Fáilte Roimh Ár gCuairteoirí Ón Ghearmáin

Thug triúr dalta meán scoile ónár scoil chomhpháirtíochta an Staatliche Regelschule “Friedrich Schiller” i Rudolstadt na Gearmáine cuairte orainn Dé Luain, 30 Meán Fómhair. Bhí Marie, Luca agus Julian in éineacht lena múinteoirí Frau Bernhardt agus Frau Grohmann, agus leas-mhéara an bhaile Herr Schreiber. Thaispeáin an 3 Bliain thart na scoile iad i nGearmáinis agus bhí siad an-tógtha lenár n-áiseanna nua-aimseartha. Tá muid ag súil le bheith i dteagmháil leis an scoil seo anois ar bhonn níos rialta.