Category Archives: Ocáidí

Comhghairdeas Iseult – Comórtas ‘Soapbox’ i mBaile Átha Cliath!

Ghlac grúpa ón 3ú bliain agus an Idirbhliain páirt i gcomórtas náisiúnta a bhí curtha ar siúl ag Coimisiún na hEorapa  ar Athrú Aeráide i Leabharlann Leitir Ceanainn ar na mallaibh. Bhí orthu óráid Soapbox a ullmhú ar an topaic “Climate Change is not my Problem”.  Bhí na daltaí go léir eagraithe, paiseanta agus proifisiúnta ar an oíche. D’éirigh le daltaí Choláiste Ailigh an chéad agus dara háit a fháil sa rannóg faoi 18. Fuair Iseult Ní Mhathúna an chéad duais agus fuair Ella Ní Ghallachóir an dara duais. Mar pháirt den duais a fuair sí tugadh cuireadh do h-Iseult ionadaíocht a dhéanamh ar Dhún na nGall ag comhdháil náisiúnta ar Athrú Aeráide i gColáiste Ríoga Lianna na hÉireann. D’éirigh le Iseult an dara háit a fháil sa cómórtas náisiúnta faoi 18. Tá muid uilig mar fhoireann iomlán scoile fíor-brodúil as an iarracht a chur Iseult isteach, tá ard moladh tuillte aici. 

Eoin Ó Domhnaill ag Dáil Éireann!

Daltaí na scoile ag breathnú ar Eoin Ó Dhomhnaill agus é ag comhthionól na nÓg ar Athrú Aeráide i nDáil Éireann Dé hAoine:, maith thú Eoin!

Daltaí na scoile ag breathnú ar Eoin Ó Dhomhnaill agus é ag comhthinól na nÓg ar Athrú Aeráid i nDáil Éireann Dé hAoine.

Scoláireachtaí faighte ag Diarmuid Ó Cathail agus Ailsing Ní Fhearáín do UCD

Comhghairdeas le h-iardhalta Diarmuid Ó Cathail ar a bronnadh Scolaireacht faoi Scéim na Gaeilge in Ollscoil Bhaile Átha Cliath aréir, le Príomhoide Coláiste Ailigh Micheál Ó Giobúin
Comhghairdeas le hAisling Ní Fhearáin ar a bronnadh scoláireacht iontrála aréir in Ollscoil Bhaile Átha Cliath, le Príomhoide na Scoile Micheál Ó Giobúin
Diarmuid Ó Cathail lena dheirfiúr Méabh agus a mháthair Bairbre le hAisling Ní Fhearáin agus a máthair Dara ag bronnadh na scoláireachtaí in Ollscoil Bhaile Átha Cliath aréir

Aisling Ní Fhearáin lena máthair bródúil Dara.

Gradam Leabhair Éireannaigh – Comhghairdeas agus Ádh mór leis an Máistir Mac a’Bhaird

Comhghairdeas Mór leis an Máistir Mac a’Bhaird atá ainmnithe ar ghearrliosta do ghradam náisiúnta – An Post – Irish Book Award 2019. Tá an t-áth linn go bhfuil tallann den chineál seo mar mhúinteoir againn sa scoil anseo i gColáiste Ailigh. Roghnófar na buaiteoirí náisiúnta Dé Céadaoin 20 Samhain. Áth mór a Mháistir!

https://www.rte.ie/culture/2019/1018/1084192-shortlist-announced-for-irish-book-awards-2019/

Máistir Mac a'Bhaird
Máistir Mac a'Bhaird: Stair, Gaeilge

Cormac Breathnach agus Seachtain na hEolaíochta

Seo agaibh Cormac Breathnach ón chéad bhliain ag cur crann fuinseoige mar cheiliúradh ar Sheachtain Eolaíochta. D’éirigh le Cormac fáil tríd go comórtas BT Eolaí Óg na Bliana le tionscadal bainteach le galar chríonadh siar a bhíonn éifeacht aige ar chrainn fuinseoga. Bíonn tionchar ollmhór ag an ghalar seo ar mhéid an adhmaid seo atá ar fáil chun camáin a dhéanamh. Iompórtáiltear ochtú cúig f’an gcéad den fhuinseog atá de dhíth faoi láthair. Tá Cormac ag déanamh staidéar ar adhmaid dúchais ailtéarnacha le húsáid chun camáin a dhéanamh. Is iománaí den scoth é Cormac mar atá a athair atá le feiceáil sa ghrianghraif anseo freisin.

Ó clé: Colm Breathnach, Príomhoide Gaelscoil Adhamhnáin, Frank Ward, Facilities Manager, BAM, Cormac Breathnach, Siún Göppert, comhordaitheoir Brat Glas, Coláiste Ailigh, Micheál Ó Giobúin, Príomhoide, Coláiste Ailigh