All posts by Shane

Filí na Scoile i MBaile Átha Cliath!

Ghlac daltaí ón chéad, dara agus triú bliain páirt agus roghnaíodh cearthar le páirt a ghlacadh sa chomórtas naisiúnta Guth na hÉigse, comórtas filíochta a bhí a reachtáil ag IMRAM don chéad uair ariamh i mbliana (cosúil le Poetry Aloud sa Bhéarla). Bhí an comórtas in Amharclann Smock Alley I mBÁC.  Bhí Jason Ó Maoláin agus Pádraig Mac Giilla Choinn roghnaíthe ón triú bliain, agus Sinéad NicMeanman agus Sophie Ní Fhearraigh ón chéad bhliain. Ar an drochuair ní raibh Sophie nó Pádraig abálta páirt a ghlacadh. Rinne Jason agus Sinéad sár obair ar an lá agus d’éirigh le Jason an dara háit a bhaint amach i rannóg na sóiséar. Comhghairdeas le Jason agus le gach duine a ghlac páirt ann. Bhí lá ar dóigh acu i mBÁC inné! Buíochas le Máistir Ó Gallachóir, Máistreas Uí Thaidhg agus Máistreas Uí Bhriain as ucht an treoir agus tacaíocht a thug siad.

Peil F20 na ngirseacha

Mí adh le na girseacha F20 a chaill in eadan Loreto Leitir Ceanainn inniu tar éis cluiche ar dóigh. Ádh mór anois chuig Loreto Leitir Ceanainn sa chluiche ceathrú ceannais in Uladh.