Cuimhneacháin ón turas go Rudolstadt sa Ghearmáin

Seo roinnt pictiúir ón turas go Rudolstadt sa Ghearmáin thar seachtain Oíche Shamhna 2018. Thaistil 7 ndalta liom go dtí an baile a bhfuil cleamhnas aige agus Leitir Ceanainn. D’fhreastail muid ar ranganna ón 8 a’ chlog ar maidin go dtí 1.15 i.n agus bhí turasanna sa phlean don iarnóin agus tráthnóna.Thug muid cuairt ar Chaisleán Heidecksburg i lár an bhaile chomh maith le gléasra athchúrsála taobh amuigh de. Bhí oíche shóisialta le ceol agus rince na hÉireann eagraithe ag fear uasal as Leitir Ceanainn, Karol Kerrane, atá cónaí air i Rudolstadt i láthair na huaire. Bhí na aoi-theaghlaigh thar a bheith flaithiúil linn. Bhí seans ag ár ndaltaí Gearmáinis a labhairt agus deirtear gur fhoghlaim siad níos mó Gearmáinise ann taobh istigh de sheachtain amháin ná mar a d’fhoghlaim siad sa seomra ranga i gcúig bliana. Bhain muid uilig tairbhe agus sult as ár gcuairt agus táimid ag súil go mór le bheith i dteagmháil le scoileanna Rudolstadt go rialta. Máistreas Goppert.