Seo agaibh Laochra na Gaeilge don téarma seo! Roghnaíodh an cúigear seo as ucht a n-iarrachtaí an teanga a chur chun tosaigh i láthair na scoile, sa chlós agus amuigh ag ócáidí seach-churaclaim. Tá duaiseanna aitheantais buaite acu uilig atá tuillte go maith acu! Seo iad ag míniú don phríomhoide, don Mháistir Ó Breacáin agus d’iardhalta agus imreoir foireann peil Dhún na nGall Jeaic Mac Ceallabhuí conas a chuireann siad an Ghaeilge chun cinn agus an tábhacht atá ag an teanga bheo dóibh féin. Maith iad Donnachadh Ó Tuairisg, Maitiú Ó hUiginn, Evan Ó Ceallaigh, Christian Ó Cuireáin Ó Daimhín agus Siné Nic Aoidh! #laochnagaeilge #IsMuidEtbDhúnnanGall
![](http://colaisteailigh.ie/wp-content/uploads/2023/03/20230323-Laochra-na-Gaeilge-ag-miniu-1024x771.jpeg)
![](http://colaisteailigh.ie/wp-content/uploads/2023/03/20230323-Laochra-na-Gaeilge-1024x819.jpg)