All posts by Shane

Diospóireacht le daltaí na Céad Bliana

Seo agaibh daltaí na céad bliana a ghlac páirt i ndíospóireacht scoile an tseachtain seo ar théama dochar úsáid idirlíne ar shláinte agus ar mheabharsláinte daoine óga. Threisigh agus chuir an díospóireacht seo leis an bplé agus obair déanta ‘sna ranganna OSPS ar shábhailteacht idirlíne agus cibearbhulaíocht.

Bua Seóléinigh ag Nicole Nic an tSionnaigh

Nicole Nic an tSionnaigh anseo ón tríú bliain a tháinig sa chéad áit i gcomórtas aonaránach seóléimnigh 1m idirscoileanna Dhún na nGall i Mhagh an tseachtain seo! Freisin bhain foireann faoi Choláiste Ailigh 1ú agus 2na háit i léimnithe 90cm agus 1m. Anseo le Nicole agus Leah Nic Aoidh ó Choláiste Ghleann na Finne. Comhghairdeas mór leat Nicole, seo an chéad uair a ghlac an scoil páirt i gcomórtas seóléimnigh agus is iontach rud teacht uaidh leis an mbua!