Ocáid Bhronnta Duaiseanna na scoile – comhghairdeas le cách!

Bhí ócáid álainn againn sa scoil chun aitheantas a thabhairt do dhaltaí na scoile agus a gcuid éachtaí thar an bhliain. Ina measc bronnadh gradaim acadúla, dul chun cinn, spóirt, eolaíochta, litríochta, filíochta, ealaíne, ceoil, cultúrtha agus tinrimh. Comhghairdeas mór tuilte agaibh tar éis bliain lán éachtaí.