All posts by Shane
Maidin ceolmhar leis an Chéad Bhliain!
Ní bheadh a fhios agat cén iontas ceoil a chloisfeá dá mbuailfeá isteach go dtí an seomra ceoil maidin Mháirt!
Ticéid ar fáil anois don ocáid cheiliúrtha 20 bliain in Ostán Mount Errigal.
Ticéid ar fáil anois don bhál & dinnéar ar an 27 Márta in Óstán Mount Errigal! Cuir scairt orainn nó buail isteach sa scoil chun iad a cheannach. €30 an ticéad. Bígí linn!
Daltaí Choláiste Ailigh tríd go babhta ceannais ‘Abair’
Comhghairdeas le hAisling Ní Shiadáil, Joseph Mac Suibhne agus Emma Ní Riain a ghlac páirt i réamhbhabhta ‘Abair’ i gColáiste Mhuire, Machaire Fíólta agus a bheidh sa bhabhta ceannais i Mí Aibreán. Maith sibh!
Seo agaibh padlet ar an turas go Rudolstadt!
buaiteoirí Náisiúnta ‘Dúshlán 2020’
Seo agaibh buaiteoirí ‘Dúshlán 2020- Chonradh na Gaeilge’ Pól Mac Giolla Easpaig, Eimear Ní Bhaoighill agus Méadhbh Ní Shiadháil
B’éigean don triúir 30 dúshláin a chomhlíonadh thar tréimhse 50 uair a’chloig in éadan 187 foireann eile sa Tír! Éacht iontach é an comórtas náisiúnta a bhaint – Rinne siad na dúshláin anseo sa scoil agus chomh maith leis an aitheantas tá duais €500 an duine buaite acu! Comhghairdeas mór libh!-
Iardhaltaí Conor Mc Meanman agus Joe Dunleavy ar chlár speisialta TG4!
Coinnigh súil amach fa choinne Iardhaltaí Conor Mc Meanman agus Joe Dunleavy ar chlár speisialta TG4 ‘Trasna an Líne’ Déardaoin 20 Feabhra agus 27 Feabhra 9:30i.n!
Blas de Bhuaiteoirí Náisiúnta Scléip 2020 ag tionól scoil uile:
Seo físeán den scoi ag ceiliúradh buaiteoirí Scléip 2020 agus Glee Ailigh ag casadh dúinn!
“Creative Company” TG4 an Déardaoin beag seo ag 9:30!!
Déan cinnte go mbreathnaíonn sibh ar TG4 ag 9:30 an Déardaoin seo chun Máistreas Derval Newman agus Máistir Blaine Ó Maolagáin a fheiceáil agus an clár taifeadta sa scoil anseo! #CreativeCompany #IsMuidETBDhunnanGall @TG4TV
Scoil Spóirt na Bliana Buaite ag Coláiste Ailigh!!
Bhuaigh Coláiste Ailigh an duais do Scoil Spóirt na Bliana 2020 agus gradam Réalt Spóirt Dhún na nGall ar an Aoine. Seo éacht iontach bainte amach ag an scoil agus táimid thar a bheith bródúil agus buíoch lenar imreoirí ar fad in achan ghné den spórt sa scoil agus leis na múinteoirí, tuismitheoirí agus páirtithe a ghlac na foirne agus na haonaráin spóirt chun tosaigh i mbliana agus thar na blianta. Duais speisialta le fáil agus muid i lár cheiliúradh 20 bliain ar an bhfód!