Seo agaibh blas den mhaidin chaifé a bhí ar siúil sa scoil Dé hAoine ar son Relay for life, eagraithe ag daltaí na cúigiú bliana. Maith sibh gach duine a thug tacaíocht don chúis. #IsMuidETBDhúnnanGall #WeAreDonegalETB #RelayforLife2023






Seachtain Ghníomhach Scoileanna/Active Schools Week tosaithe anseo i gColáiste AIligh le daltaí na scoile ag déanamh babhta HIT ar maidin chun tús a chur leis an lá! Coinnigh súil i rith na seachtaine #ActiveSchoolsWeek #SeachtainGhníomhach #IsMuidEtbDhúnnanGall #WeAreDonegalETB
Daltaí na h-idirbhliana ag obair go crua taobh amuigh sa pholathollán le roinnt seachtaine ag cur glasraí agus torthaí. Tá muid ag súil go mór le toradh maith ar an bharra! #IsMuidETBDhúnnanGall










Bhí tionscnamh speisialta ceoil ar na mallaibh. Rinne muid amhrán dárbh ainm Amhrán na nGael a thaifeadeadh.
Tháinig daltaí ó Choláiste Ailigh agus daltaí Pobalscoil Ghaoth Dobhair le chéile chun ‘Amhrán na nGael’ a cheol agus a sheinm chun omós a léiriú don cheoltóir Seamús Begley, a fuair bás le deanaí. Sí Méabh Ní Bheaglaíoch, iníon Shéamus, a chum an amhráin.
Thaistil an dá scoil anonn is anall ag cleachtadh don taifeadadh agus nuair a tháinig an lá, bhí sé sóilér go raibh an obair curtha isteach.
Bealach deas a bhí ann craic cairdeas agus spraoi a bheith againn agus an Ghaeilge mar theanga chumarsáide againn. Mar a deirtear ‘beatha teanga í a labhairt’.
Tá muid an-bhuíoch de Líonra Leitir Ceanainn agus pleanáil teanga Iar thuaisceart Dhún na nGall as ucht an tacaíocht a thug siad dúinn an tionscadal seo a chuir i gcrích.
Tá muid ag iarraidh buíochas a ghabháil le Máistreas Uí Tháidhg , Máistreas Ní Bhriain agus an Mháistreas Treasa Kavanagh agus gach duine in Amharclann Ghaoth Dobhair a stúirigh an rud uilig. Seo chugaibh anois ‘Amhrán na nGael’ á ceol ag daltaí Choláiste Ailigh agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair!
Comhghairdeas le buaiteoirí chomórtas Ealaíne Cumann na dTuismitheoirí! Is é a bhí i gceist ná póstaer a dearadh agus a chruthú ag déanamh fógraíocht ar an rás 5km ar atá ag tarlúint ar an 17 Bealtaine 2023.
Is iad na buaiteoirí ná:
Kellie Ní Dhorraidhín ón Idirbhliain a bhain an chéad áit agus
Eleanor Ní Mhearrgaigh, Máire Nic Giolla Chóín agus Sienna Ní Dhaimhín a bhuaigh duaiseanna aitheantais – Maith sibh!
Comhghairdeas le achan duine a rinneadh póstaer agus buíochas leis an múinteoir Ealaíne, Maistreas Annmarie Ní Chanainn as ucht an tacaíocht agus stiúradh.






Seo agaibh Laochra na Gaeilge don téarma seo! Roghnaíodh an cúigear seo as ucht a n-iarrachtaí an teanga a chur chun tosaigh i láthair na scoile, sa chlós agus amuigh ag ócáidí seach-churaclaim. Tá duaiseanna aitheantais buaite acu uilig atá tuillte go maith acu! Seo iad ag míniú don phríomhoide, don Mháistir Ó Breacáin agus d’iardhalta agus imreoir foireann peil Dhún na nGall Jeaic Mac Ceallabhuí conas a chuireann siad an Ghaeilge chun cinn agus an tábhacht atá ag an teanga bheo dóibh féin. Maith iad Donnachadh Ó Tuairisg, Maitiú Ó hUiginn, Evan Ó Ceallaigh, Christian Ó Cuireáin Ó Daimhín agus Siné Nic Aoidh! #laochnagaeilge #IsMuidEtbDhúnnanGall


Seo agaibh foireann faoi 14.5 camógaíochta na scoile ag blitz Uladh inné. D’imir siad go hiontach amach is amach! Buíochas le Máistir Ó Dochartaigh!

Mí ádh leis an bhfoireann shinsearach peile inniu. Tá gach moladh tuillte acu as ucht an t-éacht fáil chomh fada le cluiche leathcheannais Uladh. Buíochas leis an Máistir Ó Gallchóir a thug stiúradh, am agus inspioráid don fhoireann.

Mar eolas, seo teachtaireach ón eagras ‘Cycle Against Suicide’. Nasc zoom: https://cycleagainstsuicide.com/parent-talks/
