Girseachaí na hIdirbhliana ag imirt camógaíochta i rith Seachtain na Gaeilge le cuidiú ón ár gcairde ó St. Louis! Maith sibh Cate Gventher, Eliza Kelly agus Lucy Givuta! We are sorry our American friends won’t be here for the blitz in April but great sport today playing camogie together! Ár mbuíochas le ATU Leitir Ceanainn, Camogie Ireland, Máistir Ó Dochartaigh agus Lisa Uí Shiadhail as a dtacaíocht!
Mar chuid de cheiliúeadh Sheachtain na Gaeilge, thug an chéad bhliain cuairt ar an bpictiúrlann chun féachaint ar Róise & Frank . Bhain siad go léir taitneamh as 🍿🥤 #ismuidetbdhunnangall #snag24
Ceolchoirm Galánta ag teannadh orainn i rith Seachtain na Gaeilge. 17 dalta ó Choláiste Ailigh ag glacadh páirt ar an lá. Cead isteach saor in aisce. #SeachtainNaGaeilge #ismuidetbdhunnangall
Seo againn Seachtain na Gaeilge!! Chun tús a chur leis an tseachtain, seo agaibh nach do phodchraoladh atá tosaithe ag daltaí na hIdirbhliana i dteannta Líonra Leitir Ceanainn, Pod na Móna!
Seachtain 1
Beidh míreanna faoi fhocail nach bhfuil in úsáid níos mó, agallamh le bainisteoir an fhoireann pheil shinsearach, píosa ceoil ó na láithreoirí agus a bhfad níos mó! #SeachtainNaGaeilge #ismuidetbdhunnangall
Comhghairdeas mór le na girseachaí ón 5 bliain a bhain an chéad áit amach sa chomórtas naisiúnta Dúshlán inniu. Bhí breis is 200 foireann sa chomórtas. Éacht ar dóigh. Maith sibh… Kellie Ní Dhorráidhín, Caitlín Nic an Fhleastar agus Riann Ní Shirideáin (Na Gaeil Ailigh). Bhuaigh siad €900. #ismuidetbdhunnangall#WeAreDonegalETB#dushlán
Bhuaigh Gráinne Ní Chuinneagáin ón chéad bhliain an *chéad ait* i gcomórtas filíochta ar fud na tíre. Comhghairdeas Gráinne! Beidh na dánta seo a fhoilsiú i Leabhrán Náisiúnta Comórtas Scríobh Dán a sheolfar ag na Dámhachtainí Náisiúnta Scríobh Dán/Léamh Maith i mí Aibreáin. Táimid go léir bródúil as Gráinne. ‘Tales Ignite’ a thugtar ar dhán Gráinne agus is mór an t-áthas é a léamh.
Seo sliocht as an dán …
In the vast blue expanse, where dreams take flight,
Míle buíochas do gach duine a thug bia isteach don bailiúchán bia Nollag a bhí eagraithe ag an 6ú bl le déanaí do Banc Bia Leitir Ceanainn. #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB
Blas den lá ar dóigh a bhí ag daltaí na hIdirbhliana inné i mBéal Feirste, áit a thug siad cuairt ar Mhargadh na Nollag agus a ndeachaidh siad ag scátáil. Mar a fheictear, bhain siad sult mhór as an lá!