Category Archives: Ocáidí

Buíochas le Katy Herron LGFA Dhún na nGall

Buíochas mór le Katy Herron as LGFA Dhún na nGall a chur lá iontach ar fáil do na girseacha anseo i gColáiste Ailigh agus as ucht muid a roghnú don chlár scoile #serioussupport

[slideshow_deploy id=’1850’]

<?php do_action(‘slideshow_deploy’, ‘1850’); ?>

Fáilte roimh an chéad bhliain úr!

Fáilte Mhór roimh an chéad bhliain úr a thosaigh inniu. Go n-éireoidh go geal libh anseo i gColáiste Ailigh!

An chéad bhliain úr ar a gcéad lá ar scoil le blianmhúinteoir Seán Ó Gallchóir agus oidí ranga Helen Uí Cheallaigh agus Méabha Ní Chailín.
Leasphríomhoide úr Choláiste Ailigh Rósa Nic Lochlainn le grúpa de thriúr cúplaí ar a gcéad lá: Senan Ó Mairtín, Bébhinn Nic Giolla Chomhaill, Killlian Ó Bairr, Niamh Ní Bhairr, Cianán Mac Giolla Chomhaill agus Ellie Ní Mhairtín.

Ocáid Bhronnta Duaiseanna na scoile – comhghairdeas le cách!

Bhí ócáid álainn againn sa scoil chun aitheantas a thabhairt do dhaltaí na scoile agus a gcuid éachtaí thar an bhliain. Ina measc bronnadh gradaim acadúla, dul chun cinn, spóirt, eolaíochta, litríochta, filíochta, ealaíne, ceoil, cultúrtha agus tinrimh. Comhghairdeas mór tuilte agaibh tar éis bliain lán éachtaí.

Torthaí Rás 5k Ailigh

Go raibh maith agaibh gach duine a ghlac páirt i rás/siúl 5k Ailigh. Bhí ocáid ar dóigh againn buíochas le na reathaí agus achan duine a thug cuidiú agus tacaíocht ar an lá agus le coiste na dtuismitheoirí, ach go háirithe ar son an eagraíocht agus na soláistí galannta!

Seo torthaí an rás:

Buaiteoir Duais ealaíne ‘Jigsaw ‘!

Comhghairdeas mór le Chloe Ní Dhochartaigh ón 5ú bl a bhain chéad áit i gcomórtas ealaíne eagraithe ag ‘JIGSAW Dún na nGall’. Fuair Chloe táibléad mar dhuais agus beidh an saothar ealaíne crochta in oifig Jigsaw go deireadh na bliana.