Bhuaigh Coláiste Ailigh an duais do Scoil Spóirt na Bliana 2020 agus gradam Réalt Spóirt Dhún na nGall ar an Aoine. Seo éacht iontach bainte amach ag an scoil agus táimid thar a bheith bródúil agus buíoch lenar imreoirí ar fad in achan ghné den spórt sa scoil agus leis na múinteoirí, tuismitheoirí agus páirtithe a ghlac na foirne agus na haonaráin spóirt chun tosaigh i mbliana agus thar na blianta. Duais speisialta le fáil agus muid i lár cheiliúradh 20 bliain ar an bhfód!
All posts by Shane
Buaiteoirí sa sacar idir ghasúr agus girseach!
Bhí 2 bua ag foirne sacair Choláiste Ailigh inniu: Bhain gasúirí a gcluiche faoi 15 agus bhain cailíní F17 cluiche ceannais Uladh! Comhghairdeas libh uilig!
Foireann CA faoi 15 i ndiaidh an bua thar Finn Valley College . 4-0 iar aghaidh go cluiche leath cheannais Uladh anois!
Coraidh na hÉireann!! Scléip 2020!!
Coraidh na hÉireann!! Scléip 2020 buaite ag Cór Ailigh! 20 bliain ag fás.
20 bonn óir.
Ceann amháin d’achan bhliain d’ár n-aistear! Maith sibh agus buíochas mór leis an Máistreas Ní Bhriain agus an Máistreas Uí Thaidhg!!
Bailiúchán Éide maidin Mháirt den tseachtain seo chugainn – lá gan éidí scoile
Beidh lá gan éide scoile againn ar an Mháirt, agus in áit €2 a thógáil isteach, iarrtar ar achan dalta mala sean éide a thógáil isteach (sna malaí a fuair sibh uilig an tseachtain seo caite). Tá malaí sa bhreis san oifig má tá thuilleadh de dhíth ar aon dalta.
Gasúirí F20 tríd go cluiche ceannais sa chispheil!
Comhghairdeas le foireann F20 na ngasúirí sa chispheil a bhain ar Phobalscoil na nGallóglach inné. Tá siad tríd anois go babhta ceannais an Chondae. Áth mór libh!
Ár mbuíochas le baill den Bhord Bainistíochta
Ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil leis na baill de Bhord Bainistíochta na scoile don tréimhse seo thart. Seo grianghraif de bhronnadh déanta le déanaí mar chomhartha buíochais:
Comhghairdeas le foireann F15 na gcailíní atá tríd go babhta Ceannais Uladh!
Comhghairdeas mór le foireann na gcailíní a bhain ar Phobalscoil na Rosáin inniu i gcluiche leathcheannais Uladh. Tá siad trí go babhta ceannais Uladh anois – éacht mór! Áth mór libh a ghirseacha!
Griangraif le teacht.