bhí ann don chuid is mó le cailíní Coláiste Ailigh ag baint na gciseán chomh gasta leis an fhoireann eile, ach d’ardaigh cailíní Dún Geannain a gcluiche sa dara ceathrú agus tharraing siad chun tosaigh de réir a chéile. Cé go raibh an sealbh ag ár ngirseacha go minic, ní raibh na ciseáin ag titim gasta go leor.

Tar éis an rath a bhí ag an fhoireann anuraidh sa sraith náisiúnta F16, tá an cuma ar an scéal gur tháinig an chéim suas go F19 ró luath do mhná óga Chnoc na Móna. Beidh an bhliain seo mar chuar foghlama iontach don fhoireann agus beidh formhór na gcailíní ag imirt ag an leibhéal seo ar feadh dhá bhliain eile, mar sin tá an bua sínte amach os a gcomhair go fóill!

Níl séasúir na gcailíní thart go fóill mar tá cluichí réitigh do Shraithchomórtas na hÉireann le himirt tar dóibh an roinn réigiúnach a bhaint. Beidh siad ag imirt in éadan na himreoirí is fear sa tír ar an 18ú Eanáir. Mar sin Ádh mór leis na cailíní ansin.