Daltaí na hIdirbhliana ó Choláiste Ailigh ag BOND sa phictiúrlann inniu! #wearedonegaletb #ismuidetbdhunnangall @CenturyCinemas
All posts by Shane
Ag ullmhú do sheachtain ‘Seas an Fód / Stand Up Awareness Week”
Seo agaibh daltaí na scoile agus iad i mbun ullmhúcháin do sheachtain “Seas an Fód / Stand up Awareness Week” atá ag tosú ar an 15 Samhain.
“Shoebox Appeal” – bailiúcháin Nollaig – Eolas anseo agus ó Mháistreás Uí Channain
Tá an ‘Christmas Shoebox appeal’ ar ais i mbliana agus tá muidne i gColáiste Ailigh ag bailiú boscaí chun cuidiú leis. Níl le déanamh ach seán bosca bróg a chlúdach le páipéar daite agus é a líonadh le bronntanais dheasa oiriúnach don aois grúpa roghnaithe. Tá na lipéadaí agus bileog eolais ar fáil ó Mháistreás Ni Chanainn.
Tuilleadh eolais: www.teamhope.ie
Spriocdháta: 21 Deireadh Fómhair
Inár seasamh lenár dteaghlaigh do 100% cúiteamh mhica
Físeáin gairid déanta ag pobal na scoile do 100% Cúiteamh Mica! Pobal Coláiste Ailigh inár seasamh le chéile lenár dteaghlaigh. Standing together with our families for 100% mica redress!!
Turas ealaíne go dtí an Ghléib
Torthaí Ardteistiméireachta den scoth!
Comhghairdeas le daltaí Ardteistiméireachta na scoile inniu ach go háirithe le hOisín Ó Fearáin a ghnóthaigh ocht A1 agus le Liam Ó Hannagáin a ghnóthaigh 625 pointe freisin! Éacht iontach!
Blas de cheardlann Samba le Seamus Devenney le daltaí ceoil na scoile!
Buíochas le Seamus Devenney as ucht an t-am agus an fonn a chur sé isteach ‘sna ceardlainn le daltaí ceoi na scoile. Féach anseo do shamplaí den rithim!
Ádh Mór le hEoghan – le feiceáil ar líne an tseachtain seo chugainn!
SCIFEST 2020
Eoghan Ó Fearáin
Beef or Leaf?
Ag comórtas áitiúil anseo i nDún na nGall bhuaigh Eoghan duais timpeallachta céad áit lena thionscnamh “Beef or Leaf”, agus ansin ag an chomórtas náisiúnta, bronnadh ceann de na príomhghradaim ar Eoghan. Mar chuid den duais sin beidh Eoghan mar ionadaí na hÉireann ar an chlár idirnáisiúnta de chuid “Broadcom MASTERS” atá ar siúl an tseachtain seo chugainn ar líne. Seo cuid de na céardlainn a rinne Eoghan i rith na seachtaine mar chuid den rannpháirtíocht: Ceardlann le NASA ó ionad spáis Ó Cinnéide, (Kennedy space center); le CERN ón Eoraip ar taighde Fisic; Ceardlann ón Marine Rescue Centre, Florida; le Institiúid Smithsonian agus ceearclann eile le na 26 scoláirí eile a fuair go ceannais Broadmasters ó 22 tír thart ar an domhain.
Guíonn muid gach rath ar Eoghan, agus níl amhras dá laghad ann ach go mbeidh sé ina shár-ambasadóir ní hamháin do Choláiste Ailigh, ach don tír ar fad.
Comhghairdeas le hEoghan, agus le múinteoir Eolaíochta Máistreás Ní Laighneach.
Seo agaibh Príomhchinnirí na Bliana seo chugain
Comhghairdeas le Pól Mac Giolla Easpaig agus Shauna Ní Uiginn a bheidh mar phríomhchinnirí an bhliain seo chugainn agus le Cathal MacGairbheith agus Aoife Ní Mhurchadha a bheidh mar leas-phríomhchinnirí, anseo le comhordaitheoir Chomhairle na nDaltaí Máistreás Ní Laighneach.