Ceardlann Gaeilge le Gearóidín Breathnach inniu, le grúpaí ón 1d,2ra,3 Bliain. Bhain na daltaí an-sult as na sean scéaltaí ‘saici. Buíochas mór do Líonra Leitir Ceanainn as an deis iontach seo a chur ar fáil do na daltaí.
All posts by Shane
Seachtain na Matamaitice 2023!
Seo sampla de na himeachtaí a bhí ar siúl sa scoil thar Seachtain na Mata an tseachtain seo. Idir chomórtais, cluichí agus tráth na gceist bhí an-spraoi againn!
#mathsweek #seachtainmhata #hiddenfigures #quiz #maths #mata #ismuidetbdhunnangall #gaeilge #gaeloideachas
Ceoltóirí Canóla – Buaiteoirí! Éist leo anseo!
Ar an Satharn 7 Deireadh Fómhair, thaistil ceathrar daltaí meánscoile ó Dhún na nGall go Cill Áirne chun freastal ar a gcéad Fhéile Idirnáisiúnta Amhránaíochta de chuid Chumann na mBearbóirí. Is ansin a ghlac siad an stáitse don chéad uair mar cheathairéad agus iad ag súil cáiliú le dul san iomaíocht i gCathair Nua-Eabhrac an Eanáir seo chugainn. Canann Sine hAoda, Sadbh Breathnach (Colaiste Ailigh), Katie Coyle (Loreto Leitir Ceanainn), agus Alice OConnor (Loreto Milford) go léir le Cór na mBan Óg Danú, agus is ceoltóirí, aisteoirí, agus ceannairí pobail gníomhacha iad ar fad ina gceart féin ach le chéile is Ceoltóirí Canóla iad!
Tar éis dóibh maidin lán a chaitheamh ag breathnú ar cheathairéid agus curfá siopa borb bhí siad ag súil go himníoch lena seal chun an stáitse a ghlacadh. Nuair a rinne siad bhain siad lántairbhe as an deis a bhí acu! Ag gnóthú an scór ab airde i gcomórtas iomlán na n-óg (25 agus faoi) bhain siad an chéad duais agus bhí an-chraic acu! Tháinig na rannpháirtithe, na breithiúna agus an lucht éisteachta araon faoi uisce chun tuilleadh eolais a fháil agus comhghairdeas a dhéanamh le ‘na cailíní ó Dhún na nGall’!
Bricfeasta ar Lá na dTeangacha Eorpacha
Chuir ranganna Fraincise na chéad bhliana bricfeasta Fraincise ar fáil do rang Gearmáinise na chéad bhliana inniu chun Lá na dTeangacha Eorpacha a cheiliúradh! Délicieux!
Oíche Oscailte 11/10/2023
Buail isteach linn agus faigh blas den scoil ag an oíche oscailte Dé Ceadaoin 11 Deireadh Fómhair ag 6:30 i.n.
#oicheoscailte #ismuidetbdhunnangall #WeAreDonegalETB
Blitz Camógaíochta
Foireann Camógaí F16 Choláiste Ailigh ag blitz Dhún na nGall inniu. Lá ar dóigh! GRMA Coláistì Bhun Cranncha, Coláiste Na Rosann, agus Pobalscoil Carn Domhnaigh. Buíochas leis an Máistir Ó Dochartaigh.
Cuairteoirí Ó Rudolstadt
Bhí áthas ar Choláiste Ailigh cuairt a fháil ó Mhéara an bhaile Rudolstadt sa Ghearmáin, Jörg Reichl, maidin Dé Luain..
Phléigh sé féin agus ár bpríomhoide na cosúlachtaí idir ár mbailte – Rudolstadt agus Leitir Ceanainn, ár gcóras oideachais agus faoi na deiseanna a sholáthraíonn dlúth-chomhoibriú idir ár scoil agus an Schillerschule i Rudolstadt. Chuir Coláiste Ailigh fáilte ansin roimh deichniúr dalta ón Schillerschule maidin Mháirt atá ag fanacht linn go dtí an Domhnach an tseachtain seo.
Sa phictiúr anseo tá Seán Mac Suibhne, Príomhoide, Siobhán Goppert, Múinteoir Gearmáinise agus Gaeilge agus Méara Rudolstadt, Jorg Reichl. (in easnamh ón phictiúr inniu: Una Ní Bhriain, Múinteoir Gearmáinise eile sa scoil)
Chomh maith le sin, seo cúpla grianghraif de chuid de na himeachtaí atá déanta acu i dteannta daltaí na scoile go dtí seo.
#ismuidetbdhunnangall#WeAreDonegalETB
Siansa Samhna’ – Sábháil an dáta – 24&25 DF
Cleachtadh faoi lán seoil i gColáiste Ailigh do Seó na Scoile ‘Siansa Samhna’. Sábháil an dáta -24/25 Deireadh Fómhair/October!!! Ticéid ar díol anois ag www.angrianan.com #IsMuidEtbDhunnanGall #WeAreDonegalEtb
Ranganna Gaeilge ar fáil:
Beidh ranganna ar leibhéil éagsúla ag tosú le Líonra Leitir Ceanainn gan mhoill – i rith an lae agus um thráthnóna. Is féidir clárú ag an nasc thíos nó teagmháil a dhéanamh linn ar 086 0136579 pobal@lionralc.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
https://forms.gle/PDEe9FE2t7ngcEQs7
Irish classes at various levels, during the day and in the evening will be starting soon with Líonra Leitir Ceanainn. You can register at the link above or contact us 086 0136579 pobal@lionralc.ie for more information.
Fáilte mhór roimh dhaltaí na chéad bhliana ar a gcéad lá linn inniu
Fáilte mhór roimh dhaltaí na chéad bhliana ar a gcéad lá linn inniu i Coláiste Ailigh – le Príomhoide Seán Mac Suibhne, Leas Phríomhoide Rósa Nic Lochlainn, bliainmhúinteoir Máistreás Uí Ghallachóir agus oidí ranga Máistreas Sadler agus Máistir Ó Maolagáin. #IsMuidEtbDhunnanGall