Category Archives: Ocáidí

Bliotschomórtas cispheile Buaite ag réalta Choláiste Ailigh

Comhghairedeas mór le foireann Choláiste Ailigh F16 a bhain teideal Buaiteoirí Sraithchomórtas Chontae Dún na nGall tar éis an bhua a bheith acu thar Choláiste Naomh Columbus, Sraith an Urláir, Coláiste Maolruaidh, Baile na nGallóglach agus Naomh Cholumbus, Na Gleannta. Réiteoir Gerry Hannon ag bronnadh an cupán ar chaptaein na foirne Áine Nic Giolla Iontóg.

Spraoi ag rang a sé ar an lá oscailte!

 

Bhí lá den scoth ag daltaí rang a sé ó na scoileann áitiúla a chaith tréimhsí le muinteoirí na scoile agus blas á fháil acu ar abhair éagsúla na scoile. Seo roinnt griangraifeanna:


1.       Rachel Price and Zara Short le daltaí Cholaiste Ailigh Andrea Ní Chuitlife agus Erin Ní Chanainn
2.       Niamh Wilkins, Bevin Coyle agus Ellie Martin le Maistir O Breacain 3.       Grace Nugent, Chloe Boyle, Rona Mc Carron, Phillip McGee, Senan Martin agus Cormac Breathnach 4.       Ronan Higgins, Rudi Murphy-Brown agus Micheal Mulraine le Maistir Keith O Comhain 5.      Ar chúl: l-r: Katie Coyle, Nicole Fox, Cassie O Donnell-Bonner, Beibhinn Laverty. Chun tosaigh: Caitlin Fletch, Kelly Dorrian, Ella Tobin, Sophie Crealey, Amy Devenney Rhianna Sheridan6.       Daltaí ó  Scoil Naisiúnta an Ghlasáin, Craosloch, Illistrin National School agus N. Bhríd, na Dúnaibh. 7.       Príobhoide Micheal O Giobain ag taispeáint an scoil go grúpa daltaí8.       Pupils le Maistir O Maolagáin ag taispeáint na fáinní eochair a rinne siad go bródúil.

Shannon Ní Chuinneagáin Roghnaithe mar bhall d’fhoireann cispheile F16 na hÉireann!

 

Comhghairedeas mór le Shannon Ní Chuinneagáin a roghnaíodh mar bhall d’fhoireann cispheile F16 na hÉireann. Seo Máistir Ó Comháin, Maistreas Ní Laighneach agus Máistir Ó Giobúin le Shannon agus í ag fáil bronnadh speisialta ón roinn spóirt na scoile.

 

Féach sliocht iriseora thíos:

“Shannon Cunningham (Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn & Letterkenny Blaze) was selected as one of 21 players for the Irish U16 Women’s Squad for 2018/2019. The Ireland Under 16 Women’s teams travel to Minsk, Belarus this weekend for an international tournament.  The tournament is part of the squads’ preparations ahead of next summer’s FIBA U16 European Championship Division B.  Shannon along with her the rest of the team will play Belarus, Poland and Lithuania over the three day tournament.  Ireland Under 16 women’s head coach Andy Gill stated: “The three games will act as a learning experience for the players and will demonstrate to them the demands of European elite basketball.” Shannon is a member of the Coláiste Ailigh’s u16 team who have reached the All-Ireland school’s semi-final which will be played after Christmas.

Keith Ó Comhain, Coláiste Ailigh’s head of Physical Education Department, makes a special presentation to Shannon Ní Chuinneagáin in recognition of her selection on the Irish u16 ladies basketball team. Also in photo is Siobhan Ní laighneach agus Micheál Ó Giobúin, Príomhoide, Coláiste Ailigh.”

