Seo roinnt pictiúir ón turas go Rudolstadt sa Ghearmáin thar seachtain Oíche Shamhna 2018. Thaistil 7 ndalta liom go dtí an baile a bhfuil cleamhnas aige agus Leitir Ceanainn. D’fhreastail muid ar ranganna ón 8 a’ chlog ar maidin go dtí 1.15 i.n agus bhí turasanna sa phlean don iarnóin agus tráthnóna.Thug muid cuairt ar Chaisleán Heidecksburg i lár an bhaile chomh maith le gléasra athchúrsála taobh amuigh de. Bhí oíche shóisialta le ceol agus rince na hÉireann eagraithe ag fear uasal as Leitir Ceanainn, Karol Kerrane, atá cónaí air i Rudolstadt i láthair na huaire. Bhí na aoi-theaghlaigh thar a bheith flaithiúil linn. Bhí seans ag ár ndaltaí Gearmáinis a labhairt agus deirtear gur fhoghlaim siad níos mó Gearmáinise ann taobh istigh de sheachtain amháin ná mar a d’fhoghlaim siad sa seomra ranga i gcúig bliana. Bhain muid uilig tairbhe agus sult as ár gcuairt agus táimid ag súil go mór le bheith i dteagmháil le scoileanna Rudolstadt go rialta. Máistreas Goppert.
Category Archives: Ocáidí
Cuairt agus craic le daltaí ó Choláiste Chillian
Thug daltaí ó Choláiste Chillian i mBaile Átha Cliath cuairt ar Choláiste Ailigh an seachtain seo ar a mbealach go Coláiste na Rosann. Chaith siad uair linn ag bualadh le daltaí na céad bliana chun cluichí a imirt agus spórt agus spraoi a bheith acu trí mhean na Gaeilge. Seo cúpla cuimhniucháin den ócáid:
Ocáid iontach ag an gcluiche idir Cláirseacha na Finne agus Óglaigh na hÉireann!
Bhí cluiche agus ocáid ar dóigh againn dé hAoine ag an gcluiche idir Cláirseacha na Finne agus Óglaigh na hÉireann. Míle buíochas do gach duine a ghlac páirt agus a chuidigh ar an lá agus ar na laethannta ag teacht suas go dtí an cluiche chun lá iontach a chruthú, idir dhaltaí, foireann BAM agus foireann uile na scoile. Ár mbuíochas do gach duine a dhíol ticéidí don ocáid agus don chranncur chun airgead a bhailiú don scoil. Míle buíochais arís.
Seo roinnt cuimniúcháin den ocáid:
Bronnadh Gaelbhratach i mBaile Átha Cliath
Seo cuid de na daltaí a bhí páirteach i bhfeachtas ráthúil an Gaelbhrataigh i mBliain ag an bronnadh i mBaile Átha Cliath – Comhghairdeas Mór libh!
Bliain ráthúil ag an Idirbhliain le Banc na Scoile
Spórt agus Spraoi ag an gCluiche Peile idir Daltaí agus Múinteoirí
Duaiseann don chéad áit bainte amach ag scoláirí Choláiste Ailigh ag comórtas eolaíochta Scifest
Comhghairdeas Mór le Cormac Ó Maolrain agus le Seán Óbraoin a bhain duaiseann don chéad áit i gcomórtas Scifest Dé hAoine in Insitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceannain.
Bhian Cormac an duais don chéad áit ina rannóg, Eolaíocht fisiciúil, lena thionsnamh ar réalta agus an Ghrian.
Bhain Seán ó Braoin duais don tionscnamh is fearr teicneolaíochta sa chomórtas.
Comhghairdeas mór daoibh agus don Mháistreas Nic Lochlainn agus Máistir Ó Giobúin.
Gaelbhratach bainte amach ag Coláiste Ailigh!!
Comhghairdeas mór le Máistreas Ní Gallachóir agus gach dalta agus múinteoir a bhí páirteach in imeachtaí an Ghaelbhrataigh i mbliana. Is éacht mór Gaeilbhratach a bhaint amach agus an-chuid oibre déanta ag gach déanta a ghlac páirt thar na bliana. Máith sibh!!!!
Avengers: Infinity War – 6 a’chlog anocht i scáileann 1
Tá Cumann na dTuismitheoirí ag eagrú craoladh speisialta den scannán úr “Avengers: Infinity War” ag a 6 a’chlog i Scáileán 1 ag Century Cinemas anocht. Is €10 costas na dticéad is féidir le daltaí atá ag an scannán an ticéad a úsáid mar phas d’oíche gan obair bhaile anocht