Category Archives: Ocáidí

Curaidh na hÉireann 2019!

Comhghairdeas leis na cailíní F16 atá anois mar churaidh na hÉireann sa chispheil tar éis an bua iontach a bhí acu le scórlíne 59 go 26 in éadan Cnoc Labhrais i mBaile Átha Cliath inné. Tá pobal na scoile uilig iontach bródúil asaibh!

Seo roinnt grianghraif den ócáid stairiúil:

Agús fís den chluiche:

Bua do na Cailíní Sinsearacha!

Comhghairdeas mór do na cailíní i bhfoireann shinsearach F20 peile na scoile a bhain cluiche leath ceannais Uladh inniu in éadan Coláiste Loreto an Chabháin le scórlíne 6-4 go 1-5. Imreoidh siad in éadan Coláiste Thornhill, Doire i gcluiche ceannais Uladh Dé hAoine 25 Eanáir.

Comhghairdeas lenár nEolaithe Óga!

comhghairdeas mór tuillte ag na daltaí uilig a ghlac páirt i gComórtas BT Eolaí Óg 2019. Chuaigh seacht dtionscnaimh shuimiúla síos go Baile Átha Cliath a tharraing suim agus meas na moltóirí agus an phobail ghinearálta, na meán cumarsáide ina measc.

D’éirigh linn trí dhuaiseanna a ghlacadh abhaile linn freisin, le hOisín Ó Fearáin ón idirbhliain ag piocadh suas dhá dhuais, ceann amháin don tionscnamh is fearr trí mheán na Gaeilge, dá thionscnamh ar mheon aoisghrúpaí éagsúla ar an athrú aeráide. Bhain Clodadh Ní Chonchúir ón gCéad Bhliain duais chomh maith ar úsáid seile mar tháscaire ar díhiodráitiú.

Chuaigh scaifte daltaí ón scoil síos don lá Dé hAoine freisin chun blas den ócáid agus inspioráid a fháil. Bhain siad an sult agus tairbhe as an lá.

Aoibheann Ní Mhianáin agus Kevina Ní Bharcar Ceaptha mar ambasadóirí ríomh-shábháilteachta.

Aoibheann Ní Mhianáin agus Kevina Ní Bharcar ón Idirbhliain lena Múinteoir Máistreás Ní Laighneach.
Ceapadh Aoibheann agus Kevina mar ambasadóirí ar lá ríomh shábháilteacht.
Bhí seimineár gréasáin acu ar 11 Nollaig 2018 agus ar an 10 Eanáir 2019 beidh lá traenála acu i gceannáras GOOGLE i mBaile Átha Cliath. Tar éis an lae traenála cuirfidh siad clár ríomh shábháilteacht ar fáil do na scoláirí uilig sa scoil.