Bua Stairiúil ag Clara Ní Mhatha!

Comhghairdeas mór le Clara Ní Mhatha a bhain as duais don tionscnamh is fearr i gcomórtas Cumann Staire Dhún na nGall. Tháinig Seán Ó Cnáimhsí, Uachtarán Chumann Staire Dhún na nGall agus Pádraig Ó Shealbhaigh ón Chumann isteach inniu chun an duais bhronnadh ar Chlara, anseo leis an múinteoir staire Máistir Mac a’Bhaird. Bhí an tUachtarán lán moladh don tionscnamh cuimsitheach, fiúntach agus tá sé ar intinn é a chrochadh in iarsmalann Dhún na nGall. Maith thú Clara!

Seán Ó Cnáimhsí, Uachtarán Chumann Staire Dhún na nGall ag bronnadh duais don tionscnamh is fearr Staire ar Chlara Ní Mhatha, anseo leis an Máistir Mac a’Bhaird agus Pádraig Ó Shealbhaigh ón Chumann Staire