Ceoltóirí ildánacha Choláiste Ailigh ag lonrú i gcomórtas Scléip

Ghlac 60 dalta as Coláiste Ailigh, idir an dara bhliain, idirbhliain agus an séú bliain, páirt i gcomórtas ceoil Scléip an tseachtain seo sa tSraith Bháin – an rannpháirtíocht is airde ó scoil ar bith in Uladh. Chuir siad taispeántais iontacha ceoil agus damhsa i láthair agus bhain an scoil léir mhór duaiseanna idir na catagóirí éagsúla. Rachaidh Pól, Afraic, Amy, grúpa ceoil na dara bliana agus ‘Rasta Cneasta’ ón séú bliain ar aghaidh go babhta ceannais na hÉireann i mBaile Átha Cliath mí Eanáir. Bhí ócáid galánta againn an mhaidin dár gcionn, áit a bhfuair pobail na scoile an deis blas den tallann a chloisint sa halla. Seo roinnt griangraifeanna agus físeanna de na hócáidí ceolmhara sin.

 

https://photos.app.goo.gl/sZzhLacnt6YQj4Bd7 

https://photos.app.goo.gl/jBquhmKu3ZRxsvzo9

https://photos.app.goo.gl/WKbGPXtWDiGRCkxX7