Ceoltóirí ildánacha Choláiste Ailigh ag lonrú i gcomórtas Scléip

Ghlac 60 dalta as Coláiste Ailigh, idir an dara bhliain, idirbhliain agus an séú bliain, páirt i gcomórtas ceoil Scléip an tseachtain seo sa tSraith Bháin – an rannpháirtíocht is airde ó scoil ar bith in Uladh. Chuir siad taispeántais iontacha ceoil agus damhsa i láthair agus bhain an scoil léir mhór duaiseanna idir na catagóirí éagsúla. Rachaidh Pól, Afraic, Amy, grúpa ceoil na dara bliana agus ‘Rasta Cneasta’ ón séú bliain ar aghaidh go babhta ceannais na hÉireann i mBaile Átha Cliath mí Eanáir. Bhí ócáid galánta againn an mhaidin dár gcionn, áit a bhfuair pobail na scoile an deis blas den tallann a chloisint sa halla. Seo roinnt griangraifeanna agus físeanna de na hócáidí ceolmhara sin.

 

https://photos.app.goo.gl/sZzhLacnt6YQj4Bd7 

https://photos.app.goo.gl/jBquhmKu3ZRxsvzo9

https://photos.app.goo.gl/WKbGPXtWDiGRCkxX7

Comhghairdeas le foireann cispheil faoi 16 Choláiste Ailigh

Bua i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireanne faighte ag Cailíní f16 Choláiste Ailigh in éadan foireann láidir Pobalscoil an Ghleanna, Gleann na Mada, Gaillimh. D’imríodh an cluiche i halla spóirt Choláiste Ailigh os comhair lucht féachana mór ags chríochnaigh sé le scór 44 go 21. Gluaisfidh foireann C.A. ar aghaidh anois go dtí an cluiche leath-cheannais a bheidh ar siúil i dTamhlach tar éis na Nollag.

Taispeánann an griangraif seo, glactha roimh an cluiche, an fhoireann le cóitseálaí Lynda Nic Aonghusa agus bainisteoir Keith Ó Comhain.

Cúl ó chlé:

Lynda Nic Aonghusa,

Áine Nic Giolla Lontóg

Michaela Ní Ghallchoir

Shannon Ní Chuinneagáin

Shauna Ni Uiginn

Erin Ní Dhochartaigh

Keith Ó Comhain

Tosach ó chlé.

Siubhán Ní Dhomhnaill

Sinead Nic atSaoir

Ellie Ní Maoldomhnaigh

Kayleigh Nic Aonghusa

Méadhbh Ní Shiadháil

Súile na nÓg

Moladh ard ag dul go Leah Nic an Uisce, Kevina Ni Bharcar agus Aoibheann Ni Mhianain ó Choláiste Ailigh atá páirteach sa taispeántas ealaín Scoile – ‘Súile na nÓg’ san ionad cultúrtha i Leitir Ceanainn faoi láthair.

Cuimhneacháin ón turas go Rudolstadt sa Ghearmáin

Seo roinnt pictiúir ón turas go Rudolstadt sa Ghearmáin thar seachtain Oíche Shamhna 2018. Thaistil 7 ndalta liom go dtí an baile a bhfuil cleamhnas aige agus Leitir Ceanainn. D’fhreastail muid ar ranganna ón 8 a’ chlog ar maidin go dtí 1.15 i.n agus bhí turasanna sa phlean don iarnóin agus tráthnóna.Thug muid cuairt ar Chaisleán Heidecksburg i lár an bhaile chomh maith le gléasra athchúrsála taobh amuigh de. Bhí oíche shóisialta le ceol agus rince na hÉireann eagraithe ag fear uasal as Leitir Ceanainn, Karol Kerrane, atá cónaí air i Rudolstadt i láthair na huaire. Bhí na aoi-theaghlaigh thar a bheith flaithiúil linn. Bhí seans ag ár ndaltaí Gearmáinis a labhairt agus deirtear gur fhoghlaim siad níos mó Gearmáinise ann taobh istigh de sheachtain amháin ná mar a d’fhoghlaim siad sa seomra ranga i gcúig bliana. Bhain muid uilig tairbhe agus sult as ár gcuairt agus táimid ag súil go mór le bheith i dteagmháil le scoileanna Rudolstadt go rialta. Máistreas Goppert.