All posts by Shane

Fáilte ó chroí roimh daltaí an chéad bhliain ag tosú linn.

Tháinig an ghrian amach chun daltaí an chéad bhliain a fáiltiú go Coláiste Ailigh. Seo iad leis an Príomhoide, Leasphríomhoide, Ceann Ranga agus Oidí Ranga: An féidir leat tú féin a aimsiú?

An Chéad Bliain úr ag tosú i gColáiste AIligh le Príomhoide Mícheál Ó Giobúin, oidí ranga Shane Ó Breacáin agus Blaine Ó Maolagáin, Leasphríomhoide Róise Nic Lochlainn agus cinn bliana Maria Nic a’Bhaird.

Ocáid lán mhothúcháin ag fágáil slán le daltaí na séú bliana – Ádh Mór Rang 2020

Bhí ócáid lán mhothúcháin againn ag fágáil slán le daltaí na séú bliana. Tá muid chomh sásta go raibh an deis againn an rang a fheiceáil i láthair na scoile arís agus an deis a bheith ag achan duine, idir daltaí, múinteoirí, tuismitheoirí agus foireann uilig na scoile, slán a fhágáil agus deireadh tréimhse scoile na ndaltaí a cheiliúradh mar is ceart.

Seo físeán den ocáid:

Ádh Mór Rang 2020 from Lifetime Video Productions on Vimeo.

Daltaí na scoile in ‘Adams Family’ sa Ghrianán

Ádh mór le daltaí uilig na scoile a bheith ar an stáitse do seó ‘The Adams Family’ le Letterkenny Musical Society an tseachtain seo chugain sa Ghrianán agus le Máistreas Uí Róis atá mar stiúrthóir. Ag tosú Dé Máirt go Sathairn 14 Márta. Ticéid ar fáil anois ag www.angrianán.com