Buaiteoir Duais ealaíne ‘Jigsaw ‘!

Comhghairdeas mór le Chloe Ní Dhochartaigh ón 5ú bl a bhain chéad áit i gcomórtas ealaíne eagraithe ag ‘JIGSAW Dún na nGall’. Fuair Chloe táibléad mar dhuais agus beidh an saothar ealaíne crochta in oifig Jigsaw go deireadh na bliana.