Bhuaigh Gráinne Ní Chuinneagáin ón chéad bhliain an *chéad ait* i gcomórtas filíochta ar fud na tíre. Comhghairdeas Gráinne! Beidh na dánta seo a fhoilsiú i Leabhrán Náisiúnta Comórtas Scríobh Dán a sheolfar ag na Dámhachtainí Náisiúnta Scríobh Dán/Léamh Maith i mí Aibreáin. Táimid go léir bródúil as Gráinne. ‘Tales Ignite’ a thugtar ar dhán Gráinne agus is mór an t-áthas é a léamh.
Seo sliocht as an dán …
In the vast blue expanse, where dreams take flight,
Míle buíochas do gach duine a thug bia isteach don bailiúchán bia Nollag a bhí eagraithe ag an 6ú bl le déanaí do Banc Bia Leitir Ceanainn. #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB
Blas den lá ar dóigh a bhí ag daltaí na hIdirbhliana inné i mBéal Feirste, áit a thug siad cuairt ar Mhargadh na Nollag agus a ndeachaidh siad ag scátáil. Mar a fheictear, bhain siad sult mhór as an lá!
Comhghairdeas mór le Siubhán Ní Dhomhnaill atá tar éis Gradam Scoláire a ghnóthú ó DCU.
Tugann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath aitheantas do mhic léinn ardghnóthachtála atá ag teacht isteach san ollscoil.
Bhronn gach roinn roinnt Gradam Scoláirí ar dhaltaí na gcéad bliana a bhain na pointí is airde amach san Ardteistiméireacht, mar aitheantas ar a ngnóthachtálacha acadúla go dtí seo, agus tá lúcháir agus bród orainn go raibh ár n-iardhalta Siubhán roghnaithe don ghradam. #ismuidetbdhunnangall#WeAreDonegalETB
Buíochas mór le Bairbre Ní Chathaill ó Líonra Leitir Ceanainn a d’eagraigh turas oideachasúil, spreagúil agus suimiúil do dhaltaí na hIdirbhliana go Béal Feirste. Bhain na daltaí an-tairbhe as an stair, na gníomhaíochtaí agus an t-eolas ar a bhfuil ag tarlúint i mBéal Feirste chun an teanga a chur chun tosaigh. Bhí an lá mar inspioráid dóibh uilig agus níl amhras ach go gcuirfidh sé go mór leis an nasc idir Ghaelphobal Béal Feirste agus Leitir Ceanainn.
Ceartaí teanga. Conchur ó Luadaigh Mooney – Conrad’s na Gaeilge. An Dream Dearg.