Thug ‘Apple Hill Quartet’ ó New Hampshire cuairt orainn sa scoil inné agus bhí an t-ádh linn éisteacht lena gceol iontach! Ár mbuíochas leo. Sampla anseo:
Category Archives: Ocáidí
Daidí na Nollag i gColáiste Ailigh ag Club Ailigh G!
Seo cúpla grianghraif den spraoi a bhí againn ag cóisir na Nollag club Ailigh G nuair a bhuail aoi speisialta isteach chugainn!
Scléip 2019
Comhghairdeas lenár gceoltóirí a ghlac páirt i gcomórtas Scléip 2019 sa tSraith Bán. D’éirigh le Sinead Nic a tSaoir agus Deirbhile nic Fhloinn dul tríd go dtí craobh na hÉireann! Chuaigh cór na scoile fríd chomh maith. Maith sibh! Beidh an Chraobh ar siúl in amharclann an Chlasaigh, Cluain Tarbh i mí Eanair.
Foireann sinsir na nGasúir tríd go sraith Uladh tar éis an bua ar Bhun an Phobail inniu!
Comhghairdeas le Foireann sinsir na ngasúirí atá anois imithe tríd go sraith Uladh tar éis an bhua ar Bhun an Phobail inniu! Cluiche crua theann – moladh ard tuillte agaibh as ucht an sár iarracht.
Pic le teacht
Máistir Ó Comhain sínithe suas le Glentoran!
Comhghairdeas mór leis an Máistir Ó Comhain a shínigh le club peile Glentoran inniu. Éacht mór le club mór!
Buaiteori Cluiche Ceannais an Iarthuaiscirt sa cispheil!
Comhghairdeas le foireann cispheil na girseacha a bhain cluiche ceannais an tSraith Iarthuaiscirt in éadan Gairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall i Sligeach inné 51 go 44. Maith sibh!
Cóisir Nollag Ailigh G
Seachtain Feasachta Coláiste i gColáiste Ailigh
Seachtain Feasachta Coláiste i gColáiste Ailigh: Bhí luachair orainn fáilte a chur roimh Jonathan Dé Máirt chun labhairt linn faoi Ollscoil Uladh @StudyAtUlster @UlsterUni. Dé Céadaoin bhí an t-ádh linn Jeremy Bird a fháiltiú chun a chuid eolas fairsing a riaradh le daltaí ar bith le suim acu san Eolaíocht @itsligo. Déardaoin thug muid cuairt go lá oscailte iontach eagraithe ag LyIT #lyitopenday @LYIT. Chuir muid críoch leis an tseachtain le cuid de na daltaí ón séú bliain ag labhairt le daltaí sa chéad bhliain faoin’a rogha chúrsaí agus pleananna don saol tar éis an Arteist!
Comhghairdeas Iseult – Comórtas ‘Soapbox’ i mBaile Átha Cliath!
Ghlac grúpa ón 3ú bliain agus an Idirbhliain páirt i gcomórtas náisiúnta a bhí curtha ar siúl ag Coimisiún na hEorapa ar Athrú Aeráide i Leabharlann Leitir Ceanainn ar na mallaibh. Bhí orthu óráid Soapbox a ullmhú ar an topaic “Climate Change is not my Problem”. Bhí na daltaí go léir eagraithe, paiseanta agus proifisiúnta ar an oíche. D’éirigh le daltaí Choláiste Ailigh an chéad agus dara háit a fháil sa rannóg faoi 18. Fuair Iseult Ní Mhathúna an chéad duais agus fuair Ella Ní Ghallachóir an dara duais. Mar pháirt den duais a fuair sí tugadh cuireadh do h-Iseult ionadaíocht a dhéanamh ar Dhún na nGall ag comhdháil náisiúnta ar Athrú Aeráide i gColáiste Ríoga Lianna na hÉireann. D’éirigh le Iseult an dara háit a fháil sa cómórtas náisiúnta faoi 18. Tá muid uilig mar fhoireann iomlán scoile fíor-brodúil as an iarracht a chur Iseult isteach, tá ard moladh tuillte aici.
An Máistir Mac a’Bhaird Buaiteoir Leabhar na Bliana 2019
Buaiteoir leabhar na bliana: Prionsias Mac a’Bhaird! Comhghairdeas mór leis an máistir as ucht an éacht seo!