All posts by Shane

Cuairt agus craic le daltaí ó Choláiste Chillian

Thug daltaí ó Choláiste  Chillian i mBaile Átha Cliath cuairt ar Choláiste Ailigh an seachtain seo ar a mbealach go Coláiste na Rosann. Chaith siad uair linn ag bualadh le daltaí na céad bliana chun cluichí a imirt agus spórt agus spraoi a bheith acu trí mhean na Gaeilge. Seo cúpla cuimhniucháin den ócáid:

Ocáid iontach ag an gcluiche idir Cláirseacha na Finne agus Óglaigh na hÉireann!

Bhí cluiche agus ocáid ar dóigh againn dé hAoine ag an gcluiche idir Cláirseacha na Finne agus Óglaigh na hÉireann. Míle buíochas do gach duine a ghlac páirt agus a chuidigh ar an lá agus ar na laethannta ag teacht suas go dtí an cluiche chun lá iontach a chruthú, idir dhaltaí, foireann BAM agus foireann uile na scoile. Ár mbuíochas do gach duine a dhíol ticéidí don ocáid agus don chranncur chun airgead a bhailiú don scoil. Míle buíochais arís. 

Seo roinnt cuimniúcháin den ocáid:

Duaiseann don chéad áit bainte amach ag scoláirí Choláiste Ailigh ag comórtas eolaíochta Scifest

Comhghairdeas Mór le Cormac Ó Maolrain agus le Seán Óbraoin a bhain duaiseann don chéad áit i gcomórtas Scifest Dé hAoine in Insitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceannain.

Bhian Cormac an duais don chéad áit ina rannóg, Eolaíocht fisiciúil, lena thionsnamh ar réalta agus an Ghrian.

Bhain Seán ó Braoin duais don tionscnamh is fearr teicneolaíochta sa chomórtas.

Comhghairdeas mór daoibh agus don Mháistreas Nic Lochlainn agus Máistir Ó Giobúin.