Comhghairdeas leis an fhoireann peil F14 gasúirí a bhain in éadan Scoil Naomh Pádraig, Dún Geanainn, inné. Tá siad tríd anois go cluiche ceathrú ceannais Uladh! Buíochas leis an Máistir Ó Fearraigh. Maith sibh!

Comhghairdeas leis an fhoireann peil F14 gasúirí a bhain in éadan Scoil Naomh Pádraig, Dún Geanainn, inné. Tá siad tríd anois go cluiche ceathrú ceannais Uladh! Buíochas leis an Máistir Ó Fearraigh. Maith sibh!

Bua ag Coláiste Ailigh!
Comhghairdeas mór le foireann f19 na gcailíní sa chispheil a bhain cluiche ceannains na hÉireann 48 – 27 in éadan Laurel Hill, Luimneach, i dTeamhlacht inné! Cluiche iontach leis an foireann uilig ag taispeáint spiorad ar dóigh agus an dian-thréanáil atá curtha isteach thar na blianta, chomh maith leis an chomhairle agus spreagadh ó chóitseálaí Linda Nic Aonghusa agus Máistir Ó Comháin le feiceáil tríd an cluiche uilig! Bua iontach don fhoireann agus don scoile! Comhghairdeas le Shannon Ní Chuinneagáin ar a mbronnadh an duais don Imritheoir is Luachmara.



Bua maith ag na gasuraí F14 inné in éadan Gairmscoil Chú Uladh. Maith sibh!

Bua ag na cailíní sa chispheile inniu i gcluiche Leathcheannais na hÉireann! 55-46 in éadan St Louis, Kiltimagh. Éacht iontach amach is amach! Comhghairdeas libh!


Foireann cispheile na gcailíní F19 tríd go babhta leathcheannais na hÉireann anois tar éis an bua a fháil ar Our Lady and St Patrick’s College Knock 47-43 agus Scoil Ghramadach an Ráth Mór, Béal Feirste 49-31. Maith sibh!

Bua eile! Inniu bhain foireann f19 sacar na ngasúirí in éadan Scoil Ríoga an Chabháin 3-2! Maith sibh!

Bua iontach ag na cailíní F19 sa pheil inniu in éadan Chlochán Loretto le scór deireadh 4-9 go 2-2! Cluiche ar dóigh! Maith sibh agus buíochas leis an Máistir Ó Maolagáin.

Comhghairdeas le foireann na gcailíní faoi 17 a tháinig ar ais ó 3-0 sa chluiche corn sacar inniu in éadan Pobalscoil Ghaoth Dobhair chun an cluiche a bhaint i rith ciceanna phionóis! Éacht iontach agus spiorad dochreidte léirithe ag an fhoireann. Anseo le Máistir Ó Comhain.

Comhghairdeas mór leis na girseacha faoi 19 a bhain cluiche ceathrú-ceannais náisiúnta cispheile inniu in Éadan Teresian School Domhnach Broc i mBaile Átha Cliath! Coláiste Ailigh abú!

Bhí lá iontach ag ceoltóirí Choláiste Ailigh inné ag réamhbhabhta Scléip Ghael Linn. Comhghairdeas leo uilig ach go háirithe le Sadhb Breathnach, buaiteoir san amhránaíocht aonair le fuaimrian taca agus leis an an dá ghrúpa, buaiteoirí na comórtais shoiséarach agus shinsearach- popghrúpa le féintionlacan. Tá siad tríd anois go babhta ceannais na h-Éireann a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath mí Feabhra. Buíochas leis an Mhaitreas Uí Thaidhg as ucht an stiúradh agus comhairle. Maith sibh!