All posts by Shane

Cuairteoirí Ó Rudolstadt

Bhí áthas ar Choláiste Ailigh cuairt a fháil ó Mhéara an bhaile Rudolstadt sa Ghearmáin, Jörg Reichl, maidin Dé Luain..

Phléigh sé féin agus ár bpríomhoide na cosúlachtaí idir ár mbailte – Rudolstadt agus Leitir Ceanainn, ár gcóras oideachais agus faoi na deiseanna a sholáthraíonn dlúth-chomhoibriú idir ár scoil agus an Schillerschule i Rudolstadt. Chuir Coláiste Ailigh fáilte ansin roimh deichniúr dalta ón Schillerschule maidin Mháirt atá ag fanacht linn go dtí an Domhnach an tseachtain seo.

Sa phictiúr anseo tá Seán Mac Suibhne, Príomhoide, Siobhán Goppert, Múinteoir Gearmáinise agus Gaeilge agus Méara Rudolstadt, Jorg Reichl. (in easnamh ón phictiúr inniu: Una Ní Bhriain, Múinteoir Gearmáinise eile sa scoil)

Chomh maith le sin, seo cúpla grianghraif de chuid de na himeachtaí atá déanta acu i dteannta daltaí na scoile go dtí seo.

#ismuidetbdhunnangall#WeAreDonegalETB

Ranganna Gaeilge ar fáil:

Beidh ranganna ar leibhéil éagsúla ag tosú le Líonra Leitir Ceanainn gan mhoill – i rith an lae agus um thráthnóna. Is féidir clárú ag an nasc thíos nó teagmháil a dhéanamh linn ar 086 0136579 pobal@lionralc.ie chun tuilleadh eolais a fháil.

https://forms.gle/PDEe9FE2t7ngcEQs7

Irish classes at various levels, during the day and in the evening will be starting soon with Líonra Leitir Ceanainn. You can register at the link above or contact us 086 0136579 pobal@lionralc.ie for more information.

Searmanais Bronnta na nGradam 2023

Is é, gan amhras, ceann de na hócáidí is taitneamhacha agus suntasacha atá againn sa scoilbhliain ná an deis seo éachtaí agus iarrachtaí ár ndaltaí a cheiliúradh. Buíochas mór lenár Aoi Chainteoir don searmanas, Michelle Nic Grianna ó Radio na Gaeltachta agus do aíonna Iar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ETB Seán Ó Loingeán, Ceann Choláiste ATU Dhún na nGall Paul Hannigan agus iarphríomhoide na scoile Mícheál Ó Giobúin. Seo agaibh grianghraif de na gradaim bronnta:

Buaiteorí duaiseanna 1d áit ag Scifest!

Comhghairdeas mór lenar daltaí ón chéad bhliain a bhain dhá phríomh duaiseanna ag comórtas Scifest ATU inné! Bhain Megan Ní Bheirn, Róise Ní Bhaoill agus Síomha Nic Sheáin duais matamaitice an chomórtais agus ghlac
Saoirse Ní Ghallachóir, Sienna Ní Dhaimhín agus Aimee Ní Chaoinnealbháin an duais don rannóg Fisice a bhaile leo. Éacht mór – Maith sibh! #WeAreDonegalETB #IsMuidETBDhúnnanGall #SciFest