Turas IB go Béal Feirste le Líonra Leitir Ceanainn

Buíochas mór le Bairbre Ní Chathaill ó Líonra Leitir Ceanainn a d’eagraigh turas oideachasúil, spreagúil agus suimiúil do dhaltaí na hIdirbhliana go Béal Feirste. Bhain na daltaí an-tairbhe as an stair, na gníomhaíochtaí agus an t-eolas ar a bhfuil ag tarlúint i mBéal Feirste chun an teanga a chur chun tosaigh. Bhí an lá mar inspioráid dóibh uilig agus níl amhras ach go gcuirfidh sé go mór leis an nasc idir Ghaelphobal Béal Feirste agus Leitir Ceanainn.