Category Archives: Ocáidí

Comhghairdeas le foireann cispheil faoi 16 Choláiste Ailigh

Bua i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireanne faighte ag Cailíní f16 Choláiste Ailigh in éadan foireann láidir Pobalscoil an Ghleanna, Gleann na Mada, Gaillimh. D’imríodh an cluiche i halla spóirt Choláiste Ailigh os comhair lucht féachana mór ags chríochnaigh sé le scór 44 go 21. Gluaisfidh foireann C.A. ar aghaidh anois go dtí an cluiche leath-cheannais a bheidh ar siúil i dTamhlach tar éis na Nollag.

Taispeánann an griangraif seo, glactha roimh an cluiche, an fhoireann le cóitseálaí Lynda Nic Aonghusa agus bainisteoir Keith Ó Comhain.

Cúl ó chlé:

Lynda Nic Aonghusa,

Áine Nic Giolla Lontóg

Michaela Ní Ghallchoir

Shannon Ní Chuinneagáin

Shauna Ni Uiginn

Erin Ní Dhochartaigh

Keith Ó Comhain

Tosach ó chlé.

Siubhán Ní Dhomhnaill

Sinead Nic atSaoir

Ellie Ní Maoldomhnaigh

Kayleigh Nic Aonghusa

Méadhbh Ní Shiadháil

Súile na nÓg

Moladh ard ag dul go Leah Nic an Uisce, Kevina Ni Bharcar agus Aoibheann Ni Mhianain ó Choláiste Ailigh atá páirteach sa taispeántas ealaín Scoile – ‘Súile na nÓg’ san ionad cultúrtha i Leitir Ceanainn faoi láthair.

Cuimhneacháin ón turas go Rudolstadt sa Ghearmáin

Seo roinnt pictiúir ón turas go Rudolstadt sa Ghearmáin thar seachtain Oíche Shamhna 2018. Thaistil 7 ndalta liom go dtí an baile a bhfuil cleamhnas aige agus Leitir Ceanainn. D’fhreastail muid ar ranganna ón 8 a’ chlog ar maidin go dtí 1.15 i.n agus bhí turasanna sa phlean don iarnóin agus tráthnóna.Thug muid cuairt ar Chaisleán Heidecksburg i lár an bhaile chomh maith le gléasra athchúrsála taobh amuigh de. Bhí oíche shóisialta le ceol agus rince na hÉireann eagraithe ag fear uasal as Leitir Ceanainn, Karol Kerrane, atá cónaí air i Rudolstadt i láthair na huaire. Bhí na aoi-theaghlaigh thar a bheith flaithiúil linn. Bhí seans ag ár ndaltaí Gearmáinis a labhairt agus deirtear gur fhoghlaim siad níos mó Gearmáinise ann taobh istigh de sheachtain amháin ná mar a d’fhoghlaim siad sa seomra ranga i gcúig bliana. Bhain muid uilig tairbhe agus sult as ár gcuairt agus táimid ag súil go mór le bheith i dteagmháil le scoileanna Rudolstadt go rialta. Máistreas Goppert.

Cuairt agus craic le daltaí ó Choláiste Chillian

Thug daltaí ó Choláiste  Chillian i mBaile Átha Cliath cuairt ar Choláiste Ailigh an seachtain seo ar a mbealach go Coláiste na Rosann. Chaith siad uair linn ag bualadh le daltaí na céad bliana chun cluichí a imirt agus spórt agus spraoi a bheith acu trí mhean na Gaeilge. Seo cúpla cuimhniucháin den ócáid:

Ocáid iontach ag an gcluiche idir Cláirseacha na Finne agus Óglaigh na hÉireann!

Bhí cluiche agus ocáid ar dóigh againn dé hAoine ag an gcluiche idir Cláirseacha na Finne agus Óglaigh na hÉireann. Míle buíochas do gach duine a ghlac páirt agus a chuidigh ar an lá agus ar na laethannta ag teacht suas go dtí an cluiche chun lá iontach a chruthú, idir dhaltaí, foireann BAM agus foireann uile na scoile. Ár mbuíochas do gach duine a dhíol ticéidí don ocáid agus don chranncur chun airgead a bhailiú don scoil. Míle buíochais arís. 

Seo roinnt cuimniúcháin den ocáid:

Duaiseann don chéad áit bainte amach ag scoláirí Choláiste Ailigh ag comórtas eolaíochta Scifest

Comhghairdeas Mór le Cormac Ó Maolrain agus le Seán Óbraoin a bhain duaiseann don chéad áit i gcomórtas Scifest Dé hAoine in Insitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceannain.

Bhian Cormac an duais don chéad áit ina rannóg, Eolaíocht fisiciúil, lena thionsnamh ar réalta agus an Ghrian.

Bhain Seán ó Braoin duais don tionscnamh is fearr teicneolaíochta sa chomórtas.

Comhghairdeas mór daoibh agus don Mháistreas Nic Lochlainn agus Máistir Ó Giobúin.