Maith sibh an cúigiú bliain as ucht an rannpháirtíocht dearfach agus an chraic ag surfáil inné i mBun Dobhrán!
All posts by Shane
Comhghairdeas le Caithríona Ní Dhochartaigh – Fóstaí na Míosa!
Comhghairdeas mór le Caitríona ní Dhochartaigh as ucht aitheantas Fostaí na Míosa a bhaint in Centrury Cinemas! Maith thú tá muid uilig iontach bródúil asat.
Ocáid Bhronnta Duaiseanna na scoile – comhghairdeas le cách!
Bhí ócáid álainn againn sa scoil chun aitheantas a thabhairt do dhaltaí na scoile agus a gcuid éachtaí thar an bhliain. Ina measc bronnadh gradaim acadúla, dul chun cinn, spóirt, eolaíochta, litríochta, filíochta, ealaíne, ceoil, cultúrtha agus tinrimh. Comhghairdeas mór tuilte agaibh tar éis bliain lán éachtaí.
Torthaí Rás 5k Ailigh
Go raibh maith agaibh gach duine a ghlac páirt i rás/siúl 5k Ailigh. Bhí ocáid ar dóigh againn buíochas le na reathaí agus achan duine a thug cuidiú agus tacaíocht ar an lá agus le coiste na dtuismitheoirí, ach go háirithe ar son an eagraíocht agus na soláistí galannta!
Seo torthaí an rás:
Os cionn €6000 bailithe ag Máistir Ó Maolagáin d’Fhoireann peile na scoile agus d’oispís Dhún na nGall!
Moladh mór ag dul don Máistir Ó Maolagáin a bhailigh os cionn €6000 don scoile agus d’oispís Dhún na nGall. Éacht déanta aige agus buíochas do gach múinteoir, dalta agus rannpáirtí eile sa chás.
Lá Folláine i gColáiste Ailigh
Amuigh ar an pháirc ag rith le Máistir Ó Maolagáin ar son carthanacht ar Lá Folláine sa scoil!
Buaiteoir Duais ealaíne ‘Jigsaw ‘!
Comhghairdeas mór le Chloe Ní Dhochartaigh ón 5ú bl a
Áth mór ar fhoireann sacair na mban f15 ag cluiche ceannais na hÉireann inniu!
ÁTH MÓR AR FHOIREANN SACAIR NA MBAN F15 AG
Míle buíochas d’Ionad Chúram Leanaí Wonder Years a
Abair!
Ghlac seisear dalta pairt i gCraobh Abair i mBéal Feirste ar an 27 Márta agus bhí duaiseanna abhaile le triúr acu!
Fuair Chloe Ní Chairáin an dara háit sa chomórtas soisearach, Iarlaith Mac Fhionghaile an dara háit sa chomórtas sinsearach agus bhí an chéad áit ag Joseph Mac Suibhne sa chomórtas céanna.
Ba iad Iseult Ní Mhathúna, Críostóir ó Márta agus Aisling Ní Shiadhail an triúr eile a ghlac pairt. Maith sibh uilig!
Seo nasc go físeán den ocáid: https://www.facebook.com/MOLSCEAL/videos/781667505534660?sfns=mo
Cailíní faoi 15 tríd go cluiche ceannais na héireann sa sacar
Bhí an bua ag cailíní Choláiste Ailigh f15 sacar in éadan Coláiste Naomh Pádraig, Crois Leacáin, Co. Mhaigh Eo. Glacann an bua seo na cailíní tríd go babhta ceannais na hÉireann don chéad uair i stair an Choláiste. Imreofar an cluiche ceannais ar an 4 Aibreáin.