
Seo treoir le tacú le do mhac/iníon foghlaim ar líne tá súil againn go mbeidh sé mar chuidiú daoibh:




Mar Eolas: De bharr na coinníollacha náisiúnta Covid-19 faoi láthair tá ócáid cheiliúrtha 20 bliain na scoile in Óstán Mount Errigal curtha ar athló.


Ádh mór le daltaí uilig na scoile a bheith ar an stáitse do seó ‘The Adams Family’ le Letterkenny Musical Society an tseachtain seo chugain sa Ghrianán agus le Máistreas Uí Róis atá mar stiúrthóir. Ag tosú Dé Máirt go Sathairn 14 Márta. Ticéid ar fáil anois ag www.angrianán.com

Ní bheadh a fhios agat cén iontas ceoil a chloisfeá dá mbuailfeá isteach go dtí an seomra ceoil maidin Mháirt!
Ticéid ar fáil anois don bhál & dinnéar ar an 27 Márta in Óstán Mount Errigal! Cuir scairt orainn nó buail isteach sa scoil chun iad a cheannach. €30 an ticéad. Bígí linn!

Comhghairdeas le hAisling Ní Shiadáil, Joseph Mac Suibhne agus Emma Ní Riain a ghlac páirt i réamhbhabhta ‘Abair’ i gColáiste Mhuire, Machaire Fíólta agus a bheidh sa bhabhta ceannais i Mí Aibreán. Maith sibh!

Seo agaibh buaiteoirí ‘Dúshlán 2020- Chonradh na Gaeilge’ Pól Mac Giolla Easpaig, Eimear Ní Bhaoighill agus Méadhbh Ní Shiadháil
B’éigean don triúir 30 dúshláin a chomhlíonadh thar tréimhse 50 uair a’chloig in éadan 187 foireann eile sa Tír! Éacht iontach é an comórtas náisiúnta a bhaint – Rinne siad na dúshláin anseo sa scoil agus chomh maith leis an aitheantas tá duais €500 an duine buaite acu! Comhghairdeas mór libh!-
