Comhghairdeas Iseult – Comórtas ‘Soapbox’ i mBaile Átha Cliath!

Ghlac grúpa ón 3ú bliain agus an Idirbhliain páirt i gcomórtas náisiúnta a bhí curtha ar siúl ag Coimisiún na hEorapa  ar Athrú Aeráide i Leabharlann Leitir Ceanainn ar na mallaibh. Bhí orthu óráid Soapbox a ullmhú ar an topaic “Climate Change is not my Problem”.  Bhí na daltaí go léir eagraithe, paiseanta agus proifisiúnta ar an oíche. D’éirigh le daltaí Choláiste Ailigh an chéad agus dara háit a fháil sa rannóg faoi 18. Fuair Iseult Ní Mhathúna an chéad duais agus fuair Ella Ní Ghallachóir an dara duais. Mar pháirt den duais a fuair sí tugadh cuireadh do h-Iseult ionadaíocht a dhéanamh ar Dhún na nGall ag comhdháil náisiúnta ar Athrú Aeráide i gColáiste Ríoga Lianna na hÉireann. D’éirigh le Iseult an dara háit a fháil sa cómórtas náisiúnta faoi 18. Tá muid uilig mar fhoireann iomlán scoile fíor-brodúil as an iarracht a chur Iseult isteach, tá ard moladh tuillte aici.